Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

scéal (100+)

 
"An raibh tú sa nGréig nó an bhfuil aon scéal agat ón Spáinn; Nó ab iad na céadéaga a chuir "écliops" (éaglam?) isteach in do cheann" (As amhrán a rinneadh sa Lochán Beag, An Cnoc, tuilleadh agus céad bliain ó shin)
 
Is beag atá idir dhá scéal aige sin — tá sé luathintinneach, teagann malrait intinne dhó an-éasca; tugann sé áthas ar bhrón, nó an bharúil seo ar an mbarúil siúd go rísciobtha
+
dáimh
Ha muise, is dual dáimhe agus daoine dhó a bheith drochmhúinte. Ar ndóigh dhá dtéadh sé le Clainn Mhac Chonfhaola, ní bheadh léamh ná inseacht scéil air
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon mhaith dhuit a bheith ag caint mar sin. Níl gaol dáimhe ná dúchais ag an rud sin leis an scéal ar ball. Scéal ann féin é sin. Níl an government ná dream ar bith eile in ann tada a dhéanamh faoi sin, nó go ndéana na daoine fhéin é
 
Ar chuala tú ariamh an scéal faoin sagart agus faoin mbuachaill. Tháinig an buachaill isteach agus é ina líbín. 'Tá sé ag báisteach go daingean,' adeir an sagart. 'Tá, agus deich míle taobh thiar de Dhaingean,' adeir an buachaill, 'mar tá mise théis a theacht as ar mo chapall anois' (Magadh focal atá sa scéal seo. Is áit i gConamara é an Daingean. Tá sé idir Eanach Mheáin agus Paróiste an Chillín. Tá eolas ar an scéal seo ar an Achréidh freisin ach daighean adeirtear i leaba daingean)
+
dairt
Bheadh an scéal ceart go leor dá mbeifí taobh le dairteachaí a chaitheamh, ach seachain nár caitheadh clocha freisin. Ní thrustfainn A. Ní miste leis sin sa gcat mara é, ach duine eicínt a dhonú. Streille gáire a chuirfeas sé air fhéin ansin. Is olc na gnaithí atá ar dhream ar bith a thiocfas i gcleithiúnas a dhul ag déanamh spóirt san áit a mbeidh sé sin
TUILLEADH (6) ▼
T. Sh. a bhí bonn ar aon leis, a bhuail de dhairt é. Bhí mé féin ag cinnireacht an chapaill ina ndiaidh aniar. Fios rúin ná soiscéil ní raibh agam féin, go raibh sé i ngreim muiníl ionam. An faitíos is mó a bhí orm go scéinfeadh an capall. Murach sin, dheamhan ar mhiste liomsa dhá mbeadh sé ag míoladóireacht go maidin liom. Bhí foghairt ina shúil a mhic ó mo chroí thú. Is maith an scéal gur beag é a dhícheall. Ná bac le go gcreidfeadh sé nach mise a chaith an dairt. Ba bheag an baol air
Tá caint an-chrua i scéal atá ag M. C. Níl in Argóinteacht Oisín agus Phádraig ach caitheamh dairteachaí lena ais. Ní thuigfeá cuid den chaint siúd beag ná mór. Seanliagáistí móra atá ag an gC.
Bhí sé ag baint dairteacha ag an scéal — bhí sé ag baint fóideogaí ag an scéal nó ag baint spreabannaí ag an scéal; ag tarraingt an scéil anuas; ag trácht ar rudaí ar dhóigh dóibh an scéal nó an cheist a thabhairt ar chlár na himeartha; ag stócáil, ag téisclim, nó ag réiteach an bhealaigh don scéal nó don cheist
Tharraing sé anuas aonach na Gaillimhe. Dúirt sé go raibh an-imeacht ar chaoirigh, agus go mb'fhiú cion a bheith orthu anois. 'Sé an chaoi a raibh sé ag baint dairteachaí ag an scéal eile: ag súil go dtairgfeadh S. na moilt siúd a cheannacht aríst uaidh. Ligfeadh sé uaidh anois iad ar an méid a thairg sé dhó mí ó shin
Ní raibh sé ach ag baint dairteachaí ag an scéal eile: ag tabhairt leidí uaidh faoi na portaigh, ag ceapadh go dtarraingeofaí anuas an mhóin. Is beag dá chuid cluanaíochta sin é deirimse leat. Ní bheadh Rí na Méaracán suas leis
Deir tú leis a chaith coraintín istigh anseo inniu. Níor tharraing sé anuas agam faoin mbealadh díreach ach bhí sé ag baint dairteachaí aige. Dhá gcloistheá an chaoi a raibh sé ag teacht timpeall ar an scéal. 'Leag mé bosca bealadh a bhí le a chur ar an gcarr inniu isteach ar chorr an drisiúir aréir. Níor fhága mé míor meacan den teach gan chuartú ar maidin agus chinn orm é a fháil. Dúirt B. nár chorraigh sí féin é. Agus níor goideadh é, mar 'sé sin an fáth, ní raibh aon duine istigh ó mhaidin ach tusa agus M. agus níor ghoid ceachtar agaibhse é.' Tá amhras aige orainn, ach ní abródh sé ina dhiaidh sin é. Fágfaidh mé thíos anois aige é san oíche amárach. Leagfaidh mé san áit chéanna ar chorr an drisiúir é agus mé ag imeacht ó chuairt
 
