Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Anna
seal gearr (trí nó ceathair de laetheantaí nó seachtmhain) deagh aimsire nó trioma(igh) sa ngeimhreadh, nó in am, nach mbeadh aon-tsúil le deagh-aimsir. Tráchtar ar dhá anna sa mbliadhain: anna na Féile Míchil, agus anna beag na Samhna, nó anna na Féile Mártan. (Anna na bhfóthannán a tugtar freisin ar anna na Féile Míchil). Indeire mí Mheodhain an Fhoghmhair a thagas anna na Féile Míchil, agus faoi Shamhain nó am a' bith go dtí lár na Samhna a bhíos anna na Samhna nó na Féile Mártan ann.
+
Ar anna na Féile Míchil a thriomuigheadh Páidín Á. a chuid móna fadó. 'Triomócha sí ar anna na Féile Míchil' adeireadh sé i gcomhnuidhe'
Níl aon-mhaith dhá mhoill mar deir a' fear a chuaidh a' baint na móna ar anna na Féile Míchil (sin sórt leath-fhocal, le cur igcéill gur ceart crudh a chuir ar thosach an cheann-oibre sin).
TUILLEADH (2) ▼
Má's leat é a chuir ar an méir is fuide (féar a shábháil) fág go dtí anna na Féile Michil é = dubhradh le fonóid é le duine díomhaoineach nach raibh a' sábháil a chuid féir, ach a' déanamh leithscéalachaí a's dhá leigean thairis ó lá go lá.
Ní thriomócha an féar ar anna na Féile Míchil. Is beag a' baoghal atá air, mar bíonn a' ghrian ro-mhaoluighthe sa spéir a' t-am sin, agus a' teas imthighthe aisti.
+
Tháinic anna breagh faoi Fhéil' Mártan, a's bhain mé a raibh d'fhataí ingarraidhe an tobair
Beidh anna beag na Samhna a' breith isteach orainn lá ar bith feasta
TUILLEADH (5) ▼
Tiubharfa sé cupla lá trioma(igh) uaidh ar anna beag na Féile Mártan.
Tugann sé anna trioma(igh) uaidh, taca na Féile Mártan chuile bhliadhain = bíonn seal trioma(igh) ann.
Thug sé anna breagh uaidh an bhliadhain chéadna faoi Shamhain, agus bhí daoine suas ar phortaigh a' bailiú a's a' tóigeál (tógáil) mhóna.
Is beag bliadhain nach dtagann anna breagh imbéal na Samhna.
Má thagann anna beag na Samhna mar thaga(nn)s 'chuile bhliadhain, beidh congnamh maith againn orra(b) an tseachtmhain seo chugainn.
+
Mara dtriomuighe sé (i. an féar) anois, triomócha anna beag na Samhna é.
Tiubhra sé anna trioma(igh) uaidh anois b'fhéidir = cupla lá breagh.
TUILLEADH (6) ▼
Dhá dtugadh sé anna trioma(igh) uaidh anois, go dteighinn cupla lá ar a' bportach, ba mhór ab fhiú dhom é.
Is iondamhail go dtugann sé anna trioma(igh) uaidh an tráth seo bhliadhain igcomhnuidhe.
Is gearr gur ceart dó anna trioma(igh) a thabhairt uaidh anois, maran leis leanacht do'n fhliuchán go deo (déarfaidhe seo am ar bith de'n bhliadhain).
Ní hé nádúr na h-uaire, go dtiubharfadh sé anna breagh uaidh an tráth seo 'bhliadhain — agus é lár a' gheimhridh thall.
B'fhéidir le Dia go bhfeabhsóchadh an uair anois, a's go dtiubhradh sé anna trioma(igh) uaidh.
Bhí sé 'n-am ag anna breagh 'theacht th'éis na h-uaire móire, bhí ann le mí.

