Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

tóin (80)

 
Tá géibheann daingean ar an spliota sin anois — istigh ar thóin an phríosúin. Coinneoidh an áit siúd é, feicfidh tú féin
 
dair
Bain an seanchrann daraí sin ag tóin an tí agus is fada go bhfeice tú deireadh do chuid brosna caite. Bheadh an-smutáin air sin
 
dall 3
Níl an oiread coirce ar thóin an chomhra seo anois agus a dhallfadh do shúil hé brí céard a rinne sibh leis. Ach rinne sibh plaicín ghabhair dhó (dhe) ar chuma ar bith
 
Dar uacht an tseangáin duit, níl aon dallán ag gabháil leo. Á nach é an fhoghail é! Tá mé as síolta muis i mbliana. Mar a chéile uileag iad. Dheamhan ceann go tóin acu nach é an chaoi chéanna leis é
 
de
Chuir sé an doras dó (dhe) dhá thóin (lena thóin)
+
Is fadó fiannach an lá ó bhí na deachmaí sin ann. Ní hé an ministéara a chruinníodh chor ar bith iad, ach bhí proictéara aige a théadh thart. Chuala mé an tseanmhuintir ag rá go mbíodh conacra acu thíos i mB. an Ch. agus go bhfágaidís na hiomrachaí ansin gan baint go dtigeadh sé féin agus go mbaineadh sé iad. Gach deichiú hiomaire a d'fhágaidís aige. Déantaí an cleas céanna le na stucaí coirce: stuca as chaon deich stuca a fhágáil gan tarlú, nó go dtugadh an proictéara leis é. Ba in é dualgas an mhinistéara. Bhí na daoine in ainm is an teampall gallda a chothú freisin. Thigeadh na sagairt ansin, agus chaithfidís a ndualgas féin a fháil: coirce freisin. Sin é an uair a raibh an chreachadh ann. Chuile dhuine agus a bhuille féin ar an duine bocht. Ba doiligh dhó é a sheasamh eatarthu … Ní raibh cur in aghaidh dualgas an tsagairt chor ar bith, ach chloisinn na seandaoine ag rá go mbídís ag blaoch i dtóin an phroictéara nuair a thigeadh sé i gcoinne an deachma, nó dhá dhalladh le scrathachaí ó chúl an chlaí. Bheadh rud ar a shon agat dá mbeirtí ort. Chuirfí isteach thú (sa bpríosún). Ach ní raibh baol orthu siúd go raibh siad chomh hadhartha agus go mbéarfaí orthu. Measaim go mbíodh an ministéara féin ann scaití, mar chuala mé P. N. ag rá nuair a bhí siad ina bputaí, go gcuirtí suas leo a dhul isteach ar chúla an chlaí ag fuagairt i ndiaidh an mhinistéara: "a mhinistéirín cár fhága tú do bhean?" Deir siad gur sagart a d'iontaigh, a bhí sa ministéara a bhí anseo … (Cuntas faoi na deachmaí sa gceantar sin ó Sheán Ó Beáin, Páirc Gharbh, An Carn Mór, Baile Chláir)
TUILLEADH (1) ▼
Péire dhó féin, ceann do Sh., ceann do A., ceann do mhac P. Bh., ceann do Mh. Mh. N.; cé mhéad sin fágtha sa gcuain … Péire. Tugadh sé an péire sin don deachma. Ní foláir rud eicínt a thabhairt don deachma. Mar a chéile chuile choileán acu go tóin. Níl barr ag ceachtar acu ar a chéile. Tá mise ag déanamh roghain ar an gceann crón. Ní fhaca mé aon chú chrón ariamh nach mbeadh thar cionn
 
Níor chónaigh sé, go ndéana Dia grásta air, go ndeachaigh sé siar go tóin Chonamara gur thug sé aniar an churach sin as. Ba in í fhéin an churach dheacrach dó. Ba é an tríú huair é aige inti, nuair a chuir sé ar an gcarraig bháite í, agus bhí a chnaipe déanta!
 
dealg
Bhí an cineál sin ar fad ar an gcaoi sin. Bhainfeá fuil as chuile dhuine go tóin acu le dealg spíonáin. Ach ina dhiaidh sin agus uileag, ní raibh aon tsláinte den rath acu. Séidte a bhí siad. Breathnaigh ar an gceann seo thíos. Ní bhíonn siúl an bhealaigh inti amantaí
 
déan 1
M'anam gur beag an baol uirthi siúd teas an aithinne a bheith ina tóin ag dul amach. Dhá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire, dhéanfadh sí a cuairt
 
Cuirfidh mise deannach ag éirí den tóin agat mura n-éirí tú as do chuid míoladóireachta. Tá sé in am agat ciall a bheith agat feasta choíchin agus gan a bheith ar an gceird sin. Nach thú an páiste!
 
