Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

luch poll (7)

 
Ba é an lá ba mheasa é a chonaic mé ariamh. Ní ligfeadh sé luch as poll ná diabhal as ifreann. Bhí mé do mo chaidhleadh le báistigh, agus gan fiú is an cóta mór fhéin orm.
 
amach
Ná bac lena dhul amach inniu! Ní ligfeadh sé luch as poll ná diabhal as ifreann! — níl aon mhaith bheith ag caint faoi a dhul ag obair inniu. Tá an bháisteach an-trom.
 
D'fhéadfá lá fearthainne agus feothain a thabhairt air. Ní ligfeadh an lá céanna luch as poll ná diabhal as ifreann. Ba daor a cheannaigh mise an lá sin
 
fiú
Is fiú ór an aimsir atá anois ann thar mar a bhí sí le mí. Níor tháinig aon lá ón Nollaig a ligfeadh luch as poll ná diabhal as ifreann
 
Níl múr ar bith is deannachtaí ná an múirín gréine ar ndóigh. "An múirín gréine an múirín is déine," adeir siad. Caitheann sé an bháisteach an-leatromach amach sa samhradh. Bheadh ráig dheannachtach anseo, agus dheamhan is móide deoir ar bith b'fhéidir a bheadh thiar ar an gC. Bhí mé ag teacht anuas le fána Cnoc Bh. lá. Tháinig sé ina bháistigh orm. Tabhair báisteach uirthi: ní ligfeadh sí luch as poll ná diabhal as ifreann. Chuaigh mé ag tóraíocht foscaidh. Mo chreach an foscadh ansiúd. Ach mar sin féin, shúigh mé mé féin isteach in áit eicínt go liginn tharam é. Bhí mé ag breathnú síos ar mhuintir Bh. ag obair ar na portaigh i nG. na B. Leathnaigh m'amharc orm. Nuair ba déine a bhí sé ag cur san áit a raibh mise, bhí siadsan ag obair thíos ar na portaigh. Dheamhan an sileadh a chaith sé ann ach ina scaladh gréine, théis gur gearr óna chéile an dá áit. Ní fhaca mé ariamh in mo shaol sílim báisteach tí (ní) ba deannachtaí ná a chonaic mé an lá sin
 
díle 1
Chaith sé díle anseo muise. Ní ligfeadh sí luch as poll ná diabhal as ifreann, bhí sí chomh gártha sin tamall. Ach ní raibh inti ach drochráig ina dhiaidh sin. Agus deir tú nach raibh sí sin agaibhse chor ar bith. Bíonn sí leatromach an t-am seo i gcónaí
 
dóirt
An bhfuil sé ag báisteach … Tá sé ag dórtadh. Ní ligfeadh sí luch as poll ná diabhal as ifreann a dhuine sin