Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

seasamh (50+)

 
Níor fhan focal ar bith cainte aige ar a dhul suas ar an stage dó. Bhí sé ina fhudar fadar. Tá sé rófhaiteach le aghaidh na ceirde sin. Níorbh fholáir do dhuine an-cheann a bheith air le seasamh in áit den tsórt sin. P. L. an buachaill!
 
Is furasta faitíos a chur air sin. Torann ar bith a chloisfeadh sé taobh istigh de chlaí, thitfeadh sé as a sheasamh!
 
Ní ligfeadh sé uaidh mé gan dhá dheoch a sheasamh dom. Chuir sé earasbarr ar an ngnaíúlacht
 
Bhí mise ag teacht aníos an Daingean lá agus chonaic an fear fobhairne a bhí agam — S. Gh. — na breilleogaí léin sin. Ba bheag nár thit sé as a sheasamh. Ba é búm an tseoil mhóir a choinnigh ar a chosa é. Ara diabhal aird ar bith a thug mise orthu!
 
Thiomáil muid an dá chaora aniar romhainn agus muid ag stríocáil na maidí ar an mbóthar le neart lagair. Ag teacht aniar ag tí Ph. Ph. ní raibh a sheasamh againn ní b'fhaide. 'Gabhfaidh mise isteach anseo ag iarraidh canta aráin,' adeir S. Ní raibh mise in ann a dhul isteach ann. Bhí titim feoir ionam leis an ocras.
+
fág i
Níor fhága an ruaig sin éirí in mo sheasamh ionam
TUILLEADH (1) ▼
Ní fhágfaidh mé éirí in do sheasamh ionat mura n-éirí tú as an ngeabsaireacht sin
+
fág
Sin í an bhean a chuir smais air. Más thíos a fuair sí é is ina sheasamh a d'fhága sí é (is thuas a d'fhága sí é). Ba bheag an deis a bheadh aige inniu murach a cuid airgid sin
TUILLEADH (2) ▼
Murach P. s'againne a theacht ann agus M. a chosaint, dheamhan fata a changlódh sé lena luiseag ag T. Sh. Más ba thíos a fuair P. é, ba ina sheasamh a d'fhága sé é (M.)
Is maith an cúl toraic aici (ag Sasana) Meiriceá. Ba í a shábháil í an dá gheábh seo. Má ba thíos a fuair sí í, ba ina seasamh a d'fhága sí í. Bhí a cnaipe déanta murach Meiriceá
 
fáir
Nach in í an cuaille agat! Dhá gcaithinn mo theanga léithe, dheamhan fáir ná freagra a thabharfadh sí orm. Neart staiciúlacht agus drochmhúineadh. Is gearr nach mbeidh seasamh ar bith léithe
 
Tá tú in do sheasamh in do chaidhfte ansin i gcónaí.
 
Má fhágtar uisce achar ar bith ina sheasamh ar an teasúch (teaspach) seo, déanann sé cailimhineog, agus bheadh carghas ort é a thabhairt le n-ól do thada.
+
ceal 1
Níl éirí i mo sheasamh ionam cheal greim le n-ithe. Tá mé ar céalacan ó mhaidin.
TUILLEADH (1) ▼
Níl a sheasamh agam cheal bídh. Is gearr go dtite mé i mbun mo chos.
 
cora
Dheamhan tada le mo sheasamh ann a bhí mé nuair a buaileadh boiseog ar an slinneán orm, agus cé a chuirfeadh cara chainte orm ach S. S.
 
cíble
Níor chuala tú a leithide de chíble cainte ar aon duine i gcaitheamh an tsaoil! Dar príosta, is maith an dícheall dhó seasamh ar an táirm siúd i gcónaí.
 
baorsa
Ní raibh Seán i bhfad ar an nathaíocht san am ar éirigh Séamas ina sheasamh le buile is le baorsa.
+
Tá sé de bheith ort a bheith i lár an bhealaigh i gcónaí. Breá nach seasfá i leataobh agus gan a bheith in do sheasamh ansin,in do liúdramán i gcónaí.
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé ag giorrú an bhealaigh le gabháil chun seachtaine agus ní bhfuair sé aon bhás fós ina dhiaidh sin. Nach áibhéil an seasamh aige é!
 
Shíl mé gur cheal bealtha a bhí air ach i ndeir (i ndar) liom fhéin nach ea anois, arae tá aois na hÚire agus na Caillí Béarra aige. Is mór a chruthaigh sé agus seasamh an fhad chor ar bith.
+
Is diabhlaí cuisneach é agus é a bheith in ann seasamh mar seo ar aghaidh na riteachta agus na doininne. Ach dhá chuisní é, má fhaigheann an sceird siúd seachtain eile air, giorróidh sí leis.
TUILLEADH (1) ▼
M'anam aon tseanfhear atá in ann seasamh ag déanamh bóthair ar an ngairfean seo, nach mór dhó a bheith cuisneach. Dá ba cruatan a bheadh ann, ní aireofá é ach a bheith clúdaithe, ach dheamhan maith in aon chlúdú ar an riteacht siúd. Ní bheidh duine uair an chloig nuair a bheas chuile shnáth ar a chraiceann ina líbín.
 
beo 1
Dheamhan ginealach an bhéil bheo as D. L. a bhí ann, agus b'annamh leob nach ag seasamh ar a chéile a bheidís in áit den tsórt sin.
 
Ar ndóigh, ní in ann obair a dhéanamh atá an bhornóg siúd. Nach ar éigean atá éirí ina seasamh inti le feoil?
 
