antlásach
—
antlás a bheith i nduine.
a.
+–
'Sé an dá mhar a chéile dhó a bheith antlásach nó gan a bheith. Ní fearrde é ar aon chor — duine nach mbeadh a chuid sainte ag dul chun tosaigh ná chun tairbhe dhó
Más peaca a bheith antlásach, tá a sheaneire peacaí air — más peaca a bheith amplúch, tá ualach mór peacaí air
TUILLEADH (4) ▼
'Is mairg a bheadh antlásach agus a laghad an lúin (lóin) a chuirfear síos leat,' mar adeir Raiftearaí.
Tiocfaidh sé i dtalamh chomh maith le duine nach mbeadh antlásach chor ar bith — caillfear agus cuirfear é is cuma cén antlás é
Má tá Seán antlásach, níl tada dhá thais ag Séamas (ní taise do Shéamas é; ní taise le S. é) — tá Séamas chuile phioc (chuile orlach, chuile bhlas, chuile cheo srl.) chomh hantlásach le Seán
Pádraic: Tá Tom antlásach; Liam: Dhéanfadh sé d'uireasa cuid dhe ceart go leor — tá sé an-antlásach; bheadh sé in ann cnuasaigh a dhéanamh agus gan é baol air chomh hantlásach agus atá sé
+–
Bhí an t-athair antlásach agus ghreamaigh sin don mac — tá an mac amhlaidh freisin
Ba dual dó a bheith antlásach: bhí a athair roimhe amhlaidh.
TUILLEADH (5) ▼
Ní ón ngaoith a thug sé an antlás: bhí chuile shinsir dá dtáinig roimhe antlásach.
Tá an mac chuile orlach chomh hantlásach leis an athair — ní bheadh a fhios agat cé acub den chúpla is antlásaí: eatarthub fhéin atá sé
Má bhí an t-athair antlásach, tá an mac ag dul in aghaidh dúchais — níor ghreamaigh antlás an athar don mhac
Má tá sé antlásach, ní ón athair a thug sé é — ní dual athar dó a bheith amplúch
Is beag an dochar dhó a bheith antlásach. 'Sé an faisean é a chleacht sé ariamh — ní ionadh ar bith an tsaint a bheith ag siúl leis mar 'sé an nós é a chleachtaítí ag baile aige
+–
Is suarach an t-ionadh é a bheith antlásach agus gan ní dhár dhealbh an ghrian aige — ní ionadh ar bith é a bheith santach agus uafás[ach] chuig obair, agus gan ní faoin saol aige (é bocht dólom) (dhealbh = cruthaigh; fc. Irish Syllabic Poetry, Miss Knott)
Ní milleán air a bheith antlásach, scáth a bhfuil aige — níl mórán maoine aige, agus ar an ábhar sin, níl sé le tógáil air má tá sé santach agus amplúch
TUILLEADH (1) ▼
An té a bhfuil caitheamh agus fáil aige, níl aon chall dó a bheith antlásach (níl aon chall antláis dó) — an té a bhfuil riar a cháis aige, níl aon chall dó a bheith santach ná amplúch ná dhá mharú fhéin ag obair
+–
Tá sé an-antlásach — uafásach chuig obair; santach; tugtha d'obair; amplúch
Ní antlásach go dtí é, a mhic ó.
TUILLEADH (3) ▼
Tá sé an-antlásach, ní dhá roinnt leis é! — bhí an cainteoir ag cur i gcéill go mba ainimh nó éalang an antlás agus nach raibh sé fhéin ag tabhairt aon ghutha uirthi.
Tá sé an-antlásach, ní dhá roinnt leis é, ach dhá fhágail aige!
Tá sé an-antlásach den tsaol — tá sé an-antlásach críochnaithe
+–
Tá a dhá shúil ag dul amach thar a cheann, tá sé chomh hantlásach sin.
Beannacht Dé dhuit! Tá sé chomh hantlásach sin agus nach n-ardódh sé a cheann an lá is deannachtaí a shéid as aer ariamh — bíodh ciall agat, bheadh sé ag obair leis an lá is measa a tháinig ariamh
TUILLEADH (9) ▼
Tá sé chomh hantlásach sin agus go gcuirfeadh sé a dhá láimh thart ar an saol — tá sé chomh hamplúch santach agus go mba mhian leis an saol ar fad a bheith aige dhó fhéin
Is mairg a bheadh ag iarraidh boigréise ar dhiabhal chomh hantlásach leis — níl gar a bheith ag súil le trua ná fiúntas ná grá Dia ar bith ó dhuine atá chomh hamplúch leis
Tá sé chomh hantlásach sin agus nach mór leis an ceann ramhar de chuile shórt a bheith aige — bíonn sé ag iarraidh (ag súil) leis an gcuid is fhearr de chuile shórt de bharr sainte
Tá sé chomh hantlásach sin agus go mbainfidh sé an craiceann den bhuachaill má thugann sé aird air — maróidh sé an buachaill ag obair má ghéilleann sé dó agus dhá chuid antláis
Ní scoirfeadh sé dá mbeadh an baile ag dul chun na cille, tá sé chomh hantlásach sin — dhá mbeadh ar an mbaile caillte agus iad dhá dtabhairt chun na reilige, ní éireodh sé as obair (gnás é i gConamara nach ceart an chréafóg a chorraí, 'sé sin treabhadh ná fuirseadh, ná obair throm ar bith den tsórt sin a dhéanamh, chúns atá corp ar an mbaile. Is measa aríst é má tá duine ag obair agus an corp dhá tharlú den bhaile)
Nach raibh sé chomh maith dhó an saol a ghlacadh go réidh le bheith chomh hantlásach agus atá sé.
