Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
ana
seal gearr (trí nó ceathair de laethantaí nó seachtain) dea-aimsire nó triomaigh sa ngeimhreadh, nó in am nach mbeadh aon tsúil le dea-aimsir. Tráchtar ar dhá ana sa mbliain: ana na Féile Míchil agus ana beag na Samhna, nó ana na Féile Mártan. Ana na bhfóthannán a tugtar freisin ar ana na Féile Míchil. I ndeireadh mí Mheáin an Fhómhair a thagas ana na Féile Míchil, agus faoi Shamhain nó am ar bith go dtí lár na Samhna a bhíos ana na Samhna nó na Féile Mártan ann.
+
Ar ana na Féile Míchil a thriomaíodh Páidín Á. a chuid móna fadó. 'Triomóidh sí ar ana na Féile Míchil,' adeireadh sé i gcónaí
Níl aon mhaith dhá mhoill, mar adeir an fear a chuaigh ag baint na móna ar ana na Féile Míchil (sin sórt leathfhocal, le cur i gcéill gur ceart crú a chur ar thosach an cheann oibre sin)
TUILLEADH (2) ▼
Más leat é a chur ar an méir is faide (féar a shábháil) fág go dtí ana na Féile Michil é — dúradh le fonóid é le duine díomhaoineach nach raibh ag sábháil a chuid féir ach ag déanamh leithscéalachaí agus dhá ligean thairis ó lá go lá
Ní thriomóidh an féar ar ana na Féile Míchil. Is beag an baol atá air, mar bíonn an ghrian rómhaolaithe sa spéir an t-am sin agus an teas imithe aisti
+
Tháinig ana breá faoi Fhéil Mártan agus bhain mé a raibh d'fhataí i ngarraí an tobair
Beidh ana beag na Samhna ag breith isteach orainn lá ar bith feasta
TUILLEADH (5) ▼
Tabharfaidh sé cupla lá triomaigh uaidh ar ana beag na Féile Mártan.
Tugann sé ana triomaigh uaidh taca na Féile Mártan chuile bhliain — bíonn seal triomaigh ann.
Thug sé ana breá uaidh an bhliain chéanna faoi Shamhain agus bhí daoine suas ar phortaigh ag bailiú agus ag tógáil mhóna.
Is beag bliain nach dtagann ana breá i mbéal na Samhna.
Má thagann ana beag na Samhna mar thaganns chuile bhliain, beidh cúnamh maith againn orthub an tseachtain seo chugainn.
+
Mura dtriomaí sé (.i. an féar) anois, triomóidh ana beag na Samhna é.
Tabharfaidh sé ana triomaigh uaidh anois b'fhéidir — cupla lá breá
TUILLEADH (6) ▼
Dhá dtugadh sé ana triomaigh uaidh anois go dtéinn cupla lá ar an bportach, ba mhór ab fhiú dhom é.
Is iondúil go dtugann sé ana triomaigh uaidh an tráth seo bhliain i gcónaí.
Is gearr gur ceart dó ana triomaigh a thabhairt uaidh anois, muran leis leanacht don fhliuchán go deo (déarfaí seo am ar bith den bhliain)
Ní hé nádúr na huaire go dtabharfadh sé ana breá uaidh an tráth seo bhliain — agus é i lár an gheimhridh thall.
B'fhéidir le Dia go bhfeabhsódh an uair anois agus go dtabharfadh sé ana triomaigh uaidh.
Bhí sé in am ag ana breá a theacht théis na huaire móire a bhí ann le mí

Féach freisin

ana in iontrálacha eile (14)

 
feáin
Ní raibh fí ná feáin air mura dtéadh sé ar an bportach ag tógáil mhóna ar maidin. Diabhal aithne air nach tirim a bhí sí! 'Dhá mba triomach go Nollaig é anois,' adeirimse, 'dheamhan fód den tsraith siúd a bheadh le dhul i gcruach.' Síleann sé má theagann ana mar sin go dtriomódh sí ar an bpointe. Tá sí réidh leis go hathbhliain muise
 
Caithfidh ana breá eicínt a theacht as an ngairfean seo, nó mura dteaga, níl cothromacan síne ar bith ann, agus chuala muid ariamh go raibh.
 
buil
Mura buil leat fanacht ann, déan do chomhairle fhéin. A chomhairle fhéin do mhac ana (dhanartha?) agus ní bhfuair sé ariamh níos measa
 
amach
Bíonn ana triomaigh ann amach faoi Fhéil Michil.
 
arsa
Is siléigeach an chaoi do dhuine, arsa tusa, a bheith ag triomú a chuid móna ar ana na Féile Michíl thall ach cén neart a bhí agam air.
+
B'fhéidir go bhfaightheá dea-ana anois. Caithfidh cothromacan síne na haimsire a theacht uair eicínt. Ba mhór ab fhiú dhá n-éiríodh sé as an doininnse hé bí é.
TUILLEADH (2) ▼
Dea-ana! Bail ó Dhia ort! Tá deireadh do chuid dea-anaí caite aríst i mbliana!
Dhá dtugadh sé dea-ana uaidh anois, ba mhór a rachadh sé chun sochair do na daoine.
 
Tá an iascach caite i dtraipisí le deireanaí ó thosaigh an fuadach ar an móin. Roimhe seo, ghabhfadh fear suas taca Dhomhnach Chrom Dubh agus bhainfeadh sé dhá shleán mhóna le aghaidh na tine. Thriomódh ana na Féile Míchil dó í. Dheamhan buille a ghnídís i gcaitheamh an tsamhraidh ach mathshlua acu thíos ar chuile charraig ansin thíos ag iascach. Is deacair fear a fheiceáil anois ann
 
Ní amach anseo ar an doininn agus ar an dubhluachair atá agat a bheith dhá dhéanamh. Is fhearr duit go fada é a dhéanamh anois fhad is atá sé ag tabhairt ana uaidh go breá
 
dreas 2
Mura n-éirí creataí an tsamhraidh léithe, ní bhíonn dreas ná teas inti. Caithfidh tú an ghrian a thapú nuair a bheas sí ársaithe más leat móin mhaith thine a bheith agat, agus gan a bheith fearacht Ph. Á. a thriomaíodh í ar ana beag na Féile Michil
+
Seo í dubh-ana na bliana. An t-am seo i gcónaí a ghníos sé chuile drochshíon. Caithfidh sé rud eicínt i mbliana muis. Is maith an t-ádh atá orainn nó gheobhaidh muid drochthuairt shneachta. 'Sé an gotha atá air é
TUILLEADH (1) ▼
Tá an ghrian ag ardú sa spéir aríst, ach má tá féin, níl aon aithne ar an lá go bhfuil aon tsíneadh air fós. Ar ndóigh sí dubh-ana na bliana í agus is beag an mhaith cén síneadh a thiocfas air go n-éirí sé as an bhfuaraíocht agus as an doininn seo. Is uafás é le cupla lá
 
Is cosúil le uair í a bheadh ag brath ar a dhul ar ghairfean. Nár chónaí sí go dté, le faitíos nach bhfuair muid a (ár) ndóthain gairfin le bliain! Ní fhéadfadh sé an ana sin féin a thabhairt uaidh faoi shásamh