dall 2
Ní raibh aon ghair agamsa tada a rá. Bhí mise dall críochnaithe ar an scéal. Ní raibh a fhios agam ó fhlaithis Dé cé faoi a raibh sé ag caint
 
M'anam muise gur fear é atá ag ritheach ar thanaíochan. Má bhuaileann sí siúd sciorta den dallach dubh air, go mbeidh scéal aige air.
 
dálta
A dhálta sin, chonaic mise fear anseo — D. a bhí ansin thoir — agus ní bheadh scéal instithe (/iɴ′št′ī/: insithe) aige oíche airneáin. Thosódh sé ar scéal, agus ba ghearr go mba scéal eili é, agus ní chuimhneodh sé ar an scéal tosaigh chor ar bith ansin (ó Sheán Ó Beáin, An Carn Mór, Baile Chláir: bhí mé ag cur caoi dhó ar fhear a bheadh ag dul anonn is anall le scéal agus dúirt sé é sin; mar dhóigh dhe go raibh aithne aige fhéin ar fhear a bhí ar an gcóir chéanna)
 
damba
Bhí S. Mh. N. ag rá liom go bhfaca sé damba ar abhainn i Meiriceá agus go mba hairde a bharr ná speiricín na J. i nGaillimh. An gcreidfeása an scéal sin. Ní chreidfinnse ar chaoi ar bith. Sílim gur do mo dhalladh le bréaga a bhí an ceann céanna. Chonaic sé rudaí i Meiriceá nach bhfaca duine ar bith, agus a liachtaí sin duine sa tír a shiúil chomh fada leis i Meiriceá
 