Cén mhaith do dhuine a bheith chomh hantlásach sin críochnaithe agus go bhfágfadh sé ina dhiaidh ar fad é — pé ar bith cén cnuasach a dhéanfas duine, ní bheidh aon ghair aige é a thabhairt san uaigh leis
B'fhéidir gur fearr a bheadh sé in ann a bheart a tharraingt agus gan é leath chomh hantlásach; b'fhéidir sin — b'fhéidir gur fearr a dhéanfadh sé cúis agus gan é bheith chomh hamplúch agus atá sé
Má chinneann air (gnaithe a dhéanamh) agus chomh hantlásach agus atá sé, go bhfóire Dia orainne — níl gair ar bith againne cúis a dhéanamh mura n-éirí leisean cúis a dhéanamh
+–
Is aoibhinn duit gan a bheith chomh hantlásach leis
Tá sé chomh hantlásach lena leithide ar bith, agus céard atá dhá bharr aige ina dhiaidh sin — tá sé chomh hantlásach le duine dhá antlásaí, agus níl tada dhá shlacht air ina dhiaidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbeadh chuile dhuine chomh hantlásach le chéile, ní bheadh saibhreas ag daoine thar a chéile
+–
'Sé is antlásaí ar an talamh (faoi thalamh an domhain, faoin mbogha gréine, dhá bhfaca mé ariamh, ar foth ná ar féar, ar thalamh an domhain, faoin ngréin srl.)
Dhá gcuirteá slat ar pharóiste, ní bhfaightheá fear níos antlásaí ná é.
TUILLEADH (8) ▼
Dhá antlásaí dhá bhfuil an t-athair, ní choinneodh sé coinneal don mhac (sháraigh an mac é; is measa an mac ná loirgní dóite; níl léamh ar bith ar an mac; níl cinneadh faoin saol leis an mac; is measa an mac seacht n-uaire; bhain an mac farasbarr dó srl.)
Dhá gcuireadh sé a cheird isteach leis, ní fhéadfadh sé a bheith a dhath níos antlásaí ná atá sé — dhá bhfoghlaimíodh sé d'aon úim, ní fhéadfadh sé a bheith níos measa le antlás ná atá sé
Caillfear fós é, dhá antlásaí é.
Níl aon fhear beo is antlásaí ná é.
Tá buille boigréise ann, dhá antlásaí é — tá roinnt bheag den bhoige shíne ag siúl leis, dhá amplúiche é (fc. boigréis, boige shíne)
Má tá farasbarr ann, is antlásaí an mac ná an t-athair
'Sé an feithide is antlásaí ar a dhá chois é — tá sé an-amplúch amach is amach
'Sé an té is mó a mbíonn aige an té is antlásaí go minic — an duine is mó maoine, is air is mó a bhíos fonn cur ina ceann
b.
+–
'Sé atá antlásach ag a bhéile — smalcann sé é; tá sé uafásach ag ithe
Is geall le amhas é, tá sé chomh hantlásach sin ag ithe.
TUILLEADH (1) ▼
Is mór an t-ionadh nach dtachtann sé é féin ag ithe agus chomh hantlásach agus atá sé.
antlásach in iontrálacha eile (7)
→
foghail
Tá sé chomh hantlásach agus nach bhfuil breith aige ar thada nó go mbeidh sé déanta de rith is de léim aige. Déanann sé foghail chorráin chuile bhliain, agus deir siad nach bhfuil foghail ar bith a chinnfeadh uirthi
→
feothan
M'anam nach bhfuil sé chomh hantlásach agus go gcorróidh sé amach lá fearthainne agus feothain. Tá na boinn le tine aige faoi seo cheapfainn
Sin í a cheird i gcónaí: fruch frach mar sin air. Ní fhaca tú aon duine ariamh is antlásaí ná é. Bíonn teas an aithinne ina thóin ag dul ag déanamh chuile rud. Agus ní lena fhoghail é. Dheamhan maith a fheiceas muid ar a gharraí ach an oiread le duine ar bith eile
Bhí sí ró-antlásach ag an mbia. Chuir sí an iomarca suas in éindí, agus chuaigh sé lena hanáil síos píobán an doichill. Chinn sé uirthi é a chur aníos, agus sheas sé ina muineál. Thosaigh siad ag bualadh boiseogaí sa dromán uirthi, ach dheamhan maith a bhí ann. Ní rug an sagart ar an mbean bhocht. Cnáimh a bhí sa ngeampa feola a chuir sí suas, a chniog í. Is maith nár mhór do dhuine a bheith ar a airdeall féin ag ithe a bhéilí. D'fheicfeá daoine agus bheidís chomh huafásach sin aige agus nach ndéanfaidís ach a shlamairt. Is mór an chontúirt é sin go sábhála Dia sinn. Ar aon chor, ní bhíonn aon mhaith sa mbeatha leis an ithe sin a thabhairt uirthi
→
dálach
Sin í a cheird sin — ag gróigeadh móna — Domhnach is dálach. 'Sé an fear is antlásaí anseo anois é
→
díle 1
Dhá dtéadh an Díle thar an Domhan — sábhála Dia sinn — bheadh teas an aithne ina thóin siúd ag dul amach! Ní choinneoidh rud ar bith istigh é sin nó go mbuaile an donacht in éindí é. An uair sin, feicfidh tú féin air, dá antlásaí dá bhfuil sé ag an obair, go bhfanfaidh sé istigh
→
dóigh 1
Ní maith an dóigh d'fhear ar bith a shláinte a chailleadh le fánaíocht mar sin. Is mór adéarfá le duine a bheadh antlásach agus nach mbeadh aon bheann aige ar an drochlá, ach dheamhan neart a bhíos aige air go minic. Ach an té a thabharfas fliuchán agus amlua dó féin le siléig, is beag an scéal é, hé brí céard a éireos dó