Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
anduine
foghar an-uine
duine nach ndéanfadh gar ná maith ar aon duine; duine doicheallach, cantalach.
+
'Ná cuir aon aighneas ar pháiste, ná ar sheanduine, ná ar anduine' (comhairle a bhíodh ag seandaoine)
Anduine bradach é.
TUILLEADH (3) ▼
Sin anduine, agus ná cuir araoid ar bith air.
Is fhearr ligint d'anduine.
Má chuireann tú aon aighneas ar an anduine sin, ní móide gur fearrde thú é go luath.

anduine in iontrálacha eile (1)

 
Is mairg a d'ionsódh seanduine nó anduine (sórt seanfhocal)