Dhamhnódh an ceann céanna thú le caint agus cabaireacht. Dheamhan iamh a theagas ar a béal ó mhaidin go faoithin ach ina claibín muilinn mar sin ag síor-rá léithe. Ach cá bhfágfadh sí é ach an oiread le scéal
+
dán
Tá dánta agus amhráin agus scéalta aige
TUILLEADH (6) ▼
Níl scéal ná dán agam
Siúd é a mbeidh a chuid cainte ag teacht le dán. Nach é atá in ann an craiceann a chur ar scéal!
Ní raibh sé ariamh ar dhánta na talúna aon chur is fhearr a d'íocfadh duine ná an bheet sin, ach cén mhaith sin nuair nach bhfuil aon talamh ag na daoine lena cur. Tá bláthannaí agus beatha muc agus beithíoch uirthi; ní ídíonn sí an talamh mar a ghníos an chruithneacht; agus dar príosta tá sí ag dul airgead mór. Tiocfaidh an lorry isteach ag an gclaí agat lena hardú uait. 'Sé an scéal é, tá an tír seo buailte ar chuile chaoi ina dhiaidh sin
'Sé an chaoi a bhfuil an scéal sin má éiríonn rud duit le do chiontsiocair nó le do chionfaillí féin, ní raibh ann ach go raibh sé i ndán duit. Sin caint ar sraith adéarfainnse. Chonaic mé lao le T. Mh. anseo thuas dhá chailleadh le buinneach anuraidh. Ón lá ar bhuail sí é, go dtí an lá ar thug sí léithe é, dheamhan thiomanta purgóid ná buidéal a thug an fear sin don lao sin, ná go fiú is a chur ar mhalrait féir ní dhéanfadh sé. Bhí mé féin agus é féin ansin thuas chois an chlaí ag breathnú air ag fáil bháis. 'Ní raibh aon dán éirí dhó,' adeir sé. 'Séard a bhí le déanamh leat,' adeirimse, 'chúig bhliana príosúin a dhul ort'
Má bhí i ndán is go raibh an scéal sin amhlaidh, is iontas é nár chuala muid smid ariamh faoi. Ach sílimse nach bhfuil ann ach pait a chum duine eicínt. Is beag an stró ar na buachaillí báire siúd i mbéal an dorais aige a chumadh
Mura bhfuil i ndán is go bhfeicfidh mé thú as seo go ceann seachtaine, téirigh ann agus abair an rud sin leo, agus cuir scéal agamsa cén toradh a fuair tú
+
daor 2
"Éistigí liom go n-insí mé scéal daoibh; cé na trí ní is mó le na peacaithe a dhaoradh". As Aithrí Sheáin de Barra
TUILLEADH (2) ▼
Daorfaidh sibh mé nó is cinniúint oraibh é. Is maith an scéal dom nach tú an breitheamh a Ph. Ba tusa féin breitheamh na héagóra, dhá mba tú
Daoradh é, ach dúirt siad go raibh saochan céille air agus cuibhríodh é. Dheamhan steamar eile a d'éirigh dhó, théis go ndearna sé spólaí dhá mháthair. Dá mbeinnse i gcathaoir an bhreithimh, bheadh scéal aige air. D'fhéadfá a rá nach mórán scrupall a bheadh orm faoina dhaoradh. D'ordóinn tua an bhéil mhóir a fháil — an tua a ndearna sé féin an choir léithe — agus é a cheangal béal faoi ar bhord, agus gan mion mullóg dhó (dhe) a fhágáil i ndiaidh a chéile leis an tua … Dar a shon go n-agródh Dia orm é ach an oiread is a d'agraigh sé airsean é.
 
deacair 1
Cuirim léan agus deacair orthu agus scéal fada ar an anró acu, agus ná raibh aon duine acu ar an gcomhaireamh ceann bliain ó inniu gan dochar gan díobháil dúinne!
 
