—
suim, tóir, spéis, aire, géilliúint, éisteacht.
+–
Ná tabhair aon airde air sin — ná géill dó; sa méid adéarfaidh sé, nó in aon chomhairle dhá gcuirfidh sé ort; ná cuir aon tsuim ann.
Dheamhan a dhath airde a thug mise air.
TUILLEADH (10) ▼
Is mairg a thabharfadh aird ar ghasúir.
Baol air siúd aon airde a thabhairt ar aon duine ach ropadh leis an gceird sin, chomhuain is a bheas aon phínn aige.
Níor tugadh aon airde orm thairis sin — níor tugadh mórán airde orm
Má thugann tusa airde ar bhréaga agus ar chumadóireacht, cuirfidh siad thar bharr do chéille thú.
Tugann tú an iomarca airde uileag ar chomhráití daoine nach bhfuil ar mhaithe leat.
Tabhair thusa airde ar nathaíodóirí Sh. Mh. agus beidh leat!
Níor thug mé a dhath airde ariamh (aird ar bith) ar a chuid gaotaireachta, ach an oiread agus dá gcoinníodh sé a bhéal ar a chéile.
Níl mé a thabhairt d'aird ort ach an oiread is a thabharfainn ar cheol ladhráin trá (ar dhreolán teaspaigh)
Ná bac leob sin aird a thabhairt ar thada, ach ar chártaí agus ar chuartaíocht.
Má thugann tú airde air an ógánach sin, ní thabharfaidh tú airde ar do leas.
+–
Bhí sé ag cur dhe, ach fuair sé aird go deimhin — níor tugadh aon ghéilliúint dó ná aon éisteacht
Ní bhfaighidh tú a dhath airde uaidh siúd.
TUILLEADH (2) ▼
Thug mise fúthub go binn ach ba é an cás céanna dhom é le a bheith i mo chónaí scáth a bhfuair mé d'aird (scáth ar tugadh d'aird orm; scáth an aird a tugadh orm)
Tá a dhá dhíol airde uileag dhá fháil ag an gceann céanna ó dhaoine.
+–
Dhá mbeadh airde ar do ghnaithe agat, ní ag imeacht ag bóithreoireacht ar an gcaoi sin a bheifeá.
Ní raibh aon airde ar a theach ariamh ag an gceann sin agus tá a shliocht air anois, is gearr a bheas aon teach aige.
TUILLEADH (11) ▼
Ba chóra dhuit airde a bheith agat ar do chuid leabhar ná a bheith ag géilliúint do scabhaitéaraí atá ag iarraidh thú a chur i mbealach do bhasctha.
Ní fhaca mé aon chailín óg ariamh atá a laghad airde ar do ghnaithe leat.
Dheamhan airde ná cuid d'airde aige siúd air a ghnaithe.
Níl aire ná aird agaibh ar luach leithpínne mura mbí mé fhéin istigh le freastal do chuile shórt — níl aon airde agaibh ó Dhia anuas ar thada srl
Cá'il an aird acub air — cén aird atá acub air?
D'uireaspa aird ar a ghnaithe (ar a cheann posta srl.) a d'fhága go dona é.
Iomarca aird ar an ól a d'fhága ag caitheamh na miotán é
Ní ar a ghnaithe a bheadh airde aige leath chomh maith.
Dheamhan lá airde acub siúd ar shagart ná ar bhráthair.
Is suarach an aird atá aige orm — is suarach sin.
Níl airde aige ar Dhia ná ar Mhuire, ar aifreann ná ar ord.
