anglóir
—deirtear angalóir go minic (an-galóir?)
—
duine anglánta; duine beo drochmhúinte cantalach.
+–
Is anglóir críochnaithe é — tá sé an-drochmhúinte agus an-ghoinithe chun troda.
Breá nach ligeann sibh den anglóir sin agus gan a bheith ag baint as.
TUILLEADH (6) ▼
Ní shílfeá choíchin don anglóir sin a bheith chomh drochmhúinte agus atá sé.
Ní mór an t-anglóir a cheangal lena cheansú.
Bíodh smideannaí beaga agat, agus ná spreag an t-anglóir siúd.
Ní sheasfadh aon bhean leis an anglóir údaí.
Ní bhainfeadh paróiste ceart den anglóir — bheadh sé ag éirí ina mullach agus ag ullmhúchan scléipe chuile lá.
Fan amach ón anglóir siúd má tá do leas ar Dhia.
anglóir in iontrálacha eile (5)
Mura bhfeice muid dhá drocháisc muis choíchin, ach an sceamhínteacht bheag sin a bhí air an oíche cheana, ní cás dúinn é. Déarfaidís gur anglóir ceart é ar a mheisce. M'anam go raibh sé bogtha go maith an oíche sin, ach dheamhan thairis sin de dhochar a bhí ann ach cead cainte a thabhairt dó. Ar ndóigh ní móide gur beag dhúinn a thúisce!