Ba é an lá ba bhreácha é a scal as aer ariamh. Tháinig sé ina chalm orthu leath cuain. Shíl muid gur thosaigh deannóid bheag ansin, ach ní thabharfá faoi deara ar an seol í. An chéad rud eile a dheartháir mo chroí thú, chruthaigh an cuaifeach agus bhí an bád mar a bheadh caora a mbeadh an galra cam uirthi. 'Sé Dia féin a bhí buíoch dúinn an lá sin nár cuireadh go tóin poill muid. Tá mé taithithe ar an bhfarraige ó cuireadh banlámh de chóta orm, ach macasamhail na cuaifí sin ní fhaca mé ariamh agus nár lige Dia go bhfeicfinn go brách ach oiread. Níor fhan deannóid ann ar an toirt aríst ach shílfeá gur istigh i bhfuirnís a bhí muid, bhí sé chomh bruite sin. Tabhair do leabhar go dtug muide rith cladaigh di chomh tréan in Éirinn agus a bhí muid in ann
+
dearg 1
Is dearg dom aríst. Sea a mh'anam agus go tóin. Cén smál atá orm chor ar bith?
TUILLEADH (2) ▼
Is gearr go dtriomaí sé. Tá an coileach ag cur a thóin dearg amach — tuar aitealla. Tá an tóin dearg scaitheamh isteach sa gclaise
Dhá gcuirtheá do thóin dearg amach anois, ní bhfaighidh tú aon cheo dhe
 
I leabhar a léigh mé é gurb iad féitheachaí an ghéill a strompas má chuireann rud eicínt as a riocht iad. Ansin ní bhíonn siad in ann an giall a oibriú síos na suas. Sin é an déidín … 'Sé más é. Breá nach mbíonn sé amhlaidh le fuacht. Is minic ariamh a stromp fear a chodlódh amuigh. Bheadh sé craptha ar fad, ach dá mb'fhéidir a bhéal a oscailt, bheadh leis. Is mór an t-ionadh, más iad na féitheachaí a strompas, mar adeir tusa, nach dtitfeadh déidín ag a leithide sin. Scéal agus a thóin leis atá in do chuid leabhra
 
"Bean a chas le Mícheál Mhac Suibhne agus páiste suirí aici. Thosaigh Mícheál ag magadh fúithi: Mícheál: Cá bhfuair tú an páiste? Ise: Fuair mé ar sop é. Bhí an ithir agam féin, agus fuair mé an síol in aisce. Mícheál: Cé dhár díobh é? Ise: De chlann Donnchadha é idir bhonn agus uachtar. Mícheál: Cé dhár díobh na deiriúchaí? Ise: Dhá mbeifeá ann aimsir an lasctha, bheadh a fhios agat sin. Mícheál: Cáide uainn Margadh Bhaile an Dubhghaill (/dūl′/)? Ise: Má chuireann tú do theanga in mo thóin, beidh do shrón ar an margadh. (Scaoil sé cnaipe). Mícheál: Tóg é sin uaim. Ise: Níor tógadh aon lao ó aon bhó ariamh go líodh sí é. Ligh an chéad uair é. 'Óra a dheaide,' adeir an mac (.i. mac Mhichil), 'nach géar í gan gob'" (Giota faoi bhean ar chuir Mícheál Mhac Suibhne caidéis uirthi. Tá an iomad leagan air seo ar fud na Gaillimhe, ach tá siad uileag gáirsiúil. Tá mé dhá thabhairt anseo mar tá samhail mhaith ann agus magadh focail faoin ngréasaíocht deiriúchaí, lascadh)
+
deis
An bhfuil aon deis agatsa le tobán a thógáil. Tá na cláir agam, agus tá an feire ceart sa tóin, ach níl mé in ann a thógáil ina dhiaidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Níl cinneadh go deo lena bhfuil de dheis ag an bhfeairín sin muis. Agus ina dhiaidh sin agus uileag, tugadh boiseog sa tóin dó amach as do pharóiste gan aon bhean a thabhairt dó. Dhá dteagadh ceannaí ceirteacha timpeall muis, is maith réidh a d'éireodh ceann leis, is maith sin
 
