Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

trá (50+)

+
An raibh feadhnach mór sa trá inniu? … D'éireodh dhóibh. Ba é an lá é. Bhí trá lom bhuan ann.
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh de bharr na trá inniu againn ach cheithre fheadhnach capaill. Meas tusa nár dhona an fáiteall é sin ag triúr!
 
→ focal
Thug sé láimh agus focal di go bpósfadh sé í, ach ghread leis i ngan fhios de shiúl oíche agus níor facthas ariamh ní ba mhó é. Na tíortha coimhtheacha a thug sé air féin agus d'fhága sé ise ar an trá thirim
 
Tá Cloch an Mhioscáin le feiceáil ag freagairt anois. Sin tús trá — tá barr na cloiche seo — Cloch an Mhioscáin — ag nochtadh as an bhfarraige mar tá sé ag trá
 
Ní bheidh an trá freagrach amárach. Beidh sí ann rómhoch
 
Fágfaidh mé an Luan ag an gcladach. Is beag eile a bheas déanta agam ach a mbeidh mé réidh leis an trá — ag obair sa gcladach a bheas mé Dé Luain
 
→ fána
Chaith sé amach é féin le fána na céibhe agus shnámh sé isteach ar an trá
 
Chreidfinn go raibh coill le bruach na farraige fadó. Is minic a d'fheicfeá mioncharcaireacha agus maidí giúsaí i mbarr na trá, ach a dhul síos buille domhain.
 
Má tá an uair coimhthíoch fhéin le fada, gheobhaidh muid triomach dhá réir as seo amach. Níl tuile dhá mhéad nach gcaitheann sé an fhad eile a thrá, agus sin é fhearacht ag an aimsir é. Níor dhún Dia ariamh bearna nach n-osclódh sé ceann eile.
 
An té a dhéanfadh comaoin den tsórt sin do dhuine, níor cheart duit do shúile a dhúnadh air. Ach cén neart a bhí agam air agus an té a bhí in mo bhail. Ní cheideonainn ar a dtug tonn ar trá é.
 
→ cora
Ní theastóidh aon iomlacht uait — féadfaidh tú a dhul an chora — uair ar bith ó thús trá amach, go dté sé ar thuile aríst.
 
'Sé an chaoi a mbeidh sí ar ball, fágtha ansiúd ar an trá thirim, gan Murchadh gan Mánas. Ní hé a mhalrait de chosúlacht atá uirthi agus chomh deacair is atá sé í a shásamh faoi fhear — ní iarrfaidh fear ar bith í as deireadh na cúise.
 
→ baile
Is cuma leis siúd céard a dhéanfas teach ná baile, talamh ná trá.
 
Ó thosaíonn sé ag trá chor ar bith, ní fhanann faice (uisce) sa gcoigéilín sin, ach ní fhéadfá a dhul anonn ar an oileán ina dhiaidh sin gan iomlacht a fháil.
 
Mura bhfuil mé ag dul amú go mór, is bean í sin a thiocfas (rachas, ghabhfas) ó chrích. Bhí neart le fáil aici, ach níor thapaigh sí a deis. Ag dréim le boic mhóra a bhí sí i gcónaí, agus gan aon aird acub sin uirthi. Anois, tá sí fágtha ar an trá thirim.
 
→ beo 1
Chuaigh gaineamh beo faoina shúil an lá faoi dheireadh agus iad ag déanamh spraoi ar an trá, agus shílfeá go bhfuil sí dúnta aige ó shin. Is olc an éadáil é an gaineamh beo sin le dhul faoi shúil duine. Tá sé crua géar.
+
Bhí brachlainn ar Bharr na Cora a bhí ag dul míle san aer, agus chuaigh bád na Trá Báine siar ina dhiaidh sin.
TUILLEADH (1) ▼
Is mór a chruthaigh na curachóirí agus srianadh isteach thrí na brachlainneachaí agus na maidhmeannaí móra a bhí ar Charraig Bhéal Trá.
+
→ breá
Trá bhreá (trá mhór, nó trá rabharta); béilí breá (béilí maith, nó go hiondúil béilí a mbeadh fairsinge ann); sioc breá (sioc mór); fataí breátha (fataí móra)
TUILLEADH (2) ▼
Tá trá bhreá ann inniu.
Lá breá, trá bhreá agus cailíní deasa (leathfhocal) — trí rud a bheadh fóinteach do dhuine
 
Mharaigh mé cupla bromóg ar charraig Bhéal Trá, ach dheamhan de théagar iontub.
 