Ní raibh scéal ná amhrán ag P. Mh. ach chabálfadh sé thú le dea-chaint. Bhí sí sin aige agus neart di. 'Má thugtar leasainm ormsa fhéin,' adeireadh sé, 'ní poll dóite ar mo chóta é sin'
+
Tugtar dreoilín eicínt acu i gcónaí don deachma … Tuige nach bhfaca tú aon dhuine ariamh ag iarraidh dreoilíní do cheirt na n-easpaí. Caithfidh tú a bheith ag tóraíocht agus ag síorthóraíocht go bhfaighe tú nead a mbeidh dhá dhreoilín déag inti. B'fhéidir nach mbeadh call mórán tóraíochta dhuit chor ar bith scaití. Bíonn neadrachaí dreoilín thar a chéile ann blianta. Scaití eile ní fheicfeá ceann ar bith … Nuair a gheobhas tú an nead, níl agat le déanamh ach na luipreacháin — na dreoilíní — a mharú agus a gcuid fola a chur ar sheancheirt. Caithfidh tú fuil as chaon cheann acu a chur uirthi. Mura gcuire ní bheidh aon mhaith dhuit ann. Breith ar an seancheann ansin — an rí — agus deirtear í a thabhairt don deachma. Ach is cuma cén ceann de na trí cinn déag a thabharfá don deachma sa gcás sin. Bíonn muirín mhór ar an dreoilín. 'Is mór mo mhuirín: is beag mé féin,' adeir sí … Beidh do chuid oibre déanta ansin, le ceirt na n-easpaí … Chuala mé go minic an scéal sin faoin dreoilín a tugadh don deachma. Tuige nach gcloisfinn. An bhfuil tú dhá iarraidh … (giota as cuntas faoi cheirt na n-easpaí a fuair mé ó m'athair)
TUILLEADH (4) ▼
Tá an scéal sin Mac Rí na nDeachman ag S. Ó. B. Bhí sé dhá inseacht an oíche cheana thíos tigh na S. ach thosaigh P. ag sáraíocht air sula raibh mórán bail aige air, agus i ndar liom féin, gur mó an rún a bhí acu as a dheireadh a dhul ag bualadh cnigíní ar a chéile. Níl cuibhiúlacht ar bith in P. má bhíonn duine ar bith ann a mbeith a fhios aige dadaí, bíonn sé ar an mbrúisciúlacht sin. Measann sé gurb aige féin atá gach údar. Más leat an scéal a chloisteáil buail soir ag an teach ag S. féin, agus inseoidh sé duit é
Is breá an scéal atá agat: go gcaithfear deachma na sláinte a íoc. Ach ní sásamh mór é sin domsa atá ar chúl mo chinn ansin thiar le coicís, agus mo chuid coirce scrúdaithe cheal a bhainte. Dá mbuaileadh sí mé uair ar bith eile sa mbliain, ach ní bhuailfeadh, ach go míthráthúil an uair is mó an chruóg. Diabhal mé go sílfeá gur haisteach an tráth de bhliain ag duine slaghdán a tholgadh: i mbrollach an fhómhair. Seo é anois an slaghdán caorach a raibh bean Chonamara ag caint air. Nár ba é amháin dó ar chuma ar bith! Cuirim leis í agus ní hí an óige í. Tá mé siar le obair mo bhliana i ngeall air
Tá an slaghdán sin ina leannán agam anois le cheithre mhí. Ó dheamhan ar fhága sé amach mo chrioslaigh ó tholg mé é deireadh oíche ag dul ar aonach na Féile Michil. Dheamhan fágáil muis. 'Sé an scéal é: 'sé deachma na sláinte atá mé a íoc; sin nó 'siad mó chuid peiriachaí atá mé a chur díom. Ceann eicínt acu.
Anois atá sé ag íoc deachma na sláinte. Thug sé sin drochthónáiste dhó fhéin as a óige, agus ní fhéadfadh sé rith leis. Chaithfeadh sé a dhul roimhe uair eicínt. Dheamhan fear dhá bhfaighidh an tónáiste nach bhfágfaidh sí a shéala air luath nó mall. Is olc an rud í an chois fhliuch, agus an ghail bhruite as do chuid éadaigh thuas ar do chraiceann. Ba in é a fhaisean sin muis. Ní bheadh géilliúint ar bith aige d'athrú éadaigh ná stocaí. 'Sé an chaoi a dtosódh sé ag flithmhagadh fút faoi. 'Níl siad ag cur tada asam dhom,' adéarfadh sé. Ar ndóigh bhí an scéal sin ceart go leor, go dtí leis an aimsir. Sin é an buille
+
Is deacrach an scéal é, ach sin é an chaoi a mbíonn sé
TUILLEADH (4) ▼
Is deacrach an scéal é, gan cearc ná eireoig ag gabháil liom nach bhfuil ardaithe leis ag an rálach de shionnach sin, agus gan a dhath sásaimh le fáil agam
"Och! Och! arsa an chearc agus í ag gabháil ar an bhfara; Nach brónach agus nach deacrach é ábhar mo scéil; Céile mo leabthan agus athair mo chlainne; A dhul san áit nach bhfillfidh go héag." (as amhrán greannmhar Coileach agus Cearc
Ar chuala tú an scéal deacrach: gur báitheadh P. Ó D.?
Ara muise níor chuala tú an scéal deacrach seo: go ndearna an lad rua (an sionnach) sléacht anseo inniu! Cearc an áil a mh'anam. 'Sciob sé an ceann gan aireachtáil de mháthair an dáréag bhoicht,' mar adeireadh N.
 