I nDomhnach, is breacáin réasúnta fós iad. Bainfidh mé seasamh eile astub.
+
Níor mhian leis béiréiste ar bith a sheasamh murach gur chuir muid faoi ndeara dhó é.
TUILLEADH (2) ▼
'Is ar fhear díolta atá an chéad deoch den bhéiréiste a sheasamh,' adeir sé. 'Glaofaidh mé fhéin geábh ansin,' adeir sé, agus d'iarr sé gloine fuisce.
Is deacair le fear an Achréidh mórán béiréiste a sheasamh mura gcinne air
 
Is diabhlaí adhartha an duine thú a dhul ag seasamh óil do na súdairí sin agus nach mbeidís ach ag magadh fút taobh thiar de do chúl.
 
aer
Dhá mbeifeá in do sheasamh ar a mhullach agus eisean a bheith ina sheasamh ar shimléar tí. Dhiabhail, leagfá do láimh ar an ngealaigh — dúradh le greann faoi dhuine ard.
 
Má bhí an oiread sin boige shíne ann inniu, i nDomhnach b'annamh leis. Ní fhaca Dia ná duine ag seasamh deoch ná blogam ariamh cheana é, ach dhó fhéin.
 
Ní raibh cois dhá bhualadh ar na daoine ariamh go dtí anois muis. Is gearr a bheas a sheasamh againn mura bhfuil ag Dia.
 
Ní féidir seasamh leis le cantal ó buaileadh suas é.
 
buail
Teacht isteach ag C. Th. a bhuail an sliabh gortach mé, agus níor fhan éirí i mo sheasamh ionam ar an toirt boise. Murach gur éirigh Dia liom lón a bheith ar iompar agam, bhí mo chnaipe déanta.
 
Ainneoin a liachtaí uair agus a mhaslaigh sí mé le bliain, ní fhéadfainn gan seasamh istigh aici agus an t-anó uirthi.
 
aire
Níl a sheasamh agam níos faide. Tabhair rí-aire dhuit féin anois nó ligfidh mise do chuid fola leat (fágfaidh mé in do chuid fola tú; fágfaidh mé séala ort nach scarfaidh leat go luath; atfaidh mé an smut agat; cuirfidh mé streille eile ort; beidh ceol thar phíobaireacht agat; ligfidh mé smaois leat; cuirfidh mé do chuid fiacla in do bholg; déanfaidh mé cón(t)ra dhíot; cuirfidh mé fuil do chroí ar do chac; cuirfidh mé ceirín ort; cuirfidh mé ag tóraíocht luibheannaí thú; cuirfidh mé cruóg dochtúra ort; cuirfidh mé i gcruth na hola tú; srl. srl.)
+
airigh
D'airigh mé gruaig mo chinn ag seasamh ina slatachaí agus bhí na báití allais liom — duine a raibh faitíos air, tháinig colg ar a chuid gruaige agus bhí an t-allas síos leis.
TUILLEADH (1) ▼
Is beag a aireos sé sin deoch a sheasamh — tá dalladh airgid aige — ní chuirfidh sé aon cheo as dá chuid airgid luach deoch a bhaint as.
 
failc
Bhí sé ina sheasamh istigh sa bhfailc siúd atá sa bhfál
 
Ní raibh sé d'fhiúntas ann deoch a sheasamh dhá raibh i láthair
 
folamh 1
"Ní féidir le mála folamh seasamh ar a cheann" — duine a bhfuil ocras air, níl acmhainn oibre aige; duine nach bhfuil aon teannadh ar a chúl aige, ní fhéadfaidh sé achrann a tharraingt ná a bheith neamhspleách; mura bhfuil cuid is maoin agat, beidh tú in do chis ar easair ag gach duine
 
Tá an fheoil seo fínithe. Nach bhfuil a fhios agaibh nach mbíonn seasamh ar bith aici an tráth seo bhliain mura gcuirtear i gcaitheamh ar an toirt í
 
imní
Bheadh ciall imní, ach bhí sí i gcruth titim as a seasamh leis an mbail a bhí uirthi
+
Ba chiotach a d'fhága sé í: a fágáil ina seasamh ar a faobhar taobh istigh de chlaí. Ní raibh fios na faillí ag an bpáiste bocht nó gur mhartraigh sé é féin léithe (speal). Nach bhféadfadh sé a cur ar a béal fúithi i gClaise eicínt — rud a bheith ina seasamh i gcaoi is go mbeadh an lann nó an béal nó an chuid a mbeadh an faobhar air ag freagairt nó ag gobadh suas
TUILLEADH (3) ▼
Chuir sé scian ina seasamh ar a faobhar i siúnta an bhoird agus gan aníos di ach a barr. Bhí a fhios aige gur uirthi a shuífeadh an ceann eile chomh luath agus a thiocfadh sé isteach
Iasc ar bith a bhfuil a chuid lannachaí mar sin air agus iad ina seasamh ar a bhfaobhar, is contúirt é le breith air — colg ar na lannachaí; an taobh géar dhíobh aníos
Bhí an ionga ina seasamh ar a faobhar aige — gliomach
+
fia
Bhí mé in mo sheasamh ansin amuigh le uair an chloig agus níor chuala mé toirt fia ná feannóige. Dheamhan carr ag corraí anoir ó Ard Dh. L. — níor chuala mé tada (ní bheadh duine ag súil leis an leagan seo le "chuala", ach tá sé ann)
TUILLEADH (1) ▼
Séard a bhí le déanamh leis an asal sin luí fia a chur air in éindí. Tá na daoine thar bharr a gcéille aige. Is maith an dícheall dúinn a choinneáil cuibhrithe, dá mbeadh gan tada eile a bheith ar ar n-aire. Cuir sa gcró é, agus fáisc air nó go dtite sé as a sheasamh leis an ocras