Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
aireachas
1.
faire.
a.
+
"Tá aireachas chrua ghéar orm faoi a dhul amach san oíche" (líne as An Sceilpín Droigheanaigh) — tá airdeall nó faire orm ar fhaitíos go dtiocfainn amach san oíche
Dhá mhéad aireachais dhá bhfuil air, baineann sé braon as i ngan fhios ina dhiaidh sin — dhá mhéad an t-airdeall atá air, ólann sé braonachaí i ngan fhios, ainneoin sin
TUILLEADH (2) ▼
Is beag an mhaith dhóibh cén t-aireachas a choinneos siad air, déanfaidh sé an millteanas ina dhiaidh sin.
Beidh siad gan aireachas agat go mbeire na póilíos orthub.
+
Tá aireachas ar a chuid móna aige i mbliana agus dheamhan a mór dhó sin, agus a bhfuil de chneámhairí ag forcamhás uirthi.
Tá aireachas mhaith aige ar an gcladach le gairid — bíonn sé san airdeall ar fheamainn a cuirfí isteach le go n-éireodh a chion leis di
TUILLEADH (15) ▼
Tá aireachas ar an inín ar an aimsir seo mar chuala an t-athair agus an mháthair go raibh sí ag céilí i ngan fhios dóibh tá coicís ó shin ann.
Is deacair di a dhul in aon áit leis an aireachas atá uirthi
Tá an oiread aireachais aige ar an mbean sin agus dá mba í Helen le ar scriosadh an Traoi fadó í.
Dheamhan aithne air nach í spéir na gréine aige í leis an aireachas atá aige uirthi! — shílfeá gur rug sí bua ar áille leis an airdeall atá aige uirthi
Is deacair dhó mórán a dhéanamh i ngan fhios leis an aireachas atá ag an athair air.
Tá aireachas ghéar ag na gardaí air ó d'éirigh sin suas thiar ansin (.i. ó tharlaigh an rud sin thiar ansin thiar)
Ní mór dhuit aireachas a choinneáil ar do chuid caorach tharas iad a bheith ag déanamh plaicín gabhair de mo cheapachín phlandaí — caithfidh tú a bheith san airdeall ar do chuid caorach agus gan iad a ligean i mbradaíl in mo ghoirtín plandaí mar tá ciseach déanta acub de
Is mór mór an náire dhuit é nach mbíonn aireachas agat thairis sin ar do chuid gamhna agus gan cead scoir a thabhairt dóibh ar fud na tíre — is mór an náire dhuit é nach mbíonn airdeall agat ar do chuid gamhna agus gan iad a bheith imithe ar a gcomhairle fhéin ar fud na tíre
B'fhéidir go mbeadh aireachas agat ar do chuid caorach má bhíonn ort a dhul chuig an ngarraí gabhann ina gcoinne
Dhá mbeadh aon aireachas agaibh ar an teach, ní béal in airde a bheadh sé ar theacht dom.
D'fhága mé ag tabhairt aire don teach í ach is beag an aireachas a bhí aici air.
'Furasta a aithne gur beag an aireachas a bhí agat ar na tornapaí. Dhá mbeadh, ní fhágfá ag bruith iad go raibh siad ina bpráib.
Dhá n-imínn go minic, ní bheadh mórán aireachais ar thada in mo dhiaidh
"Choinnigh Cod aireachas orthu ó chuadar isteach sa mbád fada" (fc. Loinnir Mac Leabhair, lch 127)
Théis a raibh d'aireachas agam air, d'ardaigh sé leis orm é ina dhiaidh sin.
+
Déan aireachas maith ar na beithígh sin go trathnóna agus ná lig i mbradaíl iad ar a bhfaca tú ariamh.
Ba é an rud ba lú dhaoibh aireachas a dhéanamh ar na capaill agus gan iad a ligean sa bhféar.
TUILLEADH (5) ▼
Tuige nach ndearna tú aireachas ar an asal tharla nach raibh tada eile ar t'aire.
Punann bhradach í sin nach ndéanfadh aireachas ar aon cheo — bean mhór mhístuama leisciúil nach mbeadh san airdeall ar aon cheo
Is ait uaidh aireachas a dhéanamh — tá sé go maith ag faire ruda
Mura bhfuil sé de rún agat aireachas a dhéanamh orthub (ar na beithígh) éirigh astub agus déanfaidh duine eicínt eile é
Dheamhan aireachas a dhéanfadh sé sin orthub, ná cuid d'aireachas
·
Níl aon fhear aireachais le fáil inchinnte air — tá sé an-airdeallach amach is amach agus go tofa ag déanamh faire
b.
+
Dhá gcaithinn an lá ag aireachas ar an asal sin, thiocfadh sé i mbradaíl ina dhiaidh sin — thiocfadh sé ar chuid na comharsan de mo bhuíochas
Chaith mé an lá ag aireachas air agus d'éalaigh sé uaim ina dhiaidh sin is uileag (.i. is uile)
TUILLEADH (5) ▼
Is maith an cheird dhom a bheith ag aireachas air — níor mhór dhom an t-am ar fad agus gan tada eile a dhéanamh ach san airdeall air
Níor mhór dhuit a bheith gróigthe ar an gclaí ag aireachas ar na gabhair sin, agus ní choinneofá sáinnithe iad ina dhiaidh sin théis do dhíchill.
Tá gotha na cneámhaireachta ar an asal sin. Ní mór dhaoibh fanacht ag aireachas air nó tiocfaidh sé thar claí
