Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

ortha (17)

 
Diabhal an féidir go bpósfadh sí an frídeoir sin. A leithide de bhunán (bhuinneán) de bhean bhreá. Ar ndóigh thabharfadh sí léithe ina naprún é. Chuir sé ortha an dul amú ceart di, chuir sin
 
iarr
"Ortha a chuir Peadar do Phól; ortha gan iarraidh gan achainí" (sliocht as Ortha na nDaitheachaí Fiacal)
 
fuil 1
Cuir Ortha an Choisceadh Fola dhó — ortha a chuirtear le rith fola a stopadh; nó urlacan fola
+
An bhfuil Ortha na nDaitheachaí Fiacal agat? Chuir M. C. dhom cheana í, agus dar fia fuair mé biseach lena linn
TUILLEADH (2) ▼
"Shuigh Peadar ar leac leathan abhann (dhomhain?). Tháinig Críost os a chionn. 'Céard atá ort a Pheadair?' 'Ó a Thiarna, m'fhiacail atá tinn.' 'Éirigh a Pheadair agus bí slán; ní thusa amháin ach a maireann beo. Coinnigh an ortha seo (in) do cheann, agus ní bheidh daigh fhiacal ort aríst go deo'" (sin leagan amháin ar Ortha na nDaitheachaí Fiacal)
Is cosúil gurb eo ortha mhagúil: "Ortha a chuir Ún (Eon?) do Dhiarmaid; ortha gan iarraidh gan achainí: cúlfhiacail, clárfhiacail, fiacail fhada cham, agus má tá daitheachaí ort nár fhana fiacail in do cheann"
+
daigh
Ní bheadh ortha na ndaitheachaí fiacla agat? Tá mé in ainriocht ag daitheachaí
TUILLEADH (1) ▼
Bhíodh daitheachaí ormsa nó gur chuir M. C. an ortha dhom, ach dheamhan daigh (/dɛ̄/) a d'airigh mé ó shin, míle moladh le Dia
+
dearmad 1
Tabharfaidh mé ortha an dearmaid in aisce duit mura lige tú dhom (fc. ortha)
TUILLEADH (1) ▼
Chuir sé ortha an dearmaid dom (fc. ortha)
 
"Ortha a chuir Úna do Dhiarmaid; ortha gan iarraidh gan achainí: cúlfhiacail, clárfhiacail, fiacail fhada cham; Agus má tá daitheachaí fiacla ort, nár fhana fiacail in do cheann" (leagan ar ortha na ndaitheachaí fiacal. Níl a fhios cé hé an Diarmaid atá i gceist ann. Naomh eicínt is dóigh. Peadar atá i leagan eile)
+
dul
Chuir sé ortha an dul amú ceart duit (fc. ortha)
TUILLEADH (1) ▼
Tá ortha an dul amú aige sin — duine a bheadh in ann dallach dubh a chur ar dhaoine eile, a gcur dhá dtreoir, a mealladh, cluain a chur ar chailíní srl.
 
1
Ortha an dó — ortha adeirtear le dó a leigheas. Is iomaí leagan uirthi: "Labhrás Aspal, Mícheál Ardaingeal, Muire agus Dia, baintear an ghangaid amach as sin" (as an dó)
 
dóigh 1
D'fhéach sé chuile ortha — dóigh agus athdhóigh — le cluain a chur ar an mbean, ach thug T. J. uaidh í ina dhiaidh sin agus uileag. Shaothraigh chaon duine acu go maith í — shaothraigh sin. Ach níorbh fhiú an tairbhe an trioblóid. Níl aon straoill de bhean ag teacht isteach ag an bpobal is mó ná í inniu, ainneoin an giodam a bhí fúithi agus í ina cailín óg
+
Níl caoi ar bith anois ab fhearr le dul di ná a rá go raibh T. ag cur a tuairisc. Mura dtuga sin ann í, níl a fhios agam féin cén súisín é. Níl aon ortha eile in ann a tabhairt ann ar aon chor
TUILLEADH (1) ▼
Tá ortha an dul amú ceart aige sin. Murach go ndeachaigh sé di go stuama, ní chuirfeadh sé an chluain choíchin uirthi. Ba deacair í sin a bhearradh deirimse leat