Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

sníomhachán (5)

+
bior
Is deas an bhean abhrais thusa agus gan aon bhior próiste ag gabháil leat i mbéal do chuid sníomhacháin.
TUILLEADH (1) ▼
Céad slán don uair a mbíodh muid ag sníomhachán chuile oíche! Chruinníodh mná an bhaile isteach — bean ag cardáil, bean ag sníomh, agus bean ag tochras ar an mbior próiste, agus bean eile ag líonadh bórán roilléirí do bhean an tuirne.
 
fleasc
Tá tuirne ansin thuas agus í slán cé is moite de fhleasc an roth. Ach cé measa beirthe é, arsa tusa. Dhá mbeadh duine eicínt ann a bheadh in ann fleasc a dhéanamh, d'fhéadfadh duine de na mná seo a dhul ag sníomhachán lom láithreach. Chreidim dheamhan ceo a rinneadh léithe le dhá bhliain déag cheana
 
Tá sí seo thuas ag deisiú tuirne le dhul ag sníomhachán. Bhí T. ag cur cluasa ann aréir agus dhá sciúradh. A Dhia dhá tharrtháil! Tá sé na cianta ó chonaic mé aon tuirne cheana
 
Diabhal mé go sílfeá go mbíodh an-drabhlás san éadach a bhíodh ann fadó. Dá mbeadh méid ar bith in do ghiota flainín nach bhfeisteodh sé amach lán tí. Ach an leámháinín siopa sin, gheofá an saol dó (de) agus ní thiocfadh sé i bhfad ná i ngearr ina dhiaidh sin. Ní mór do dhuine a bheith imithe dhá cheannacht chaon dara lá. A Thiarna Dé nach é an saol a d'imigh ón uair a mbíodh mná ag sníomhachán ó oíche go maidin. Is gearr nach mbeidh tuirne sa tír