Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

seasamh (50+)

 
Níor fhan focal ar bith cainte aige ar a dhul suas ar an "stage" dó. Bhí sé in a fhudar fadar. Tá sé ro-fhaiteach l'aghaidh na ceirde sin. Níorbh fhuláir do dhuine an-cheann a bheith air le seasamh in áit den tsórt sin. P. L. an buachaill!
 
Is furasta faitíos a chur air sin. Torann ar bith a chloisfeadh sé taobh istigh de chlaidhe, thuitfeadh sé as a sheasamh!
 
Ní leigfeadh sé uaidh mé gan dhá dheoch a sheasamh dom. Chuir sé earasbar ar an ngnaoithiúlacht
 
Bhí mise ag teacht aníos an daingean lá agus chonnaic an fear fobhairne a bhí agam — S. Gh. — na breilleógaí léin sin. Ba bheag nar thuit sé as a sheasamh. Ba é bum an tseoil mhóir a choinnigh ar a chosa é. Ara diabhal áird ar bith a thug mise orra!
 
Thiomáil muid an dá chaora aniar romhainn, agus muid ag stríocáil na maidí ar an mbóthar le neart lagair. Ag teacht aniar ag tí Ph. Ph. ní raibh a sheasamh againn ní b'fhuide. "Gabhfaidh mise isteach annseo ag iarraidh cannda aráin", adeir S. Ní raibh mise indon a dhul isteach ann. Bhí tuitim feóir ionam leis an ocras.
+
fág i
Níor fhága an ruaig sin eirí in mo sheasamh ionam
TUILLEADH (1) ▼
Ní fhágfaidh mé eirí in do sheasamh ionad, mara n-eirí tú as an ngeabsaireacht sin
+
fág
Sin í an bhean a chuir smais air. Más thíos a fuair sí é is in a sheasamh a d'fhága sí é (is thuas a d'fhága sí é). Ba bheag an deis a bheadh aige inniu marach a cuid airgid sin
TUILLEADH (2) ▼
Marach P. se'againne a theacht ann agus M. a choisint, dheamhan fata a changlódh sé len a loiseag ag T. Sh. Más ba thíos a fuair P. é, ba in a sheasamh a d'fhága sé é (M.).
Is maith an cúl toraic aice (ag Sasana) Meiriocá. Ba í a shábháil í an dá gheábh seo. Má ba thíos a fuair sí [í], ba in a seasamh a d'fhága sí í. Bhí a cnaipe déanta marach Meiriocá
 
fáir
Nach shin í an cuaille agad! Dhá gcaithinn mo theanga léithi dheamhan fáir ná freagra a thiúrfadh sí orm. Neart staiciúlacht agus droch-mhúineadh. Is gearr nach mbeidh seasamh ar bith léithi
 
Tá tú in do sheasamh in do chaidhfte annsin i gcomhnuidhe.
 
Má fhágtar uisce achar a' bith in a sheasamh ar an teasúch (teasbach) seo, deanann sé caile mhineog, a's bheadh carghaos ort é 'thabhairt len ól do thada.
+
ceal 1
Níl eirghe 'mo sheasamh ionnam cheal greim le n-ithe. Tá mé ar céalacan ó mhaidin.
TUILLEADH (1) ▼
Níl a sheasamh agam, cheal bidh. Is gearr go dtuite mé imbun mo chos.
 
cora
Dheamhan tada le mo sheasamh ann a bhí mé, nuair a buaileadh bosóg ar a' slinneán orm, a's cé 'chuirfeadh carra chainnte orm ach S. S.
 
cíble
Níor chuala tú a leithide de chíbleadh cainnte ar aon-duine i gcaitheamh an tsaoghail! Dar príosta is maith an dicheall dhó, seasamh ar an táirm siúd i gcomhnuidhe.
 
baorsa
Ní raibh Seán i bhfad ar a' nathaidheacht, 'san am ar eirigh Seumas in a sheasamh le buile a's le baorsa.
+
Tá sé de bheith ort a bheith i lár a' bhealaigh igcomhnuidhe. Breagh nach seasfá i leath-taobh, a's gan a bheith in do sheasamh annsin, in do liúdramán i gcomhnuidhe.
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé a' giorrú an bhealaigh le gabhail 'un seachtmhaine, a's ní bhfuair sé aon-bhás fós 'na dheidh sin. Nach áidhbhéil a' seasamh aige é!
 