Nach air atá an deisiú istigh ar an teallach. Is agam a bheadh an sásamh anois splanc dhearg a ghreamú dhá thóin, dhá mba rud é a chuirfeadh as a shó é beagán
+
diaidh
'Sé a bhí in ann an scéal a chur i ndiaidh a chéile. Mar adeireadh sé féin, ní dhá changailt ná dhá chomhchangailt a bhíodh sé, ach dhá chur amach go tóin an tí
TUILLEADH (9) ▼
Tá sé ag teacht agus a thóin ina dhiaidh — duine a bheadh tuirseach seangaithe nó craplaithe
An bhfeiceann tú anoir é agus a thóin ina dhiaidh. Féachfaidh an spealadóireacht é
Tháinig sé tráthnóna agus a thóin ina dhiaidh, théis a bheith trí lá imithe dó. Is furasta a aithinte air gur beag a chodladh a rinne sé ó shin, má rinne sé néal ar bith. Nach bhfuil a fhios agat go maith gur le ól agus le ragairne a bhí sé sin ó shin
Má spréann tú an méid sin coirce, tiocfaidh tú abhaile tráthnóna agus do thóin in do dhiaidh. Dar mo choinsias, tá stróic mhaith sa méid sin
Seod (seo) briseadh uaire ceart. Tá sí (an ghaoth) imithe síos i ndiaidh a tóna aríst — bhí sí ó thuaidh agus chuaigh sí ó dheas. 'Sé an t-údar i ndiaidh a tóna gurbh ó dheas a bhí sí an chéad uair sula ndeachaigh sí ó thuaidh. Nuair a bhí sí ó thuaidh ansin, bhí a tóin mar a bheadh sí ó dheas
Tá an ghaoth chéanna an-luaineach. Nuair a bheas sí thiar, diabhal mé nach mbeidh sí achar ar bith nó go dté sí soir i ndiaidh a tóna aríst ar ais — thoir a bheadh sí an chéad uair
Bhí lom gaoithe aduaidh ann ag an trí a chlog ar maidin, ach ba ghearr go ndeachaigh sí i ndiaidh a tóna ó dheas
Níl doras ar bith in ann seasamh léithe. Pé ar bith caoi sa domhan a gceanglaím í, ionsaíonn uirthi ag dul i ndiaidh a tóna nó go bhfaighe sí ligean ar an doras. Tabharfaidh sí na cosa deiridh ansin dó, agus chaithfeadh sí an oíche ar fad dhá chiceáil nó go mbriseadh sí é ar uain nó ar éigean
Tá tóin siar aisti, agus í caite amach i ndiaidh a béil, agus cromshlinneán uirthi … Céard nach bhfuil uirthi, ní ag baint fogha ná easpa aisti é
 
díle 1
Dhá dtéadh an Díle thar an Domhan — sábhála Dia sinn — bheadh teas an aithne ina thóin siúd ag dul amach! Ní choinneoidh rud ar bith istigh é sin nó go mbuaile an donacht in éindí é. An uair sin, feicfidh tú féin air, dá antlásaí dá bhfuil sé ag an obair, go bhfanfaidh sé istigh
 
dílis
Go gcarta Mac dílis Dé síos go tóin ifrinn thú!
 
