Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Antlásach
antlás a bheith induine.
a.
+
Sé'n dá mhara' chéile dhó a bheith an-tlásach nó gan a bheith. Ní fearrde é, ar aon-chor = duine nach mbeadh a chuid sainnte a' dul un tosaigh ná 'un tairbhe dhó.
Má's peacadh a bheith an-tlásach, tá a shean-eire peacaidh air = má's peacadh a bheith amplúdhach, tá ualach mór peacaidh air.
TUILLEADH (4) ▼
Is mairg a bheadh an-tlásach agus 'laghad an lúin (lóin) a chuirfear síos leat' mar deir Rafteri.
Tiocfa sé idtalamh, chomh maith le duine nach mbeadh an-tlásach chor ar bith = caillfear agus cuirfear é, is cuma cé'n an-tlás é.
Má tá Seán an-tlásach, níl tada dhá thais ag Seumas (ní taise do Sheumas é; ní taise le S. é) = tá Seumas chuile phioc (chuile ordlach, chuile bhlas, chuile cheo etc) chomh h-an-tlásach le Seán.
Pádraic: Tá Tom an-tlásach; Liam: Dhéanfadh sé d'uireasbha cuid dhe, ceart go leor = tá sé an-an-tlasach; bheadh sé indon cnuasaigh a dhéanamh agus gan é baoghal air, chomh h-an-tlásach agus tá sé
+
Bhí an t-athair an-tlásach agus ghreamuigh sin do'n mac = tá'n mac amhla freisin.
Ba dual dó a bheith an-tlásach: bhí athair roimhe amhla.
TUILLEADH (5) ▼
Ní ó'n ngaoith a thug sé an antlás: bhí chuile shinnsir dá dtáinig roimhe an-tlásach.
Tá'n mac chuile ordlach chomh h-an-tlásach leis an athair = ní bheadh fhios agad, cé aca(b) de'n chúpla is an-tlásaighe: eatorra(b) fhéin atá sé.
Má bhí an t-athair an-tlásach, tá'n mac a' dul in aghaidh dúthchais = níor ghreamuigh an-tlás an athar do'n mhac.
Má tá sé an-tlásach, ní ó'n athair a thug sé é = ní dual athar dó a bheith ampludhach
Is beag an dochar dhó a bheith an-tlásach. Sé'n faisean é a chleacht sé ariamh = ní iongnadh ar bith an tsainnt a bheith a' siubhal leis, mar sén nós é a chleachtuighthí ag baile aige.
+
Is suarach an t-iongnadh é 'bheith an-tlásach, agus gan nidh dhár dhealbh(?) an ghrian aige = ní iongnadh ar bith, é bheith sanntach agus uathbhás[ach] (ch)uig obair, agus gan nídh faoi'n saoghal aige (é bocht dólom) (Dhealbh(?) = cruthuigh(?) féach Irish Syllabic Poetry — Miss Knott)
Ní milleán air a bheith an-tlásach, sgáth a bhfuil aige = níl mórán maoine aige, agus ar an adhbhar sin, níl sé le tóigeál (tógáil) air, má tá sé sanntach agus ampludhach.
TUILLEADH (1) ▼
An té a bhfuil caith(eamh) agus faghail aige, níl aon chall dó a bheith an-tlásach (níl aon chall an-tláis dó) = an té a bhfuil riar a cháis aige, níl aon-chall dó a bheith sanntach ná ampludhach ná dhá mharbhú fhéin ag obair.
+
Tá sé an-an-tlásach = uathbhásach (ch)uig obair; sanntach; tugtha d'obair; ampludhach
Ní an-tlásach go dtí é, a mhic ó.
TUILLEADH (3) ▼
Tá sé an-an-tlásach, ní dhá roinnt leis é! = bhí an cainnteoir ag cur i gcéill go mbadh ainimh nó éalang an an-tlás, agus nach raibh sé fhéin a' tabhairt aon-ghothadh uirre.
Tá sé an-an-tlásach, ní dhá roinnt leis é, ach dhá fhágail aige!
Tá sé an-an-tlásach de'n tsaol = tá sé an-antlásach críochnuighthe.
+
Tá a dhá shúil ag dul amach thar a cheann, tá sé chomh h-an-tlásach sin.
Beannacht dé dhuit! Tá sé chomh h-an-tlásach sin, agus nach n-árdóchadh sé a cheann, an lá is deannachtaighe a shéid as aer ariamh = bíodh ciall agad, bheadh sé ag obair leis, an lá is measa a tháinig ariamh.
TUILLEADH (9) ▼
Tá sé chomh h-an-tlásach sin, agus go gcuirfeadh sé a dhá láimh thart ar an saoghal = tá sé chomh h-amplúdhach sanntach, agus go mbadh mhian leis an saoghal ar fad a bheith aige dhó fhéin.
Is mairg a bheadh ag iarraidh boigréise ar dhiabhal chomh h-an-tlásach leis = níl gar a bheith a' súil le truaighe ná fiuntas ná grádh-Dia ar bith ó dhuine atá chomh h-ampludhach leis.
Tá sé chomh h-antlásach sin, agus nach mór leis an ceann reamhar do chuile shórt a bheith aige = bíonn sé ag iarraidh (a' súil) leis) an gcuid is fhearr de chuile shórt de bharr sainnte.
Tá sé chomh h-an-tlásach sin agus go mbainfe sé an craiceann de'n bhuachaill, má thugann sé áird air = marbhócha sé an buachaill ag obair, má ghéilleann sé dó agus dhá chuid an-tláis.
Ní scuirfeadh sé dá mbeadh an baile ag (dh)uil 'na cille, tá sé chomh h-an-tlásach sin = dhá mbeadh ar an mbaile caillte agus iad ghá dtabhairt 'na roillige, ní eireochadh sé as obair (gnás é i gConamara, nach ceart an chreafóg a chorruighe, sé sin treabhadh ná fuirseadh, ná obair throm ar bith de'n tsórt sin a dhéanamh chúns atá corp ar an mbaile. Is measa aríst é, má tá duine ag obair agus an corp ghá thárlú de'n bhaile)
Nach raibh sé chomh maith dhó an saoghal a ghlacadh go réidh le bheith chomh h-an-tlásach a's tá sé.
Cé'n mhaith de dhuine a bheith chomh h-an-tlásach sin críochnuighthe a's go bhfágfadh sé in a dhiaidh ar fad é = pé'r bith cé'n cnuasach a dhéanfas duine, ní bheidh aon-ghoir aige é a thabhairt 'san uaigh leis.
B'fhéidir gur fearr a bheadh sé indon a bheart a tharraingt, agus gan é leath chomh h-antlásach; b'fhéidir sin = b'fhéidir gur fearr a dhéanfadh sé cúis, agus gan é bheith chomh h-amplúdhach agus tá sé.
Má chinneann air (gnaith a dhéanamh) agus chomh h-an-tlásach agus atá sé, go bhfoiridh Dia orainne = níl goir ar bith againne cúis a dhéanamh, mara n-eirighe leis-sean cúis a dhéanamh.
+
Is aoibhinn duit gan a bheith chomh h-an-tlásach leis
Tá sé chomh h-an-tlásach le na leithide 'bith, agus céard atá dhá bhárr aige, in a dhiaidh sin = tá sé chomh h-an-tlásach le duine dhá an-tlásaighe, agus níl tada dhá-shlacht air in a dhiaidh sin.
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbeadh 'chuile dhuine chomh h-an-tlásach le chéile, ní bheadh saidhbhreas ag daoine thar a chéile.
+
'Sé is an-tlásaighe ar an talamh (faoi thalamh an domhain, faoi'n mbogha gréine, dhá bhfaca mé ariamh, ar foth ná ar féar, ar thalamh an domhain, faoi'n ngréin etc).
Dhá gcuirteá slat ar pharáiste, ní bhfuightheá fear níos an-tlásaighe ná é.
TUILLEADH (8) ▼
Dhá an-tlásaighe dhá bhfuil an t-athair, ní choinneochadh sé coinneal de'n mhac (sháruigh an mac é; is measa an mac ná luirgní dóighte; níl léigheamh ar bith ar an mac; níl cinneadh faoi'n saoghal leis an mac; is measa an mac seacht n-uaire; bhain an mac fhearr-is-barr dó agus rl.)
Dhá gcuireadh sé a cheird isteach leis, ní fhéadfadh sé a bheith a dhath níos an-tlásaighe ná tá sé = dhá bhfoghluimigheadh sé d'aon-úim, ní fhéadfadh sé a bheith níos measa le an-tlás ná tá sé.
Caillfear fós é, dhá an-tlásaighe é.
Níl aon-fhear beo, is an-tlásaighe ná é.
Tá buille boigréise ann, dhá an-tlásaighe é = tá roinnt bheag de'n bhuigshíneadh a' siubhal leis, dhá ampludhaighe é (féach boigréis, buigshíneadh)
Má tá fhearr-is-bárr ann, is an-tlásaighe an mac ná'n t-athair
Sé'n feithide is an-tlásaighe ar a dhá-chois é = tá sé an-ampludhach amach 's amach.
Sé'n té is mó a mbíonn aige an té is an-tlásaighe go minic = an duine is mó maoine, is air is mó a bhíos fonn cur in a ceann.
b.
+
'Sé atá an-tlásach ag a bhéile = smalcann sé é; tá sé uathbhásach ag ithe.
Is geall le amhus é, tá sé chomh h-an-tlásach sin ag ithe.
TUILLEADH (1) ▼
Is mór a' t-iongnadh nach dtachtann sé é féin ag ithe, agus chomh h-antlásach agus atá sé.