→ bruach
Bruach an phortaigh, an bhóthair, na habhann, na locha, na farraige, lócháin, an bhoird, an bhéil, na carraige, na trá, na huaighe srl.
+
→ aer
Is mór an t-aer dhuit bualadh síos go Bóthar na Trá ar feadh coicíse — is mór an t-éirí amach duit é
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé ag déanamh aeir i mBóthar na Trá ar an saol seo chuala mé
+
Chaith mé an lá ag aermaíocht dom fhéin abuil na fámairí i mBóthar na Trá.
TUILLEADH (1) ▼
Is mór an áit aermaíochta é Bóthar na Trá chuile shamhradh.
+
Buaileadh soitheach ar Charraig Bhéal Trá ansin thíos fadó agus chaith sí ráithe ann sular féadadh í a thabhairt as.
TUILLEADH (2) ▼
D'fhuadaigh an gála isteach ar thanaíochan í nó gur buaileadh í i mbéal na trá.
Ar thrá gainimh a buaileadh an loing, agus ní raibh aon ghair aici é a fhágáil, arae bhí an rabharta ag cúlú agus ní raibh a díol uisce snámha aici. Tharraing loing eile as í faoi dheireadh le graiféid mhóra
+
→ buail
Bhí sé chuile orlach chomh maith dhuit urchar a chaitheamh ar thulán leis an áit a bhfuil tú dhá chaitheamh. Nach bhfuil a fhios ag do chroí istigh nach mbuailfidh breac ar bith ansin thú. Tá an iomarca tanaíochain ann, agus é ag trá fós. Bheadh deis buailte eicínt ar bhreac dhá dtéiteá ar na starráin sin amuigh.
TUILLEADH (1) ▼
Bhíodh muid ag bualadh báire bheag thíos ar an trá fadó.
 
Tá an-bhualadh ar bhóthar na Trá inniu — tá triall agus tarraingt na ndaoine ann. Is annamh a baintear leas as mar seo
 
→ buille
Buille eile agus bheadh sí buailte agat ar an trá.
 
→ aird 2
Níl mé a thabhairt d'aird ort ach an oiread is a thabharfainn ar cheol ladhráin trá (ar dhreolán teaspaigh)
 
→ aire
Fágadh an piodarlán ag tabhairt aire don teach mar bhí cúnamh ag teastáil sa trá — fágadh an gasúirín beag ag cumhdach an tí mar bhí an dream eile ar fad ag teastáil ag baint fheamainne.
 
Siúd é an áit a bhfuil an chréafóg atá airiúil. Dhéanfadh sí sprus in do ghlaic mar ghaineamh trá. Ach is beag an t-ionadh sin. Nár dheir siad gurb é an talamh is fhearr in Éirinn é.
+
Tá an talamh atá thíos ag ceann Bhóthar na Trá le baint amach as éadan anois agus le roinnt ar na tionóntaí.
TUILLEADH (1) ▼
Níor bhain sé amach ar muid a thabhairt ó cheann Bhóthar na Trá go Gaillimh ach trí pínne an duine
 
→ airde 2
Bhí béal na trá uileag coipthe le airde farraige anocht — airde mara
 
Síleann an t-antlachán go bhféadfaidh sé an dá thrá a fhreastal: a bheith ar an bportach agus ag an gcladach in éindí.
 
Is gearr é foghail mná ar an trá fheamainne siúd — níl bean in ann mórán den fheamainn a bhaint ar ghualainn a bhfuil le baint
 
→ fuadar
Fuadar mná atá fút! Is furasta a aithinte ort é. Ní bheifeá chomh beo ar do chois ag dul i dtrá fheamainne
+
Bhí íochtar Chaladh an Uisce leis, agus ní fheictheá é sin leis, ach le an-thrá — bhí sé tráite amach go dtí an chuid is faide i bhfarraige de Chaladh an Uisce agus murach go raibh an rabharta an-mhór, ní bheadh sin le feiceáil
TUILLEADH (2) ▼
Más leat íochtar trá a bhaint, ní fhéadfaidh tú a bheith chomh triollata sin ar na cosa — má tá fút an fheamainn atá ar an gcuid is faide amach den trá a bhaint, caithfidh tú do chosa a fhliuchadh
Tá fás maith feamainne duibhe le íochtar, ach tá sí scáinte aníos i mbéal na trá — fásann an fheamainn tiubh síos i bhfad sa gcladach, ach tá léasáin sa bhfeamainn de réir mar tharraingeos tú aníos ar an trá nó níos gaire don talamh
 
→ folc
Níl brí tráite fós aige. Chomhuain is a fheicfeas tú gob na C. folctha, ní bheidh aon bhaol air a bheith ina thrá
 
Caithfidh an gobadán an dá thrá a fhreastal — dhá rud, dhá obair srl. a dhéanamh in éindí
 
Fuaigh siad siar Bóthar na Trá inniu ag fámaireacht daofa fhéin. Tá an-tsaol acu
 
Tá go leor fámairí i mBóthar na Trá i mbliana