Tá tóin na méise dingthe ar fad. Na ruifíneachaí de ghasúir sin aríst. Tá siad chomh hábhailleach lena bhfaca tú ariamh. Tá sé de bheith orthu a bheith ag déanamh millteanais chuile ré solais
 
Ní chorródh sé amach as an teach díobháil mótair a bheith faoina thóin
 
díol 2
Bhailigh siad an phínn bheag agus an phínn mhór leo agus níor fhága siad bonn bán ag an deartháir. Tá sé ansiúd anois fágtha ar a thóin agus é ina dhíol déirce. Ní tada eile é
 
Is fhearr dhó é fhéin a shásamh anois ná a bheith diomdhach ar ball, nuair nach mbeidh aon ghair aige a dhul ar a thóin sa margadh. Ní hionann pósadh agus rud ar bith
 
Is diabhlaí an mheas atá ag an gcarracháinín sin air fhéin. Tá sé an-mhóiréiseach, an-diongbháilte ann féin. Shílfeá gur ar a thóin féin atá an ghrian ag éirí. Ach cá bhfágfadh sé é: mac Mh. Ní Fh.
 
díth
Óige agus díth céille atá air. Is furasta breith ar thóin fós air, má mhaireann sé
+
diúg
Gheobhadh sé sin cárt fuisce ag an seacht a chlog tráthnóna agus ní bheadh deoir ann ag an deich nach mbeadh diúgtha aige, agus deirimse leat nach bhfeicfeadh aon duine eile tada dhá bhrabach. Shílfeá muis, lena fheiceáil ag ól, nach mbeadh gloine go tóin aige faoi cheann seachtaine
TUILLEADH (1) ▼
An bhfaca tú aon duine ariamh atá in ann píopa a dhiúgadh mar é. Coinníonn sé ina bhéal é, ag baint pluimíní as, nó nach mbeidh gráinne ar a thóin. Shín mé píopa anseo aige oíche, agus níor fhága sé a dhuth ná a dhath ann. Cén bhrí ach go raibh sé lán go drad. Níor thóg sé as a bhéal go ham suipéir é. Beirim féin ar an bpíopa agus tosaím ag breathnú siar ann, agus ag breathnú siar ann, féint a mbraithfeadh sé go raibh milleán agam air, ach ar ndóigh mo léan fuair tú amach é!
 
Bíonn tóin na soithí móra plátáilte. Murach sinn, ar ndóigh ní shíleann tú gur acmhainn a bheadh acu ar na diúirlinneachaí. Ní bheadh seasamh ar bith ag an adhmad ar na diúirlinneachaí murach na faoileáin. Leagann siad sin orthu uair ar bith a bhfaigheann siad an dóigh
 
Beidh pógadh agus diurnadh ann ach a dteaga sí sin abhaile anois. Shílfeá gur as a tóin a éiríos an ghrian ag a máthair. Diabhal a leithide de ghairm agus a bheas roimpi sin. Ní bheadh a leathoiread roimh inín duine uasail
 
dlí
Dlí gan tóin ná ceann é sin. Dlí mar siúd
 
dlúth 1
Bhí sé sin de dhlúth agus d'inneach iontu go tóin. B'uafás é a seanathair M. M. Fuair sé gamhainín le M. G., baintreach a bhí sa teach a bhfuil T. Ó. C. anois ann, fuair sé é istigh i ngarraí fataí leis thuas i mbarr an bhaile uair. Ba bheag a bhí foghlaithe ag an ngamhainín. D'fhága sé ansin é agus tháinig sé anuas go teach de mhaoil a mhainge go bhfuair sé láí agus píce agus téad. Chreidim gur rún a bhí aige a chrochadh leis an téid, dhá gcinneadh sé air leis an láí agus leis an bpíce. Cén bhrí ach chuaigh sé suas agus anuas thar teach na baintrí gan caidéis ar bith a chur uirthi. Ghiorraigh sé leis an ngamhainín ar aon chor agus d'fheann sé é, agus d'ardaigh sé leis anuas an craiceann. Ag teacht anuas thar teach na baintrí dhó, d'fhuagair sé uirthi: 'Gabh suas agus cuir do ghamhain,' adeir sé. 'Thug mise an craiceann liom in ómós foghla'
+
dóigh 1
Sílim gurb olc an dóigh mná é an baile seo ag fear ar bith le theacht ann. Níl aon bhean inphósta dá bhfuil ann sásta duine ar bith a phósadh ach máistrí scoile, nó cléireachaí baince. Nach bhfeiceann tú féin iad. Níor mhaith dhuit scráibín a shamhailt leo. Ghabhfaidís i ngeallta dhá samhlaíteá. Nár thuga Dia dhóibh níos fhearr é muis! B'fhéidir nuair a d'fhuaróidís agus iad fágtha ar a dtóin scaitheamh eile mar atá siad, go mb'fhurasta a dhul chun cainte leo ansin
TUILLEADH (1) ▼
An bhfeiceann tú iad sin. Is maith an dóigh iad. Spéireataí dubha go tóin. Nuair is dubh dhóibhsean is dearg domsa, agus nuair is dearg dóibhsean is dubh domsa
 
dóirt
Go lige Dia slán a mháithreach! Tá chuile dheoir go tóin den cheaintín bainne dóirte ag an raibiléara. D'imigh an diabhal ar a cuid dodaíola
 