Féach freisin

Antlásach in iontrálacha eile (4)

 
Tá sé cho hantlásach agus nach bhfuil breith aige ar thada nó go mbeidh sé déanta de rith agus de léim aige. Déanann sé foghail chorráin chuile bhliain, agus deir siad nach bhfuil foghail ar bith a chinnfeadh uirre
 
M'anam nach bhfuil sé cho hantlásach agus go gcorróidh sé amach lá fearthainne agus feóchain. Tá na boínn le teine aige faoi seo, cheapfainn
 
Sin í a cheird i gcomhnaí: fruch frach mar sin air. Ní fhaca tú aon-duine ariamh is antlásaí ná é. Bíonn teas an aithinne in a thóin ag dul ag déanamh chuile rud. Agus ní len a fhoghail é. Dheamhan maith a fheiceas muid ar a gharraí, ach an oiread le duine ar bith eile
 
dóigh 1
Ní maith an dóigh d'fhear ar bith a shláinte a chailleadh le fánaidheacht mar sin. Is mór adéarfá le duine a bheadh antlásach agus nach mbeadh aon-bheann aige ar an droch-lá, ach dheamhan neart a bhíos aige air go minic. Ach an té a thiubharfas fliuchán agus amluadh dó féin le siléig is beag an scéal é, hébrí céard a eireochas dó