Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

tús (50+)

 
Chuala mé go raibh sé leis an gcailín aimsire a dhíbirt ach a bhfaigheadh na gasúir scoile scíth. A fhearacht siúd, ba bheag a theastaigh sí uaidh ó thús deireadh go tosaigh murach a chuid ealaíne. Nach raibh a ndóthain acu fhéin ann, má bhí fonn oibre orthu
+
fios
Níl a fhios cé is fhearr a thús ná a dheireadh — ag roinnt ruda; b'fhéidir nach é an té a gheobhadh an deireadh a bheadh "ar deireadh"
TUILLEADH (1) ▼
Seol leat. Roinn amach orthu é. Beidh mise luath go leor. Níl a fhios cé is fhearr a thús ná a dheireadh
 
fleet
"Ó bhí mé chomh haerach ar dtús agus gur ghéill mé do do shlí; Dhá n-imíodh sé an méid sin sa spéir leis an ngaoith; Ní phósfainn anois thú dhá dtéinn ar an bhfleet; Ach bainfidh mé arán as mo shláinte" As Na Ba Ciara agus Bána
 
Tá Cloch an Mhioscáin le feiceáil ag freagairt anois. Sin tús trá — tá barr na cloiche seo — Cloch an Mhioscáin — ag nochtadh as an bhfarraige mar tá sé ag trá
 
fán
Is fada a chaith mo pháiste ag dul i bhfán orm, ach ó tá sé agam anois ní ligfidh mé uaim é. Faigheadh sé bean anois agus pósadh sé istigh sa teach seo. Ní bhfaighidh aon duine eile tús air
+
féar
Ní raibh rath ná ríocht ar bheithígh inniu (ag an aonach). Mura bhfeabhsaí siad amach anseo i dtús féir! — le teacht an fhéir; deireadh an Mhárta agus an tAibreán
TUILLEADH (1) ▼
Ná lig na beithígh isteach ansin go tús féir i ndeireadh an earraigh
 
cabach
Ná bíodh tusa in do thús cainte leis an méid sin. Seachain an mbeifeá chomh cabach agus go gcainteofá amach as do bhéal le seo thíos air.
 
calm
Muran ag preabadh atá an ghaoth is tús cailm é — tá sé ag dul ar chalm, mura i ndán is gur ag athrú a bheadh an ghaoth
 
Níor facthas a leithide d'aimsir ó rugadh an chéad fhear. Agus mura bhfuil ag Dia, ní tús ná deireadh dhi. Tá an camán luatha chomh gártha sa tine anocht agus a bhí sé oíche ar bith le seachtain.
 
ceal 1
Déarfaidh mise suas leis an smut aige gurb é fhéin is ciontaí ó thús deireadh go tosaigh, agus déanadh sé a rogha ceal di más breá leis.
 
Ní bhfuair sé aon chinnireacht as tús a óige agus tá a shéala air anois
 
cleite
Níor iarr duine ar bith ort do chleite a chur sa gcaint. Eadrainn fhéin a bhí sé ó thús deireadh go tosaigh.
 
Mura raibh d'údar aige a bheith colgach ach an méid sin, i nDomhnach is furasta colg a chur air. Dheamhan a bhfuil sé muise, ach ina thús. Sin é an méid.
 
cora
Ní theastóidh aon iomlacht uait — féadfaidh tú a dhul an chora — uair ar bith ó thús trá amach, go dté sé ar thuile aríst.
 
An bhfeiceann tú an gort fataí sin? Ní fhaca tú ariamh aon rud atá ag dul in aghaidh a chosúlachta mar é. Shílfeá ar an mbarrann atá air sin, go mbeadh gruáin d'fhataí ann, ach ar a shon sin, níl oiread cúrláin i chuile cheann acub. Bhí sé róleasaithe, agus chuir sé suas an iomarca barainne i dtús bliana. Ná bac le cur ar bith a dhéanfas é sin.
+
Muran treall ar bith atá ag bualadh na haimsire, dheamhan cothromacan síne a tháinig i mbliana, ná cuid dhá theacht. Nach ina círéabachaí atá an aimsir ar fad ó thús na bliana.
TUILLEADH (1) ▼
Mura dtige cothromacan síne na huaire ar sa saol seo, tá an chéad saol eile roimhe, tús na breithe ag Mac Dé! Níorbh é cóir Dé é, mura gcuirtí peiriachaí eicínt air, agus an splíontaíocht agus an spídiúlacht a thug sé fhéin do thuilleadh.
 