Dá seadaíodh sé an chochallóireacht, bheadh rud dá barr aige, agus ní istigh ar thóin an phríosúin a bheadh sé inniu. Ach bhí an iomarca sainte san airgead aige agus chuaigh sé ar dholaíocht agus sin é a d'fhága a chosa nite. Is beag is ionann an faire atá ar na srutháin agus an faire atá ar an abhainn. Ní chorródh an t-éan — ní áirím fear agus líon aige — ar an abhainn, nach mbíonn sé braite ag na maortha, nó mura mbíonn, is furasta dóibh scéala a fháil air
 
Tá sé ar a dhonacht anois ar chaoi ar bith. Déanfaidh an sneachta seo scrios ach grásta Dé. Agus níl cosúlacht ar bith ar aon chlaochmú. B'fhurasta a aithinte, agus an deis a bhí ar an ngaoith ag dul síos agus suas i ndiaidh a tóna le seachtain
 
"A Dhonnchadha, A Dhonnchadha, céard a dhorchaigh an poll? Má chliseann bun feáin agus tóin Mhic Dabhach, beidh a fhios ag do cheann céard a dhorchaigh an poll" (Beirt fhear a bhí ann agus chuaigh duine acu isteach i scailp le cuain madra alla a mharú. Bhí an fear eile (Donnchadha) ag béal na scailpe. Chomh uain is a bhí sé ina n-éadan istigh tháinig an seanmhadra alla agus thug sí farra isteach i mbéal na scailpe. Nuair a fuair an fear amuigh a leath istigh agus a leath amuigh, aimsíonn sé i ngreim driobaill tóna í, agus choinnigh sé í. Sin é an uair a d'fhiafraigh an fear istigh céard a dhorchaigh an poll, agus d'fhreagair an fear amuigh é, dhá gcinneadh air féin a ghreim a choinneáil, go raibh cnaipe an fhir istigh déanta. Bun feáin — drioball? Cynffon — drioball (Breatnais). Ffon — maide, bata (Breatnais na haimsire seo); Mac Dabhach — an madra alla)
 
dorú
Níl a fhios agamsa nárbh é an dorú marbh ab fhearr leis an iascach carraige fhéin ar na corachaí domhaine sin. Tugann na clocha go tóin iad, agus dheamhan breac ar bith a chothaíos na poill dhomhaine sin an tráth seo bhliain ar chaoi ar bith. Ag rith idir dhá uisce go barr cladaigh a bhíos siad
 
dreach
An bhfeiceann tú an dreach dorcha atá ar an spéir. Breathnaigh chomh dúnta agus atá sé agus na tóineanna dubha sin ó dheas. Crap do chuid féir nó beidh tú dhá uireasa
+
dream
Dream leitheadach iad na máistrí scoile. Diabhal aithne orthu nach ar a dtóin a éiríos an ghrian
TUILLEADH (1) ▼
Mar a chéile chuile dhream go tóin acu. Geallfaidh siad an ghrian agus an ghealach duit nó go dté siad isteach
+
dris
Nár thuga tú do láimh glan ó do thóin leat ná do thóin ó na driseachaí! — déarfaí le duine é a gcuirfeá mámh faoi agus a bhuailfeadh ort é, go háirid dá mbeadh sé tráthúil i gcónaí ag bualadh mámh ar fónamh ort
TUILLEADH (4) ▼
Nach tráthúil go gcaithfeá mo dhó beag a chniogadh. Chuile uair dhá gcuirim mámh ar bith anonn agat, 'sé an díol céanna a thabharfas tú air. Nár thuga tú do láimh glan ó do thóin leat ná do thóin ó na driseacha!
Nár thuga tú do láimh glan ó do thóin leat ná do thóin ó na driseachaí le caoi a chur ar mo mhámh breá! Caithfidh mé athrú le mo pháirtí go mbeidh mé romhat ansin, agus gheobhaidh tú cothramacan síne na huaire uaimse ansin. Ní ligfidh mé an mámh féin thar mo dhoras gan snaidhm a thabhairt dó
An bhfaca tú an iarraidh a thug an bithiúnach do mo chuileata. Nár thuga tú do láimh glan ó do thóin ná do thóin ó na driseacha leat, muran tú atá tráthúil le do ghadhar i gcónaí. Cén bhrí ach mé taobh léithe. Chaithfeá, mo léan, a dhul ag fiachadh orm
Nach mé atá sáiteach ab ea? Ní dheachaigh mé fút fós anocht nár thug tú an buille feill dom. Nár thuga tú do láimh glan ó do thóin leat ná do thóin ó na driseachaí, gan dochar gan díobháil do mo chuid cártaíse!
 