Mura ndealaí tú leat anois a ghrabairín, beidh scéal agat air. Is deas iad do bhéasa. Ag iarraidh bior dearg a chur síos le mo dhroim. Rún atá agat mo bhruith agus mo loscadh. Chonaic mise gasúir ábhailleacha go minic ach ag an diabhal go raibh sibhse — crosaim aríst sibh! — sháraigh sibh a bhfaca mé ariamh
+
deamhan 1
Dheamhan a fhios cén scéal é! Breá nach ndearna sé ceann ar aghaidh agus gan loiceadh mar sin
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan a fhios agam cén scéal é! Saol groí é
+
déan 1
Rinne sé gáire agus gáire croíúil ar inseacht an scéil dom
TUILLEADH (4) ▼
Ní minic leis an gceann céanna an gheanúlacht a dhéanamh, ach an oiread le scéal
Le scéal fada a dhéanamh gairid, bhuail mé é
Rinne an bád uisce orainn, agus gan aon ghalún taosctha againn. Ba ghroí an scéal é
Cén scéal é? Ach níl aon chall dom a fhiafraí. Tá tú ag déanamh go hóg slán a bheas tú. Ach d'éireodh dhuit. Cén mhairg a bheadh ort!
+
Tá déanta lena bhás. Lig de do chuid cumadóireachta anois. Dheamhan tinneas ná tromas air más in é do scéal. Nach bhfaca mé ag stolladh rómhair é sa ngarraí ó dheas den teach inné agus mé ag dul thart
TUILLEADH (1) ▼
Níl ann ach malrachín ach is Curraoineach déanta é ina dhiaidh sin. Tá sé ag imeacht i ndoirse dúnta ag tóraíocht scéalta cheana féin
 
dearg 1
Tá sé craosach dearg agus is diachta dhó sin ach an oiread le scéal. 'Sé an bia sa sruth fola a chuid sin. Nach mbíonn siad in árachaigh a chéile chuile ré solais?
 
dearg- 3
Rinne sé dearg-mhístaid timpeall an bhaile chomh uain is a bhí sé ann. Ba mhaith an scéal don bhaile gur bhailigh sé leis
 
Chuile scéal dhá raibh agam ariamh, tá siad dearmadta agam anois. Tá dearmad déanta agam ar chuile mhíle ceann acu, tá sin
+
deas 1
"Nach deas adúirt plandóigín na gcíocha míne bán; Ar fháisciú (fáscadh) a dhá láimhín agus barrú a cúig méar; Ag cur scáth ar an gcás lena raibh sí ann i bpéin; Scéal cráite air, is láidir an snaoisín é" (ó Bheartla Rua Ó Flaithbheartaigh, Camas. Nuair a tháinig Tomás Láidir 'Ac Coistealbha isteach ag athair Úna Bhán dhá hiarraidh fuair sé ag gol roimhe í. Bhí fear eile istigh dhá hiarraidh. D'iarr an t-athair uirthi sláinte an té ba mheasa léithe faoin domhain a ól, agus dúirt sí go mba é Tomás Láidir 'Ac Coistealbha é. Nuair adúirt sí sin, buaileann an t-athair iarraidh ar an mbéal uirthi, agus thosaigh sí ag gol. Ach nuair a cheisnigh Tomás í faoi fháth a goil, dúirt sí go mba pinse snaoisín ba chiontsiocair leis. Ansin rinne Tomás giota den amhrán)
TUILLEADH (1) ▼
Is deas an scéal é: fear leathchoise ag dul ag pósadh
+
Sin dea-scéal ar chaoi ar bith
TUILLEADH (5) ▼
Ní minic leat an dea-scéal a bheith ag teacht leat
Beidh gorta ann an bhliain seo chugainn! Níor mhinic leat an dea-scéal a bheith agat! Is gaire cabhair Dé ná an doras
Dea-scéal ó Dhia againn! — dá gcloistheá dea-scéal nó scéal ar fónamh eicínt agus gan aon tsúil agat leis
Dea-scéal ó Dhia againn. Slán an scéalaí! Beidh biseach ar an tae an tseachtain seo chugat adeir tú! M'anam nach miste! Bhí na daoine tolgtha ag an gcaifí
Dea-scéal ó Dhia againn muis! Is mór an saothrú a thabharfas sin fhéin do na daoine dar príosta
 
