Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Aireachas
1.
faire.
a.
+
"Tá aireachas chruadh ghéar orm, faoi dhul amach 'san oidhche" (líne as "An Sceilpín Droigheanaigh") = tá áirdeall nó faire orm ar fhaitchios go dtiocfainn amach san oidhche.
Dhá mhéad aireachais dhá bhfuil air, baineann sé braon as ingan fhios ina dhiaidh sin = dhá mhéad an t-áirdeall atá air, ólann sé braonachaí ingan-fhios, aindeoin sin.
TUILLEADH (2) ▼
Is beag a' mhaith dhóib, cé'n t-aireachas a choinneochas siad air, déanfa sé'n míllteanas in a dhiaidh sin.
Beidh siad gan aireachas agad, go mbeire na póilíos orra(b).
+
Tá aireachas ar a chuid móna aige imbliadhna, agus dheamhan a' mór dhó sin, agus a 'bhfuil de chneamhairí a' forcabhás uirre.
Tá aireachas mhaith aige ar a' gcladach le goirid = bíonn sé 'san airdeall ar fheamuinn a cuirfidhe isteach, le go n-eireochadh a chion leis di.
TUILLEADH (15) ▼
Tá aireachas ar an inghin ar an aimsir seo, mar chuala an t-athair a's an mháthair, go raibh sí ag céilidhe ingan-fhios dóib, tá coicís ó shoin ann.
Is deacair di a dhul in aon-áit leis an aireachas atá uirre
Tá'n oiread aireachais aige ar a' mbean sin, a's dá mbadh í Hélen le'r scriosadh a' Traoi fadó í.
Dheamhan aithne air, nach í 'spéir na gréine' aige í, leis an aireachas atá aige uirre! = shílfeá gur rug sí buaidh ar áille, leis an áirdeall atá aige uirre.
Is deacair dhó mórán a dheanamh ingan fhios, leis an aireachas atá ag an athair air.
Tá aireachas ghéar ag na gárdaí air, ó d'eirigh sin suas thiar annsin (i.e. ó thárluigh an rud sin thiar annsin thiar)
Ní mór dhuit aireachas a choinneál ar do chuid caorach, fharrus iad a bheith 'déanamh plaicín gabhair de mo cheapaichín phlanndaí = caithfe tú 'bheith san áirdeall ar do chuid caorach, agus gan iad a leigean i mbradghail in mo ghoirtín planndaí, mar tá ciseach déanta aca(b) de.
Is mór, mór an náire dhuit é, nach mbíonn aireachas agad thairis sin, ar do chuid gamhna, agus gan cead scuir a thabhairt dóib ar fud na tíre = is mór an náire dhuit é, nach mbíonn áirdeall agad ar do chuid gamhna, agus gan iad a bheith imthighthe ar a gcomhairle fhéin ar fud na tíre.
B'fhéidir go mbeadh aireachas agad ar do chuid caorach, má bhíonn ort a dhul (ch)uig an ngarrdha gabhann in a gcoinne
Dhá mbeadh aon-aireachas agaibh ar a' teach, ní béal in áirde a bheadh sé ar theacht dom.
D'fhága mé 'tabhairt aire do'n teach í, ach is beag an aireachas a bhí aice air.
'Furast' aithne gurb beag an aireachas a bhí agad ar na turnapaí. Dhá mbeadh, ní fhágfá a' bruith iad, go raibh siad ina bpráib.
Dhá n-imthighinn go minic, ní bheadh mórán aireachais ar thada in mo dhiaidh.
Choinnigh Cod aireachas orra ó chuadar isteach sa mbád fada (féach "Loinnir Mac Leabhair" — l. 127.)
Th'éis a raibh d'aireachas agam air, d'árduigh sé leis orm é, in a dheidh sin.
+
Déan aireachas maith ar na beithidhigh sin go trathnóna, agus ná leig imbradghail iad, ar a bhfaca tú ariamh.