Shíl mé gur cheal bealtha a bhí air, ach indeir (indar) liom fhéin nach h-eadh anois, arae tá aois na h-Úire a's na Caillighe Béara aige. Is mór a chruthaigh sé a's seasamh, an fhad, chor a' bith.
+
Is diabhluidhe cuisneach é, a's é 'bheith indon seasamh mar seo ar aghaidh na rithteachta a's na doininne. Ach dhá chuisnighe é, má fhaghann a' scéird siúd seachtmhain eile air, giorrócha sí leis.
TUILLEADH (1) ▼
M'anam aon-tseanfhear atá indon seasamh a' déanamh bóthair ar a' ngairbhshion seo, nach mór dhó a bheith cuisneach. Dá ba cruadhtan a bheadh ann, ní aireochthá é, ach a bheith clúduighthe, ach dheamhan maith in aon-chlúdadh ar a' rithteacht siúd. Ní bheidh duine uair a' chluig, nuair a bheidheas chuile shnáth ar a chraiceann ina líbín.
 
beo 1
Dheamhan geinealach a' bhéil bheo as d. l. a bhí ann, a's b'annamh leob, nach a' seasamh ar a chéile a bheidís, in áit de'n tsórt sin.
 
(D)ar ndú, ní indon obair a dheanamh atá an bhornóg siúd. Nach ar éigin atá eirghe in a seasamh ínnte, le feoil?
 
InDomhnach is briocáin réasúnta fós iad. Bainfe mé seasamh eile asta(b).
+
Níor mhian leis béiréiste 'bith a sheasamh, marach gur chuir muid faoi ndeara dhó é.
TUILLEADH (2) ▼
'Is ar fhear díolta atá an chéad deoch de'n bhéiréiste a sheasamh' adeir sé. 'Glaodhfa mé fhéin geábh annsin' adeir sé, a's d'iarr sé gloine fuisce.
Is deacair le fear an Achréidh mórán béiréiste a sheasamh mara gcínne air
 
Is diabhluidhe adhartha an duine thú, a dhul a' seasamh óil do na súdairí sin, a's nach mbeidís ach a' magadh fút taobh thiar de do chúl.
 
aer
Dhá mbeitheá in do sheasamh ar a mhullach agus eisean a bheith in a sheasamh ar shimléar tighe. Dhiabhail, leagfá do láimh ar a' ngeala(igh) = dubhradh le greann faoi dhuine árd.
 
Ní raibh cois dhá bhualadh ar na daoine ariamh, go dtí anois muis. Is gearr a bheidheas a sheasamh againn mara bhfuil ag Dia.
 
Ní féidir seasamh leis le cantal, ó buaileadh suas é.
 
buail
'Teacht isteach ag C. Th. a bhuail an sliabh-gortach mé, a's níor fhan eirghe 'mo sheasamh ionnam ar a' toirt boise. Marach gur eirigh Dia liom lún (lón) a bheith ar iomchur agam, bhí mo chnaipe déanta.
 