+–
Beidh siad gan aird ina cleithiúnas sin — má fhágtar fúithi sin iad, ní thabharfaidh sí mórán aire dóibh
Tá mé gan aird, i gcleithiúnas a bhfuil sa teach seo — ní thabharfaidh aon duine dhá bhfuil sa teach seo aon aire ná aon iongabháil dom
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé caite ansin gan aird ar bith le leathbhliain — níl duine ar bith ag breathnú ina dhiaidh
Tá an lao sa ngarraí sin thíos gan airde ar bith le seachtain.
aird in iontrálacha eile (50+)
Bhí mise ag teacht aníos an Daingean lá agus chonaic an fear fobhairne a bhí agam — S. Gh. — na breilleogaí léin sin. Ba bheag nár thit sé as a sheasamh. Ba é búm an tseoil mhóir a choinnigh ar a chosa é. Ara diabhal aird ar bith a thug mise orthu!
→
foilsigh
Ba deacair dóibh an t-ádh a bheith orthu, go mba leo fhéin uainne é. Shíl siad go raibh siad ina rith seoil ceart críochnaithe anois. Bhí a dhá láimh timpeall ar an saol. Ach is ag Dia is fhearr a fhios. Foilsíonn Dia an chneámhaireacht agus an míscrupall i gcónaí. Is fada ar an saol mé agus níl aon lá ó tháinig cuimhne dhom nach amhlaidh a fheicim é. Chuala tú an scéal faoin bhfear a chonaic fear eile ag marú duine agus dhá chur i ngan fhios. Mhionnaigh sé agus mhóidigh sé mura bhfoilsíodh Dia é nach mbeadh aon aird aige fhéin ar Dhia níos mó. D'fhan mar sin. Chonaic sé go raibh an saol ag féithiú leis an té a rinne an marú … Sin é an chaoi a raibh sé. Bhí fear eile marbh cheana ag an té a maraíodh. Nach maith gur fhoilsigh Dia an choir sin!
Siopa follasach atá aige. Tá sé i lár na sráide agus airde agus méid aige ar a bhfuil de shiopaí eile sa tsráid. Feicfidh tú an t-éadach ar an bhfuinneoig
→
freagair
Ach meas tú cén chaoi a maireann a bhfuil ag iarraidh a gcodach i nGaillimh chor ar bith? Tá an baile mór foirgthe anois. Foirgthe ceart. Ní ghabhfá dhá choisméig nach mbeadh duine ag dilleoireacht ort. Agus iad chomh spleách chomh anóiteach! Sea agus cuid acu beathaithe bláfar! Ar ndóigh is den tsonas an achainí, ach den donas a bheith dhá freagairt. M'anam an té a thabharfadh aird orthu siúd gur ghearr gurb é mála na déirce a bheadh air fhéin!
Tá sé ag líochán an chosáin ina diaidh sin leis an fhad seo aimsire agus gan d'aird aici sin air ach an oiread is dhá mba madadh é. An leadhb! Breá nach ligeann sé di fhéineacht nuair nach bhfuil sí ag tabhairt aon ugach dó. Is olc an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt
→
fág gan
Shílfeá gur mór an díth céille atá air a dhul ag cur anró air fhéin ag baint fheamainne le curach, agus dalladh feamainn dubh — airde crann loinge dhi — thíos ansin thíos aige ar chóngar. Ach ní minic leis an gceann céanna gan an chontráil a dhéanamh. Oibríodh sé leis. Ag treabhadh an tsléibhe agus an talamh réidh a fhágáil gan cur. Sin é a fhearacht aige sin é
→
fáinne
Chuaigh inín an rí suas go dtí an fhuinneoig ab airde sa gcaisleán agus d'fhéach sí i bhfáinne na feiceála agus chonaic sí an Gruagach ag teacht agus naoi n-iomairí agus naoi n-eitrí aige i ngach coisméig, agus chúig ghleann i ngach truslóig
→
fán
Níor cheart dó aird a thabhairt ar athair ná ar mháthair, ach a dhul agus a pósadh ó thaitnigh sí leis. Ní phósfaidh ceachtar acu anois go brách feicfidh tú, ach iad ag dul i bhfán ar a chéile mar sin choíchin
→
fánán
Bhí sé ceart go leor sna fánáin ach b'éigean dhom na haird ar fad a shiúl. Bhí an-ghála in m'aghaidh
→
cab
Tá an fánán aníos líonta (le clocha) aníos cab ar chab le ucht an aird. Is beag an caitheamh le fána a bheas ann ach iad siúd a bheith réidh leis.