Féach freisin

Anna in iontrálacha eile (15)

 
feáin
Ní raibh fíth ná feáin air mara dteigheadh sé ar an bportach ag tógáil mhóna ar maidin. Diabhal aithne air nach tirm a bhí sí! "Dhá mba triomach go Nollaig é anois", adeirimse "dheamhan fód den tsraith siúd a bheadh le dhul i gcruach". Síleann sé má theagann anna mar sin go dtriomódh sí ar an bpuinnte. Tá sí réidh leis go haithbhliain muise
 
Uair anna(mh) nach bhfeicfeá an chaológ riabhach dá coimhdeacht (a' coimhdeacht na cuaiche).
 
colg
Níor mhaith dhuit aon-araoid a chuir air an uair sin, má tá indán's go raibh colg air, a's b'anna(mh) leis, nach mbeadh.
 
Caithfe anna breagh eicínt a theacht as an ngairbhshion seo, nó mara dteaga níl cothromacan síne ar bith ann, a's chuala muid ariamh go raibh.
+
Níl duine 'bith a' baint cead a bhealaigh dhíot. Imthigh leat, má's breagh leat é. 'A chomhairle fhéin do mhac Anna, a's ní bhfuair sé ariamh níos measa'.
TUILLEADH (1) ▼
'Sé an rud is measa a rinne athair ná máthair ariamh a mbealach fhéin a thabhairt do ghasúir. Ar chuala tú ariamh é: 'a chomhairle fhéin do mhac Anna, a's ní bhfuair sé ariamh, níos measa'.
 
Má bhí an oiread sin buig-shíne ann, indiu, indomhnach b'anna(mh) leis. Ní fhaca dia ná duine a' seasa(mh) deoch ná blogam ariamh cheana é, ach dhó fhéin.
 
buil
Mara buil leat fanacht ann, déan do chomhairle fhéin. 'A chomhairle fhéin do mhac anna (dhanardha?) a's ní bhfuair sé ariamh níos measa'.
 
amach
Bíonn anna trioma(igh) ann amach faoi Fhéil' Michil.
 
Is anna(mh) óla(nn)s sé deoir a' bith, a's ní fearr dhó fhéin 'ól, mar ní túisce cupla ceann caithte aige, ná árduighe(ann)s sé in a cheann.
 
arsa
'Is siléigeach an chaoi do dhuine' arsa tusa 'a bheith triomú a chuid móna ar anna na Féile Michil thall', ach cé'n neart a bhí agam air.
 
Tá an iascach caithte idtraipisí le deireannaighe ó a thosuigh an fuadach ar an móin. Roimhe seo ghabhfadh fear suas taca Dhomhnach Chrom Dubh agus bhainfeadh sé dhá shleaghán mhóna l'aghaidh na teine. Thriomóchadh anna na Féile Míchil dó í. Dheamhan buille a ghnídís i gcaitheamh an tsamhraidh ach mathshluagh aca thíos ar 'chuile charraig annsin thíos ag iascach. Is deacair fear a fheiceál anois ann
 
Ní amach annseo ar an doininn agus ar an dubhluachair atá agad a bheith dhá dhéanamh. Is fhearr duit go fada é a dhéanamh anois 'fhad agus atá sé ag tabhairt anna uaidh go breagh
 
dreas 2
Mara n-eirighidh creataigh an tsamhraidh léithe, ní bhíonn dreas ná teas innte. Caithfidh tú an ghrian a thapú nuair a bhéas sí ársuighthe, má's leat móin mhaith theine a bheith agad, agus gan a bheith fearacht Ph. Á. a thriomuigheadh í ar anna beag na Féile Michil
 
Is cosamhail le uair í a bheadh ag brath air a dhul ar ghairbhthean. Nar chomhnuighidh sí go dteighidh, le faitíos nach bhfuair muid a' (ar) ndóthain gairbhthin le bliain! Ní fhéadfadh sé an anna sin féin a thabhairt uaidh faoi shásamh