Badh é an rud ba lugha dhaoib aireachas a dhéanamh ar na capaill, agus gan iad a leigean sa bhféar.
TUILLEADH (5) ▼
'Tuige nach ndearna tú aireachas ar an asal, thárla nach raibh tada eile ar t'aire.
Punann bhradach í sin, nach ndéanfadh aireachas ar aon-cheo = bean mhór mhío-stuama, leisceamhail, nach mbeadh san áirdeall ar aon cheo.
Is ait uaidh aireachas a dheanamh = tá sé go maith a' faire ruda.
Mara bhfuil sé de rún agad aireachas a dheanamh orra(b) (ar na beithidhigh) eirigh asta(b), agus déanfa duine eicínt eile é
Dheamhan aireachas a dhéanfadh sé sin orra(b) ná cuid d'aireachas
·
Níl aon-fhear aireachais le fághail inchínnte air = tá sé an-áirdeallach amach a's amach, agus go toghtha a' déanamh faire.
b.
+
Dhá gcaithinn a' lá ag aireachas ar an asal sin, thiocfadh sé imbradghail ina dhiaidh sin = thiocfadh sé ar chuid na comharsan de mo bhuidheachas.
Chaith mé an lá ag aireachas air, agus d'éaluigh sé uaim ina dhiaidh sin a's uiliog (i.e a's uile).
TUILLEADH (5) ▼
Is maith an cheird dhom a bheith ag aireachas air = níor mhór dhom a' t-am ar fad agus gan tada eile a dheanamh, ach 'san áirdeall air.
Níor mhór dhuit a bheith gróigthe ar an gclaidhe, ag aireachas ar na gabhair sin, agus ní choinne(ochth)á sáinnighthe iad 'na dhiaidh sin, th'éis do dhichill.
Tá gothadh na cneamhaireachta ar an asal sin. Ní mór dhaoib fanacht ag aireachas air, nó tiocfa sé thar claidhe
Is fada aríst go bhfága mise ag aireachas ar thada, an tuaifisc sin. Bhí cis ar asair déanta de'n fhéar ag na beithidhigh romham, dhá bárr.
Ní fiú trumpa gan teanga thú ag aireachas ar thada. Dubhairt mé leat na fataí a thógáil chomh luath a's d'aireochthá a' cnagadh iad, ach in a leaba sin d'fhága tú 'bruith iad, go raibh siad in a mionnamhas."
2.
áirdeall.
+
Bí san aireachas air, faitchíos go mbuailfeadh sé an gasúr sin.
Mara mbí tú 'san aireachas air, déanfa sé mísc ort.
TUILLEADH (7) ▼
Tá sé chomh h-ámhuilleach sin, agus nar mhór de dhuine a bheith 'san aireachas air igcomhnuidhe.
Is maith nach mór dhuit a bheith san aireachas air, nó 'sin é an ceann céadna a imreochas ort.
Bí 'san aireachas air go bhfeice tú cá dtiocfa sé.
Bí 'san aireachas ar na fataí sin, agus tóg iad, nuair a bhéas siad cnag-bhruithte
Bí san aireachas ar fhear a' phosta, agus ar an dá luath a's a maolócha sé Cloch a' Tortáin anoir, leig fead ghlaice orm.
Is maith atá sé 'san aireachas ar fhéin agus ní mór dhó = mara mbí sé 'san áirdeall ar fhéin go maith, béarfar thall air; criogfar é etc.
Dhá fheabhas, dhá mbeidh sé 'san aireachas ar fhéin, is maith a chruthóchas sé, nó tiubharfaidhear faoi na forraidhe (fabhraí) dhó é, uair eicínt.
+
Bí ar t'aireachas féin anois; ní bheadh fhios agad cé'n puínnte a mbuailfeadh sé thú = fainic; bí san áirdeall air, mar bhuailfeadh sé thú gan aireachtáil.
Ní mór dhuit a bheith ar t'aireachas féin feasta, faitchíos Thaidhg. Tá sé bruithte ar bhainne aige dhuit.