'Is maith an dóigh fataí í sin,' adeir N. leis an Dumhachín. 'Dhá bhfágtaí cupla bliain bán í, is fasair mhaith feamainne boilgíní agus special(cineál leasú siopa) a chur ansin uirthi, agus cur tús earraigh, dar mo choinsias agus bheadh an toradh chéatach uirthi. Dar sliabh bheadh'
+
Is iomaí punt a tháinig isteach sa teach ó thús bliana, ach ní léithe bealach 'na coille ná chun a fágála.
TUILLEADH (3) ▼
Is mór is fiú dhúinn tús an bhealaigh (tosach an bhealaigh) a bheith dhínn (tharainn) ar aon chor.
'Sé Seáinín a bhí as bealach. Dheamhan siúite ar bith a bheadh ann ó thús murach é; ach tuilleadh gheár den diabhal (den chlampar, tubaiste den mhí-ádh srl.) aige, mura bhfuair sé garbh é as a dheireadh — 'sé Seáinín a bhí contráilte, nó ina chiontsiocair, nó ina thús scéil leis an achrann, ach fuair sé faoi na foraí é shula raibh an t-achrann thart agus níl mise ina dhiaidh sin air.
Tú fhéin a bhí as bealach faoin achrann ó thús. Níl aon mhaith dhuit a bheith ag iarraidh an milleán a bhualadh thall ar an té údan eile chor ar bith.
 
beart
Níl beart ar bith ab fhearr a dhéanfadh do leithéidse anois i dtús do shaoil agus do mhaitheasa, ná gearrchaile mná a fháil agus pósadh as láimh. B'fhearr dhuit go mór é ná a bheith dhá chuir ar an méir is faide.
 
Tá mo phíobán calcaithe ag crochaillí an tslaghdáin. Shílfeá go mbeadh sé in am aige feasta a dhóthain a bheith bainte aige asam. Ach ní tús ná deireadh dhó mura bhfuil ag Dia.
+
Dheamhan baile a mbeidh an bhean sin istigh air nach baile reicthe é. Tá sí in ann Crígh Mhuire a chur thrína chéile, ag seadú scéalta agus ag tarraingt anuas seansíomálachaí a bhí fadó an lá ann. Dheamhan beirt ar an mbaile seo nach ag maslú a chéile atá, chuile ré solais, agus is ise is ciontach leis ó thús deireadh go tosaigh.
TUILLEADH (1) ▼
Is olc an chríoch a bheas air sin fós, tús na breithe ag Mac Dé. Dheamhan duine dhá ndéanfaidh an éagóir nach bhfoilseoidh Dia é fhéin air, luath nó mall — is olc an deireadh a bheas aige sin fós (gheobha sé anbhás, bás le drochthinneas, déanfaidh sé dubhní air fhéin, tabharfaidh sé droch-chor dó fhéin, beidh an anachain ar a thí, go ngiorraí sí leis srl.), ach níl muide ag dul i mbarr a bhreithiúnas ar Dhia. Nár lige Dia go rachadh! An té a ghníos éagóir, titeann díoltas Dé air más fad gearr go dtí é.
 
