ardchíos
—
cíos mór eicínt a bhíodh i gceist sna seanscéalta, mar a bheadh sé dlite do ríocht ó ríocht eile.
a.
+–
'Níor íoc tú m'ardchíos liom le seacht mbliana', adeir an rí leis an bhfathach.
Tá an ríocht seo faoi ardchíos acub.
TUILLEADH (3) ▼
Tá mé faoi ardchíos le seacht mbliana ag Ridire an Gháire Dhuibh
'Mura n-íoca tú m'ardchíos liom atá amuigh agam le seacht mbliana, bainfidh mé do cheann agus do choiméad beatha dhíot,' adúirt sé.
'Íoc amach m'ardchíos liom go beo,' adúirt an gaiscíoch, 'nó bainfidh mé an ceann anuas ón dúid díot'
b.
·
Tá an tír seo faoi ardchíos sách fada ag Sasana. Míle buíochas le Dia go dtáinig sé sa saol go bhféadfaidh muid a choinneáil uaithi
+–
Cén t-ardchíos atá aige orm le go dtabharfainnse aon tsásamh dhó — níl mise faoina smacht ná ina thuilleamaí ar bhealach ar bith go gcaithfinn aon tsásamh a thabhairt dó
Nach aige atá an t-ardchíos orainn le gur muid a chaithfidh sé a ionsaí i gcónaí — nach muid atá ina thuilleamaí nó faoi bhois an chait aige le go gcaithfidh sé tabhairt fúinn i gcónaí
TUILLEADH (2) ▼
Cén t-ardchíos atá aici ormsa go mbeadh orm a dhul abhaile léithe ach an oiread le bean ar bith sa teach
Níl aon ardchíos aici ormsa ach an oiread le duine ar bith eile — tá mise chomh neamhthuilleamach uirthi le chuile dhuine eile