I leabhar a léigh mé é gurb iad féitheachaí an ghéill a strompas má chuireann rud eicínt as a riocht iad. Ansin ní bhíonn siad in ann an giall a oibriú síos na suas. Sin é an déidín … 'Sé más é. Breá nach mbíonn sé amhlaidh le fuacht. Is minic ariamh a stromp fear a chodlódh amuigh. Bheadh sé craptha ar fad, ach dá mb'fhéidir a bhéal a oscailt, bheadh leis. Is mór an t-ionadh, más iad na féitheachaí a strompas, mar adeir tusa, nach dtitfeadh déidín ag a leithide sin. Scéal agus a thóin leis atá in do chuid leabhra
 
Go gcuire Dia an t-ádh ort! Ar ndóigh ní deilín cainte atá sé sin in ann a dhéanamh i láthair turnae. Fear nach mbeidh ar aon scéal amháin anois agus faoi cheann chúig nóiméad aríst, séard atá aige a dhéanamh a bhéal a choinneáil ar a chéile. Ní bhfaighfear aon bhrabach air ansin
+
Ní bheadh deireadh a chuid scéalta sin insithe bliain ó inniu
TUILLEADH (1) ▼
Is doiligh a rá céard a tharlós as a dheireadh. Níl aon duine in ann a rá céard is cor don scéal sin fós
+
Cé a íocfas J. nuair a bheas an dream eile ar fad imithe as an teach? Cuirfidh P. go dtí M. é, agus cuirfidh M. go dtí mac Ph. Th. é, ach 'sé an scéal é faoi dheireadh thiar: íocfaidh an fear thoir an fear thiar agus íocfaidh Dia an fear deiridh
TUILLEADH (1) ▼
Beidh scéal aige air ar an lá deiridh
+
Meas tú cár thug sé a aghaidh? Ní chloisfeá scéal ná scuan faoi ar na saolta deireanacha seo, hé brí cár chroch sé a sheolta
TUILLEADH (2) ▼
Deir sí seo thíos go bhfuil sé deireanach, ach ní minic dea-scéal ag an gceann céanna. Diabhal mé go gceapfainnse go bhfuil sé an-spleodrach thar is mar a bhí sé le seachtain
Tá mo dhuine bocht deireanach, agus is mór an scéal sin. Ach céard a éireos dhá áilín?
+
deis
Is gránna í a dheis: ag imeacht ag éisteacht i ndoirse dúnta le faitíos a dtiocfadh scéal ar bith uaidh. Dhá mbeirtí air, séard a bhí le déanamh leis, a bheith dhá lascadh go dtugtaí dath dubh air. Rómhaith a bheadh sé aige
TUILLEADH (1) ▼
Bheadh an scéal ceart go leor dhá bhféadthaí na gálaí sin a íoc ar ais uair ar bith a dtiocfadh sé ar dheis duine, ach ní fhéadfaí. Caithfidh duine a bheith suas leis an lá cairde. Mura mbeadh "bháfaidís" a mbeadh ag gabháil leat
+
deoir
Ara céard atá tú ag rá! Níl deoir ná striog ólta aige sin, más in é do scéal. Uair annamh a mblaiseann sé sin d'aon deoir
TUILLEADH (2) ▼
Má théimse in t'éadan beidh scéal agat air. Tabharfaidh mise ábhar caointe duit feicfidh tú féin air. Ní ag caoineadh a bheas tú agus gan deoir ó do ghrua mar atá tú anois
Ar an dá luath is ar chuala sé an scéal, dheamhan deoir a d'fhan ann le briseadh croí
 