Aindeoin a liachtaighe uair a's mhasluigh sí mé le bliadhain, ní fhéadfainn gan seasamh istigh aici, agus an t-anshógh uirre.
 
aire
Níl a sheasamh a'm níos fuide. Tabhair rí-aire dhuit féin anois, nó leigfe mise do chuid fola leat (fágfa mé in do chuid fola tú; fágfa mé séala ort, nach scarfa leat go luath; atfa mé an smut agad; cuirfe mé streille eile ort; beidh ceol thar phíobaireacht agad; leigfe mé smaois leat; cuirfe mé do chuid fiacla in do bholg; déanfa mé con(t)ra dhíot; cuirfe mé fuil do chroidhe ar do chac; cuirfe mé ceirín ort; cuirfe mé a' tóruigheacht luibheannaí thú; cuirfe mé cruadhóg dochtúra ort; cuirfe mé igcruth na h-ola tú; etc. etc)
+
airigh
D'airigh mé gruaig mo chínn a' seasamh ina slatachaí agus bhí na báithtí alluis liom = duine a raibh faitchíos air, tháinic colg ar a chuid gruaige, agus bhí an t-allus síos leis.
TUILLEADH (1) ▼
Is beag 'aireochas sé sin, deoch a sheasamh — tá dalladh airgid aige = ní chuirfe sé aon-cheo as dá chuid airgid, luach deoch a bhaint as.
 
failc
Bhí sé in a sheasamh istigh san bhfailc siúd atá san bhfál
 
Ní raibh sé d'fhiuntas ann deoch a sheasamh dhá raibh i láthair
 
folamh 1
"Ní féidir le mála falamh seasamh ar a cheann" = duine a bhfuil ocras air, níl acmhainn oibre aige; duine nach bhfuil aon-teannadh ar a chúl aige, ní fhéadfaidh sé achrann a tharraint ná a bheith neamhspleách; mara bhfuil cuid is maoin agad, beidh tú in do chis ar easair ag gach duine
 
Tá an fheoil seo fínithe. Nach bhfuil a fhios agaibh nach mbíonn seasamh ar bith aice an tráth seo 'bhliain, mara gcuirtear i gcaitheamh ar an toirt í
 
imní
Bheadh ciall imnidhe, ach bhí sí i gcruth tuitim as a seasamh leis an mbail a bhí uirre
+
Ba chiotach a d'fhága sé í: a fágáil in a seasamh ar a faobhar taobh istigh de chlaidhe. Ní raibh fios na faillí ag an bpáiste bocht nó gur mhartruigh sé é féin léithe (speal). Nach bhféadfadh sé a cur ar a béal fúithe i gClaise eicínt = rud a bheith in a seasamh i gcaoi agus go mbeadh an lann nó an béal nó an chuid a mbeadh an faobhar air ag freagairt nó ag gobadh suas
TUILLEADH (3) ▼
Chuir sé scian in a seasamh ar a faobhar i siunta an bhoird, agus gan aníos di, ach a barr. Bhí a fhios aige gur uirre a shuidhfeadh an ceann eile cho luath agus a thiocfadh sé isteach
Iasc ar bith a bhfuil a chuid lannachaí mar sin air, agus iad in a seasamh ar a bhfaobhar, is contúirt é le breith air = colg ar na lannachaí; an taobh géar dhíob aníos
Bhí an ionga in a seasamh ar a faobhar aige = gliomach
+
fia
Bhí mé in mo sheasamh annsin amuigh le uair an chloig agus níor chuala mé toirt fia ná fionnóige. Dheamhan carr ag corraí anoir ó Ard Dh. L. = níor chuala mé tada (ní bheadh duine ag súil leis an leagan seo le "chuala", ach tá sé ann
TUILLEADH (1) ▼
Séard a bhí le déanamh leis an asal sin luighe fia a chur air in éindigh. Tá na daoine thar bharr a gcéille aige. Is maith an dicheall duinn a choinneál cuibhrithe, dá mbeadh gan tada eile a bheith ar ar n-aire. Cuir san gcró é, agus fáisc air nó go dtuite sé as a sheasamh leis an ocras
 
Ara níl call ar bith dhuit gróigíní Franncach a dhéanamh di sin. Cuir in a seasamh ar a ceann í, agus ní bheidh moill ar bith uirre go mbeidh sí in alt a haithghróigeadh