Chonaic duine eicínt ag titim thar bord é. Is cosúil gur fhan sé ar thóin poill, arae a dhath ní fhaca siad ach cupla driúillín a tháinig ar an uisce. Deir siad go n-éiríonn an té a bhíos dhá bháthadh trí huaire, ach dheamhan ar éirigh dhó siúd más cóir aon aird a thabhairt ar an dream a bhí sa mbád. Nach ciotach a d'éirigh sé dhó an duine bocht. Ach ní leithne an t-aer ná an timpiste mar adúirt an ceann eile
+
droim
Ní théann sé go tóin poill chor ar bith. Cothaíonn sé droim na farraige
TUILLEADH (1) ▼
Ná leag droim ar ais mar sin é. Is fhearr dhuit a thóin a chur faoi
 
Bhuail mé soir aige anseo uair nach raibh aon ghráinne diúain (guano) agam ná a luach. Bhí sé istigh romham sa siopa. 'An dtabharfá céad diúain dom a Mhister F.,' arsa mise, 'go ndíola mé na muca.' Thosaigh sé ag mungailt faoina fhiacla, agus síos leis go tóin an tsiopa. Tháinig beirt nó triúr cuisliméaraí isteach. Thosaigh sé ag dradaireacht leo agus choinnigh sé ag caint iad an fhad is a d'fhéad sé. D'imigh siad, ach d'fhan seisean thíos ag méirínteacht le páipéir, agus níor thaobhaigh sé aníos mé fhéin nó go dtáinig cuisliméara eicínt eile. 'Go brách aríst,' arsa mise liom fhéin, 'ní bhfaighidh tú an deis droimdhiúltú a thabhairt domsa aríst, dhá dtéinn a chodladh in mo throscadh.' Ón lá sin go dtí an lá atá inniu ann, níor sheas mise istigh ina theach ná níor fhága mé luach na cianóige aige
 
dual 1
Ba dual Clainn Mhac Confhaola dó a bheith santach ag an obair. An bhfaca tú duine ar bith acu ariamh nach mbeadh teas an aithinne ina thóin
 
dual 2
Tá dual na droinne de bháisteach air. Is furasta a aithinte ar na mótaí sin thiar é: na tóineanna dubha sin atá siar aneas
+
Sneachta a gheobhas tú as an dubhoighir seo. Tá droch-chur eicínt air ar chaoi ar bith. Ní chreidfinn béal an Phápa nach bhfeicfeá séidte ina shneachta é an t-am seo amárach. Is olc iad na tóineanna dubha sin thoir
TUILLEADH (1) ▼
Gabhfaidh sé ar dhubhoighir as an ngaoith seo. Deirim leat go dtiocfaidh. An bhfaca tú an chaoi a ndeachaigh sí suas i ndiaidh a tóna aréir. Chuaigh scuaine de na géabha fiáine ó dheas anocht. Ní dea-chosúlacht ar bith é sin
 