Ní túisce a bhí an deolcachán bainte den chích ná d'éirigh sé amach ina ghaiscíoch. Thosaigh sé ag marú fathachaí. Fiafraigh de Sh. Ó B. faoi. Is aige atá chuile údar faoin scéal sin. Chuala mé ag cur síos air é, tá gairid ó shin
+
dia 1
Dea-scéal ó Dhia againn — dhá gcloistí dea-scéal ar bith
TUILLEADH (8) ▼
"Dea-scéal ó Dhia againn agus gan é a bheith fliuch, agus cuid an lae amárach go ndéana sé inniu" (leathfhocal)
Tá an scéal sin ceart go leor. Tá Dia láidir, ach cailltear beithígh ina dhiaidh sin
Ní hea, ach fágaim ansin í, agus tiocfaidh sí chuici féin uaithi fhéin! Dar fia muis, is groí an scéal é sin! Tá Dia láidir ach cailltear beithígh, mura dté duine rompu
Is breá an scéal atá agat: tá Dia láidir. 'Sé atá, moladh go deo leis. Ach ní hin é ina dhiaidh sin é. Cailltear beithígh a mhaisce, má tá fhéin
Go dtuga Dia dea-scéal daoibh!
Go bhfóire Dia orainn! Nach bocht an scéal é: í ina baintreach anois agus áilín lag aici
D'éirigh Dia leis go raibh sé imithe romhamsa, nó bheadh scéal aige air — bhí sé d'ádh air
Níl agat dia beag a dhéanamh d'aon duine nó go mbeidh a fhios agat chuile chor dhá mbaineann leis i dtosach. Chuala tú ariamh é gan do bhreith a thabhairt ar an gcéad scéal. Agus deir siad nach mbeidh aithne agat ar aon duine nó go n-ithe tú céad salainn leis
 
Is diabhaltach ach an oiread le scéal gur chaintigh sé chor ar bith air
+
Is diachta nach thoir sa mbaile a d'fhan sé agus gan a bheith ag tarraingt anoir anseo ag déanamh cíor thuaifil den teach. Beidh scéal aige lá eicínt mura n-athraí sé béasaí. Gheobhaidh sé an tsráid amach feicfidh sé féin air. Bíodh sé buíoch do Sh. nach bhfuil sí faighte aige cheana
TUILLEADH (1) ▼
Is diachta do mo leithidese a bheith láidir: ag iarraidh a bheith ag sclábhaíocht ar an oiread tae agus a shlogfadh priompallán. Bhíodh cáineadh ar an tae, ach ba é an uair a raibh sé fairsing a bhí cáineadh air. Cuirfidh mise geall leat gur beag a chloisfeas tú dhá cháineadh anois … Tá do scéal breá go leor a mhic ó! Ach ní raibh aon chleachta againne a theacht d'uireasa tae agus go mbíodh sé againn chuile phointe sa ló. Ní bhíonn sé againn ceann de ló féin anois
+
diaidh
'Sé a bhí in ann an scéal a chur i ndiaidh a chéile. Mar adeireadh sé féin, ní dhá changailt ná dhá chomhchangailt a bhíodh sé, ach dhá chur amach go tóin an tí
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé thíos ansiúd ag cur deatach amach as an seandúda i ndiaidh a leicinn, agus ag inseacht faoi 'bhliain anseo a raibh garraí an tS. curtha agam, agus nach raibh aon fhata ann ní ba mhó ná cúrláin Lá Fhéile San Seáin, agus go raibh siad chomh mór le tornapaí Domhnach Chrom Dubh.' Má tá an scéal sin cloiste agam uair, tá sé cloiste agam míle uair
Bhí sé i gciúinchomhrá liom thíos ag ceann an bhóthair, agus ní fhaca tú aon fhear go hiomaí ba spleodraí ná é. Maidir le scéalta, bhí siad aige: bás na caillí, pósadh na mná óige, cogadh, aontaí agus eile. Ach hé brí cén dearcadh a thug sé i ndiaidh a ghualann, nach bhfaca sé T. Sh. ag déanamh againn (chugainn) aníos. Níor fhan sé leis an bhfocal a bhí ar a theanga a chríochnú, ach baint as soir an bóthar. Níl trust ar bith aige as T. ón oíche fadó ar ionsaigh sé é ag teacht aniar ón R.
 