Shíl mé gur céad fear a bhí ag teacht nuair a chuala mé an chantaireacht ag Casadh an Aird. Cé bheadh agam ann, ach Nell agus Bríd!
Dhá ndéantaí an scéal a cheartú agus a chur i ngéill (i gcéill?) dó, chaithfeadh sé airde a thabhairt air.
Is olc an chinnireacht a fuair an créatúr. Fágadh ina dhílleachta an-óg é, agus dheamhan mórán airde a thug muintir na seanmháthar air, rud nach milleán orthub agus an cluiche a bhí acub fhéin ann.
→
cinnire
Ar ndóigh, mura dtuga tú aon airde ar chinnire an phobail, tá sé mór againne a dhul i gcleithiúnas aon chomhairle a chur ort
Ara lig de do chuid clabaireacht, agus ná bí do mo bhodhrú léithe. Dheamhan aithne ort nach dtabharfaidh daoine aird ort.
→
claibín
B'fhurasta a aithinte dhuit, dhá mbeadh aon aird ar do ghnaithe agat, gurb in é a d'éireodh dó. Ní áit ar bith a leithide de rud a leagan ar forbhás ar chlaibín an chomhra. Ceannóidh tú ceann nua anois, muis!
Tháinig cupla lá faoi Fhéile Sin Seáin anuraidh agus bhí siad chomh coimhthíoch le laethantaí na Riabhaí. I nDomhnach, fhóbair gur fhuadaíodh mé as an bPáircín Aird ansin thuas!
Bíonn an dream sin siar ag saighdeoireacht nó ag coinnleoireacht chuile oíche anois ó buaileadh síos ceann na maor. Dheamhan mórán airde ag na maortha eile orthub, ní nach ionadh, ó tharla nach bhfuil tada dhá gcaillteamas fhéin leis.
Bíonn sé coitianta go maith anois i S. Th. théis gur uair sna naoi n-aird a thagadh sé ann roimhe seo.
→
conán
Is mór is fhiú conán socair sásta mar sin, nach mbeidh aird aige ar thada ach a ghnaithe a dhéanamh.
→
cora
Caitheann sibh cosamar fataí amach ansin chuile lá agus dheamhan aird agaibh air, ach é fhágáil ansin ina chora. Gheobhtaí rud eicínt le caitheamh a chur ann, murach go ligeann sibh amú é.
→
cosacán
An bhfuil a fhios céard atá le déanamh leis an asal sin, cosacáin a chur air, agus a smut a bhualadh ar a chois tosaigh ina aice sin. Mura múine sin é, caith le gunna é. Níl aon gharraí ar an mbaile nach bhfuil ina bhéal in airde aige.
+
→
cóipís
Má thugann tú aird ar a chuid cóipíse sin, is gearr go mbeidh tú chomh dona leis fhéin. Cluais (cluas) bhodhar a bhí agat a thabhairt dó.
TUILLEADH (2) ▼
Lig de do chuid cóipíse anois, arae níl aon duine ag tabhairt airde ort.
Cén somhaoine dhuit a bheith ar chóipís den tsórt sin. Ní thabharfaidh aon duine lá aird' ort.
→
cóisir
Ba mhór an chóisir bainse í. Bhí carrannaí ó Mhullach an Aird go dtí Gleann an Fhóidín, agus ar ndóigh mo léan, bhí J. i dtosach cóisireach. Dheamhan gnaithe a dhéanfaí dhá uireasa.
→
bannaí 1
Níl airde ar bith le fáil ag bannaí béil sa dlí mura mbí aon scríbhinn ná aon fhianaisí ann.
