Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
ascar
1.
a dhul in aimhréidh i bhfostú, i dtreascairt, dhá bháthadh (Ros Muc, Camas, Dúiche Sheoigheach — níl an chiall seo leis i gCois Fharraige — treascairt ina áit).
+
Chuaigh na maidí in ascar air — chuaigh siad in aimhréidh nó rugthas orthub
Chuaigh an bhó in ascar ar an gcriathrach — chuaigh sí dhá báthadh, nó rugthas i gclochar nó i bpoll uirthe; chuaigh sí i dtreascairt (Cois Fharraige)
TUILLEADH (18) ▼
Casadh in ascar mé ar an tulaigh agus fuair mé mo dhóthain le déanamh agus a theacht as
Bhí a chapall in ascar inné, agus i bhfad uainn an anachain, briseadh a cois
Is maith a chrúthós siad nó is in ascar a bheas siad ansin má thaobhaíonn siad an tonn phrochóg
Thiocfá féin in ascar ann, ní áirím bó
Ó chuaigh sí in ascar go deireanach, níor fhan tapa ar bith inti
Chuaigh mé in ascar thoir ar lom an chriathraigh agus shíl mé go slogfaí ann mé
Is achrannach an cnocán le bó a dhul in ascar ann
Bhí a raibh de chúnamh ar an mbaile ann, agus ba ar inn is ar éigean a thug siad as eascar í ina dhiaidh sin
Dhá dtriomaítí an log soir, ní móide go mbeadh chuile shórt in ascar abhus mar a bhíonns
Ní uaithi fhéin a chuaigh sí in ascar mar sin. Fuair sí cúnamh!
Ní raibh baol uirthi a dhul in ascar uaithi féin. Cuireadh in ascar í
Shular dearnadh an bóthar nua, théadh chuile shórt in ascar sa seanbhóthar
Ba mhór a chruthaigh sé agus é fhéin a thabhairt as ascar chor ar bith
Tá na ballaí ag dul in ascar tá an áit faoi chomh bog sin
Níl sé inrásta ag tada é a shiúl muran leis a dhul in ascar
Muran leat a dhul in ascar ansin, is mór nach maith dhuit a bheith san airdeall ort fhéin
Is furasta leis an rud dona a dhul in ascar i gcónaí
Tá sí croite go mór ó chuaigh sí in ascar ansin thoir ar shrath na habhann
·
Rinneadh ciseannaí ann cupla bliain ó shin le na hasail a choinneáil ó ascar
2.
ascar na diallaite (Conamara, Cois Fharraige): suíochán na diallaite; a bheith gróigthe sa diallaite.
a.
+
Ba ghearr nuair a bhog an capall amach gur cuireadh as ascar na diallaite é — gur chaith sí é; gur tugadh talamh dhó
Thug sí aon abhóg amháin a chuir as ascar na diallaite d'aon iarraidh é.
TUILLEADH (7) ▼
Is furasta aineolaí a chur as ascar diallaite
Ba ghearr in ascar na diallaite é, a mhic ó, gur sínte ar an mbóthar a bhí sé: ar ndóigh, namhaid í an cheird gan í a fhoghlaim
Ghlac sí scéin eicínt ag droichead na gCnoc; thug sí léim leataoibhe gan aireachtáil, agus chuir sí anuas glan as ascar na diallaite mé
Cuireadh é fhéin as ascar na diallaite ach tháinig an bhean óg a bhí ar cúlóig ar a cosa ar an talamh
Is maith a chuaigh sé as, nuair a cuireadh as ascar na diallaite é, nár maraíodh é
Cuireadh glan as ascar na diallaite é agus amach ar a bhéal is ar a fhiacla faoin talamh
Shíl mé dheamhan deoir a bhí ann agus an crochadh a baineadh as anuas as ascar na diallaite
b.
+
Baineadh ascar as — leagadh é mar leagfaí é de chapall, de rothar srl.
Is gearr gur baineadh ascar as agus gur buaileadh faoin talamh é
TUILLEADH (1) ▼
Ba diabhlaí an t-ascar a baineadh as

Féach freisin

ascar in iontrálacha eile (7)

 
B'fhearr do dhuine eicínt cuairt a thabhairt ar na beithígh siúd ag an gcladach faitíos na timpiste. Bhí tuile mhór sa gclaise siúd aréir, agus is rífhánach a ghabhfadh ceann acu in ascar inti
 
Dheamhan feanc a baineadh as Pádraig a bhí ar cúlóig, ach cuireadh an té a bhí ar béalóg glanoscartha anuas as ascar na diallaite. Níl aon rath ina mharcach leis.
 
crinn
B'fhiú dhuit an churach thiar agus curach an bhaile seo a fheiceáil ag crinneadh a chéile sna geallta. Dheamhan ionga ná orlach a bhí ag ceachtar acub ar a chéile nó go raibh siad fhoisceacht dhá bhuille iomramha de cheann cúrsa. Sin é an uair a chuaigh na maidí in ascar ar an dream thiar, agus chailleadar an geall.
+
Chuaigh na maidí rámha in ascar (fc. ascar)
TUILLEADH (3) ▼
Chuaigh sé in ascar ar an gcapall
Chuaigh sé in ascar an chlaí
Tá sé ag dul lena bhromach in ascar