Nó go ndéana Dia dearmad dó, daighean sluasaid a gheobhas sé uaimse aríst ná cuid de shluasaid. Is dathúil an scéal é, an feac a bhriseadh inti, agus gan fad méire ag gabháil liom ach í
 
Tá an bodach sin drochmhúinte (m maon. Béim an ghutha ar an gcéad siolla) díbheirgeach ach deile cén chaoi a mbeadh sé. Ní fhaca muid aon duine dhá chineál ar a mhalrait ariamh. Níor casadh bó ná gamhain ar chuid a athar ariamh nár mharaigh sé. Ach thug M. Mh. giorrachan saoil dhó sa deireadh, agus ba bheag an scéal é go ndéana Dia grásta air. 'Sé an t-iontas é, nárbh fhadó roimhe sin a rinneadh leis é. Bhí an baile faoina chosa ceart aige. Bhascadh sé a mbíodh acu
 
Is beag atá sé in ann a dhéanamh théis a dhíchill, agus is maith an scéal do chuid againn nach bhfuil. Dhá mbeadh, ní bheadh gnaithe ar bith ag cuid againn ann
+
díle 1
Fadó, nuair a chuaigh an Díle thar an Domhan, níor tháinig as ach Noa, a bhean, a thriúr mac, a thriúr iníon agus a gcuid fear. Chuaigh siad isteach san Áirc agus sin é a thug beo iad. Nuair a shíl Noa go mba cheart don tuile a bheith traoite, chuir sé amach an fiach dubh le scéala a thabhairt isteach aige. Níor tháinig an fiach ar ais lena scéal féin ná le scéal aon duine eile. D'fhan sé i mbun an chasam air. Sin é teachtaire an fhiadha ón Áirc agat
TUILLEADH (4) ▼
Sin seanscéal ón Díle: An Síogaí Rua Ó Dónaill. Is minic a chuala mé ag P. Mh. Mh. é — go ndéana Dia maith ar a anam. Ní fhaca tusa ariamh é. Ba bhreá uaidh scéal a inseacht, agus cén bhrí ach chuirfeadh sé na cuacha a chodladh ag gabháil fhoinn
Shílfeá gurb í an díle a bheadh ag teacht air, bhí an oiread sin falrach cainte air … Mo dhúshlán aon smid a rá ansiúd. Bhí sé ina chlaibín muilinn ó tháinig muid isteach gur imigh muid aríst, agus níl aon cheo ó neamh go talamh nár tharraing sé anuas agus gan cuma ná caoi a chur ar scéal ar bith. Ní túisce a bheadh sé tosaí ar scéal amháin ná a tharraingeodh sé anuas scéal eile. Ach 'sé an cás é, bhí sé ina scéal an ghamhna bhuí ar fad aige faoi dheireadh
Tháinig an mac isteach agus scéal Chailleach an Uafáis aige. Shílfeá gurb í an díle a bhí ag teacht air, bhí sé ag cur dó chomh héasca sin. Ach leis an uafás a bhí air, agus leis an séideán a bhí ann, níor fhéad muid a thuiscint ach gur éirigh rud eicínt do Bheartla. C. J. a d'inis an scéal thríd síos agus thríd suas dúinn nuair a tháinig muid amach ar an mbóthar
Tá an díle fola dhá dórtadh anois. Deir bean J. liom go bhfuil caor thinte cogaidh anois ann. Tá na Sasanaigh ag dul isteach dubh na fríde ar an nGearmáin, ach tá sé ag dul go snaidhm an rópa leo ina dhiaidh sin; agus níl léamh ná inseacht scéil ar gach is a bhfuil dá mharú orthu (Samhain 1944)
 
Deir tú leis a chaith ag dilleoireacht liom ag ceapadh go bhfanfainn le haghaidh tae, ach diabhal baol in mo chraiceann a bhí orm. B'annamh leis mórán den chórtas a bheith ag síneadh leis ach an oiread le scéal. Dheamhan a fhios agam beo céard a bhain dó aréir go raibh sé ag iarraidh comaoin a chaitheamh liom. Mura bhfuair sé tae as Meiriceá!
 
Níl aithne ar bith agat uirthi! Is minic muise a chuir tú dinglis inti, más in é do scéal!