Tá na tóineanna dubh sin ar an spéir aríst. Loirg an diabhail dóibh. Tuilleadh báistí a chaithfeas sé as an dúchan sin. Ní thriomóidh aon fhód móna i mbliana ach grásta Dé
+
Tháinig fear timpeall anseo an bhliain cheana. Puicneach mhór mhillteach a bhí ann, agus ba deacair é a thuiscint. Bhí sé chomh gallda sin. As áit eicínt i dtóin Mheiriceá a tháinig sé. Chuir sé tuairisc na Loideánaigh, agus b'éigean seanbhallaí Thomás Labhráis a 'speáint dó. Sin é an áit ar rugadh mo sheanathairse adeir sé. Anois nach leanann bá dúchas. Chroch sé leis fraigh den eidheann agus slám den chaonach atá ar an mballa
TUILLEADH (1) ▼
Tá chuile dhuine go tóin acu mar sin cé is moite de P. Tá sé sin ag dul in aghaidh dúchais
 
duine
Ní duine uasal é, ná píosa ar thóin duine uasail
 
dún
Dún an poll sin ar thóin an bhairille. Cuir stoipéad ann
+
Chuir sé an dúradán dubh a bhí ar thóin a phutóige amach lena ndearna sé de gháirí. Bhí sé leigheasta ansin — Ridire an Gháire Dhuibh a raibh sé de bheith air aon gháire a dhéanamh, i ngeall is go dteagadh giorria agus go gcrochadh sí léithe a chuid beatha i gcónaí nuair a shuíodh sé ina mhínis (fhianais) ag an mbord. Nuair a maraíodh an giorria chuir sé an t-ualach bróin agus leannduibh aníos ó fhíor-íochtar a chroí agus shlánaigh an gáire é (fc. Céatach Mhac Fhinn Rí Éireann; Ridire an Gháire Dhuibh)
TUILLEADH (1) ▼
Chuir sé an dúradán dubh a bhí ar thóin a phutóige amach le teann fórsa oibre — chuir sé a sceadamán nó a lúth amach le díocas oibre
 
Tá dúrúch ar an mbó sin ag imeacht. Chaith sí an claí amach as an ngarraí inniu. As go brách léithe síos an bóthar agus fhóbair gur mharaigh mótar í ag ceann an bhóithrín. Leag sí an bhearna isteach i gclaí T. Sh. agus chuir sí na beithígh thrína chéile. Dheamhan cónú a rinne sí ansin go ndeachaigh sí sna cosa in airde bóithrín an chladaigh agus chloisfeá thiar aduaidh í ag géimneach. Chas D. Sh. Mh. aníos aríst í agus bhí sí ag iontú soir an bóthar murach go ndeachaigh mé roimpi agus a cur aníos go teach. Shíl mé i dtosach gur dúrúch dárach a bhí uirthi, ach dheamhan glae ná a dhath a bhí léithe. Thug mé chuig an tarbh í, ach ní dáir ar bith a bhí uirthi. Fuílleach a thug sé le déanamh dhom coinneáil léithe ar an mbealach anuas, agus murach scorachín le S. Mh. A., bheadh sí bailithe soir an bóthar aríst orm thar éis mo dhíchill. Sin í an diabhlánach agat. Bhí an dúrúch céanna anoir aríst uirthi — ag rith, ag géimneach agus ag gabháil dhá tóin in airde. Ach dar brí an leabhair ach a bhfuair mise istigh ar an tsráid í, thug mé cró dhi, agus fanóidh sí ansin go n-athraí sí béasa. Dheamhan greim le n-ithe a thug mé di ó shin, ná cuid de ghreim. B'fhéidir go mbainfeadh an t-ocras an dúrúch di. Mura mbaine, bainfidh neart maide di é. Tá an clampar ar bhó ar bith aniar as Conamara céanna
 
Dhá gcasadh seandúd aniar as tóin thiar Chonamara ort a mbeadh giúirinneachaí air, 'sé a thabharfadh chuile údar duit faoi sin. Maidir linne, níl muid taithithe ar an bhfarraige chor ar bith
 
Tá sí ag dul siar as a tóin ar fad
 
'Sé a bhfuil ag dul do T., scór. Níor cheart go bhfaigheadh sé an scór féin dhá mbeadh ceart le fáil, arae b'olc a shaothraigh sé iad: caite thiar ar a leath deiridh i dtóin an churaigh ag magadh fúinne agus muid ar ár mine ghéire ag iascach
 
Tá siad in ann a dhul go tóin (go tóin na farraige)
 
Gabhfaidh tochas sa tóin agat má ghníonn tú sin aríst — cuirfear