Is fada aríst go bhfága mise ag aireachas ar thada an tuaifisc sin. Bhí cis ar easair déanta den fhéar ag na beithígh romham dhá barr.
Ní fiú trumpa gan teanga thú ag aireachas ar thada. Dúirt mé leat na fataí a thógáil chomh luath agus a d'aireofá ag cnagadh iad, ach ina leaba sin, d'fhága tú ag bruith iad go raibh siad ina mionbhas
2.
airdeall.
+
Bí san aireachas air faitíos go mbuailfeadh sé an gasúr sin.
Mura mbí tú san aireachas air, déanfaidh sé mísc ort.
TUILLEADH (7) ▼
Tá sé chomh hábhailleach sin agus nár mhór do dhuine a bheith san aireachas air i gcónaí.
Is maith nach mór dhuit a bheith san aireachas air, nó sin é an ceann céanna a imreos ort.
Bí san aireachas air go bhfeice tú cá dtiocfaidh sé.
Bí san aireachas ar na fataí sin agus tóg iad nuair a bheas siad cnagbhruite
Bí san aireachas ar fhear an phosta agus ar an dá luath agus a maolóidh sé Cloch an Tortáin anoir, lig fead ghlaice orm.
Is maith atá sé san aireachas air fhéin agus ní mór dhó — mura mbí sé san airdeall ar fhéin go maith, béarfar thall air; cniogfar é srl.
Dhá fheabhas dhá mbeidh sé san aireachas ar fhéin, is maith a chruthós sé nó tabharfar faoi na foraí (fabhraí) dhó é uair eicínt.
+
Bí ar t'aireachas féin anois; ní bheadh a fhios agat cén pointe a mbuailfeadh sé thú — fainic; bí san airdeall air, mar bhuailfeadh sé thú gan aireachtáil
Ní mór dhuit a bheith ar t'aireachas féin feasta, faitíos Thaidhg. Tá sé bruite ar bhainne aige dhuit.
TUILLEADH (12) ▼
Caithfidh mé a bheith ar m'aireachas féin níos mó air mar chuala mé go raibh sé geallta aige dhom an chéad áit a bhfaigheadh sé deis orm — caithfidh mé bheith san airdeall orm féin feasta mar tá sé geallta aige go mbuailfidh sé mé ach é ag fáil deise orm
Fainic nach mbeifeá ar t'aireachas féin go maith air siúd mar 'sé úll na haithne é agus é spadhartha.
Ní raibh sé ar a aireachas féin nuair a thug sé an buille speirthe (r leathan) dhó — bhuail sé go fealltach é agus gan aon tsúil aige leis.
Duine ar bith a gheobhas sé faoina neart, ní foláir dhó a bheith ar a aireachas fhéin air — duine ar bith a aireos sé níos laige ná é, níor mhór don duine sin aire mhaith a thabhairt dó fhéin air.
Bí ar t'aireachas fhéin ar mhadraí an bhaile sin thiar. Tá siad drochmhúinte.
Más leat a dhul chuig an gcéilí anocht, is maith nach mór dhuit a bheith ar t'aireachas féin má chastar aon duine d'amhais Chonamara aniar ann.
Tá marú na gcéadta ar a láimh sin. Bí ar t'aireachas fhéin uirthi.
Ní mór dhó a bheith ar a aireachas fhéin go maith — tá marú duine ar chuile dhuine dhá mbeidh ag an mbainis sin anocht.
Seachain nach mbeifeá ar t'aireachas fhéin ag an gcrosbhóthar. Ní bheidh mac na scine ansin, gan ráibéad cloiche ina phóca, nó miodach i gcúl a ghlaice.
Ó thug tú do shláinte leat as, b'fhéidir go gcuirfeadh sin ar t'aireachas thú aríst faoi na bólaí sin — ó tháinig tú slán as, b'fhéidir go gcomhairleodh sin aríst thú faoin áit sin.
Beidh tú ar t'aireachas fhéin ann an chéad uair eile, mise i mbannaí!
Bí ar t'aireachas fhéin mar tá an diabhal agus a mháthair ar do thí — ní mór dhuit a bheith san airdeall go maith mar tá go leor daoine in do dhiaidh go bhfaighe siad deis ort le do chniogadh
+
Cuirfidh mé ar t'aireachas thú má fheicim tada ag teacht — cuirfidh mé ar t'airdeall fhéin thú má fheicim tada ag teacht
Chuir sé ar m'aireachas mé ar na póilíos.
TUILLEADH (3) ▼
Ní chuirfidh mise ar an aireachas é mar is beag an airde a thabharfadh sé orm.
Cuireadh an té is córa dhó ar an aireachas é — an té a bhfuil sé dlite dhó é a chur ar an airdeall, déanadh sé é
Is aon chás amháin é a chur ar an aireachas nó gan a chur. Ní éistfidh sé le aon duine atá ar mhaithe leis

Féach freisin

aire

aireachas in iontrálacha eile (3)

 
Tá sé an-dea-labharthach (dea-labhartha). Ní mhór dhuit a bheith ar t'aireachas fhéin i gcónaí nó gheobhaidh sé brabach ort. 'Sé atá deas air, mo choinsias
 
Caithfidh tú a bheith ar t'aireachas féin ag an doimhneacht atá in áiteachaí sa trá sin le linn lán mhara
 
dóigh 1
'Sílim nach dóigh rómhaith dhuit fuireacht anseo,' arsa mise. 'Deamhan a fhios agam an dóigh rómhaith é ach oiread,' arsa seisean. ''Sé an rud is lú a gheobhadh duine ann fuacht, agus b'fhéidir go bhfaigheadh sé gleadhradh buailte, mura mbeadh sé ar a aireachas féin'