TUILLEADH (12) ▼
Caithfe mé 'bheith ar m'aireachas féin níos mó air, mar chuala mé go raibh sé geállta aige dhom, an chéad áit a bhfuigheadh sé deis orm = caithfe mé bheith 'san áirdeall orm féin feasta, mar tá sé geallta aige, go mbuailfe sé mé, ach é 'fághail deis' orm.
Fainic, nach mbeitheá ar t'aireachas féin go maith ar siúd, mar 'sé ubhall na h-aithne é, agus é spadhartha.
Ní raibh sé ar 'aireachas féin, nuair a thug sé an buille speirthe (r leathan) dhó = bhuail sé go fealltach é, agus gan aon-tsúil aige leis.
Duine ar bith a gheobhfas sé faoi na neart, ní f'lár dhó, 'bheith ar 'aireachas fhéin air = duine ar bith 'aireochas sé níos laige ná é, níor mhór do'n duine sin, aire mhaith a thabhairt dó fhéin air.
Bí ar t'aireachas fhéin, ar mhadraí an bhaile sin thiar. Tá siad droch-(mh)úinte.
Má's leat a dhul (ch)uig an gcéilidhe anocht, is maith nach mór dhuit a bheith ar t'aireachas féin, má chastar aon-duine d'amhuis Chonamara aniar ann.
Tá marbhú na gcéadta ar a láimh sin. Bí ar t'aireachas fhéin uirre.
Ní mór dhó a bheith ar aireachas fhéin go maith — tá marbhú duine ar chuile dhuine dhá mbeidh ag an mbainis sin anocht.
Seachain nach mbeitheá ar t'aireachas fhéin ag an gcros-bhóthar. Ní bheidh mac na scine annsin, gan ráibéad cloiche ina phóca, nó miodach igcúl a ghlaice.
Ó thug tú do shlainte leat as, b'fhéidir go gcuirfeadh sin ar t'aireachas thú aríst faoi na bólaí sin = ó tháinic tú slán as, b'fhéidir go gcomhairleochadh sin aríst thú faoi'n áit sin.
Beidh tú ar t'aireachas fhéin ann, an chéad uair eile, mise imbannaí!
Bí ar t'aireachas fhéin mar tá an diabhal a's a mháthair ar do thí = ní mór dhuit a bheith san áirdeall go maith, mar tá go leor daoine in do dhiaidh go bhfagha siad deis ort le do chriogadh.
+
Cuirfe mé ar t'aireachas thú má fheicim tada a' teacht = cuirfe mé ar t'áirdeall fhéin thú, má fheicim tada a' teacht.
Chuir sé ar m'aireachas mé ar na póilíos.
TUILLEADH (3) ▼
Ní chuirfe mise ar an aireachas é, mar is beag an áirde a thiubhradh sé orm.
Cuireadh a' té is córa dhó, ar an aireachas é = an té a bhfuil sé dlighte dhó, é chuir ar an áirdeall, déanadh sé é.
Sé'n chás amháin é a chuir ar an aireachas nó gan a chur. Ní éistfe sé le aon-duine atá ar mhaith leis.

Féach freisin

aire

Aireachas in iontrálacha eile (3)

 
Tá sé an-deálabhrach (deálabhra). Ní mhór dhuit a bheith ar t'aireachas fhéin i gcomhnaí nó gheobhaidh sé brabach ort. Sé atá deas air, 'mo choinsias
 
Caithfidh tú a bheith ar t'aireachas féin ag an doimhneacht atá in áiteachaí 'sa tráigh sin le linn lán-mhara
 
dóigh 1
"Sílim nach dóigh ro-mhaith dhuit fuirtheacht annseo" arsa mise. "Deamhan a fhios agam an dóigh ro-mhaith é ach oiread" arsa seisean. "'Sé an rud is lugha a gheobhadh duine ann fuacht, agus b'fhéidir go bhfaigheadh sé gleáradh buailte, mara mbeadh sé ar a aireachas féin"