Chaith sé biathú beag sneachta i dtús oíche, agus shioc sé thar cionn ansin. Ba gheall le gloine an bóthar ar maidin. Ní shiúlfadh na cait é, bhí sé chomh sleamhain sin
 
Dheamhan fód móna ag gabháil linn anois ach bodhránach de spadalach bhradach nach féidir ceart ar bith a bhaint di. Aon fhód ar fónamh a bhí againn, díoladh í i dtús bliana.
+
breá
'Sé an lóistéara breá sin istigh agatsa is ciontaí leis ó thús deireadh go tosaigh.
TUILLEADH (2) ▼
Murach an nathaíodóir breá seo amuigh, ní bheadh focal aranta ar bith ann ó thús fhéin.
Maidhc breá seo thíos a bhí ina thús scéil leis, ach is beag den mhilleán a shroich dhó ina dhiaidh sin.
 
aer
Bhí fataí go haer aige i dtús bliana agus is deacair a chreistiúint go bhféadfadh sé caitheamh a chur iontub ar fad.
 
agair
Nach bhfuil a fhios agat go maith gur agraigh Dia ar dhuine anó mar sin a ligean air fhéin — tús na breithe ag mac Dé.
+
Níl do chuid aiféala ach ina tús — greamóidh an aiféala dhuit faoi rud eicínt a rinne tú, nó adúirt tú, agus go mb'fhearr leat gan a dhéanamh ina dhiaidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh mé go Meiriceá i dtús m'óige agus níl tada dhá aiféala orm — níl aon aiféala orm go ndeachas
 
Tá an chearc sin an-aiféalach. Nuair a shíleanns tú í a bheith dhíot, níl tú ach ina tús (cearc = influenza)
 
É fhéin a bhí ina thús-scéil leis agus ná féachadh sé leis an milleán a bhualadh thall ar aon duine eile.
+
buille
Níor buaileadh buille mhaide ann ó thús deireadh go tosaigh.
TUILLEADH (1) ▼
Tá an bhó buille suaite thar mar a bhí sí i dtús bliana.
 
ainm
Ní fhéadfadh sé aon dea-chríoch a bheith air, tús na breithe ag Mac Dé, agus a liachtaí uair a bhfuil a ainm tugtha síos le chuile mhí-ádh.
 
aire
Dhá mbeadh breith ar a aiféala aige anois, thabharfadh sé aire dhó fhéin ó thús — d'fhanfadh sé amach as an anachain nó as an gcontúirt srl.
 
Bhain muid tamall amach ag imirt i dtús oíche.
 
Séard atá mise a cheapadh amach, nár iarr sé í ó thús deireadh go tosaigh
 
áirc
Bheadh an áirc déanta agat ó thosaigh sé, agus dheamhan cosúlacht tús na deireadh fós air.
+
Fionn 1
Le sioc tús oíche a dhíol Fionn na bróga (agus le sioc deireadh oíche a cheannaigh sé aríst iad) — ní buan é an sioc tús oíche; má shiocann sé tús oíche beidh báisteach ann roimhe mhaidin. Bhí a fhios ag Fionn nach mbeadh gá le na bróga aige agus sioc tús oíche a bheith ann, ach leis an sioc deireadh oíche, thuigfeadh sé go raibh an aimsir ag dul ar chruas
TUILLEADH (3) ▼
Caithfidh sé tuairt roimhe mhaidin. Is furasta a aithinte air é. Sioc tús oíche i gcónaí. Le sioc tús oíche a dhíol Fionn na bróga
Le sioc tús oíche a dhíol Fionn na bróga agus le sioc deireadh oíche a cheannaigh sé aríst iad. Sin é a fhearacht ag an oíche anocht é. Tiocfaidh sé ina bháistigh. Bhí glaisriú seaca caite aige anocht shula ndeachaigh an ghrian faoi. Tá sé ar a táirm fós, ach m'anam gur ag sioc as smúit atá sé anois. Smúit bháistí í sin. Níl oiread agus an réalt ar an aer.
Is aisteach na goití atá an aimsir seo a chur di fhéin. Níl oíche ar bith nach mbíonn sioc ann in ucht am suipéir agus báisteach as sin go maidin. Tá sé amhlaidh aríst anocht. Chomh siúráilte leis an saol déanfaidh sé scaird eicínt anocht aríst. Ar ndóigh le sioc tús oíche a dhíol Fionn na bróga. Ní raibh néal ar bith air. Bhí a fhios aige nach cruas a bhí air