+
→
bealach
D'fhiafraigh mé fios an bhealaigh de scrománach mór a raibh a dhroim le balla aige agus má d'fhiafraigh fhéin, is beag an aird a thug sé orm.
TUILLEADH (2) ▼
Tabhair airde ar sin agus cuirfidh sé ar bhealach do leasa thú! — bealach a bhasctha atá i gceist
Is beag an airde a bhéarfas sé sin ar aon duine atá ar mhaithe leis ná a chuirfeadh ar bhealach a leasa é.
→
coiric
Bhuailfeadh sé a chloigeann ar choiricín an tséipéil sin thoir. Ní fhaca tú aon duine go hiomaí is airde ná é.
+
→
crinn
Géillfidh siad i gcónaí don bhréag, ach dheamhan aird ar bith a thabharfas siad ar chnáimh chrinnte na fírinne. B'fhearr do dhuine a bhéal a choinneáil ar a chéile ná a dhul i gcleithiúnas rud ar bith a chur isteach ina gceann.
TUILLEADH (1) ▼
Gheobhaidh sí cnáimh le crinneadh passáil agus a laghad airde agus a thug sí ar a cuid leabhar ó tháinig an bhliain.
+
→
críoch
Dheamhan ríochan ar bith le M. Dhá dtugtaí aon aird ar a chuid cíble, chuirfeadh sé dhá Chrígh Mhuire in oighear an chochaill, de ghrá magadh agus gáirí a dhéanamh fúthub aríst é fhéin.
TUILLEADH (2) ▼
Mura bhfuil mé ag dul amú go mór, is bean í sin a thiocfas (rachas, ghabhfas) ó chrích. Bhí neart le fáil aici, ach níor thapaigh sí a deis. Ag dréim le boic mhóra a bhí sí i gcónaí, agus gan aon aird acub sin uirthi. Anois, tá sí fágtha ar an trá thirim.
Ba bheag an aird a bhí aici sin ar chomhairle athar ná máthar, ach déanamh mar a thogair sí fhéin. Beidh a shliocht uirthi anois. I nDomhnach, b'fhéidir go gcaoinfeadh sí fhéin sin anois agus í ó chrích go brách.
+
→
cuach
Ba mhaith uaithi sin daoine a chuachadh suas roimhe seo le laethanta oibre a thabhairt di, ach dheamhan mórán airde ag aon duine anois uirthi. Fuair chuile dhuine amach cé hí fhéin.
TUILLEADH (1) ▼
Má thug sé mórán airde uirthi siúd, chuach sí suas é ar ais aríst. Dhá mbeadh aon splanc fir ann, ní thaobhódh sé í níos mó
+
→
beo 2
Ní hé a bheo ná a mharbh atá ag cur imní ar siúd ach ól agus éirí in airde.
TUILLEADH (3) ▼
A Thiarna, nach diabhlaí beag an tsuim atá ina bheo ná ina mharbh ag an ngasúr sin, a dhul ag marcaíocht ar an mbromach agus gan fhios aige nach tosaí ar gabháil dá tóin in airde a dhéanfadh sí agus é a chaitheamh anuas.
Dheamhan a raibh de shiocair ariamh aige ach bun eicínt a dhul i mbeo na hiongan — sa laidhricín — agus shéid sí suas go raibh sí an airde sin, slán an tsamhail. B'éigean do na dochtúirí í a bhaint dhe, arae dúirt siad go dtiocfadh an drochábhar suas thríd an láimh fré chéile.
Chaithfeadh sé gur theangmhaigh mé le beo na coise nó ní thosódh sé ag gabháil dá tóin in airde mar sin.
→
bioraím
Tá sé thar am na claíochaí sin thuas a bhiorú feasta agus gan iad a bheith ina mbéal in airde ag an tír. Sách fada atá cead scoir ag caoirigh chuile dhuine ar a (ár) gcuid ó tháinig an bhliain.