Ascar
1.
'dhul in aimhréidh ibhfastódh, i dtreascairt, dhá bháthadh (Rosmuc, Camus, Dúithche Sheoige — níl an chiall seo leis i gCois-Fhairrge — treascairt in áit).
+–
Chuaidh na maidí in ascar air = chuaidh siad in aimhréidh, nó rugthas orra(b).
Chuaidh an bhó in ascar ar a' gcriathrach = chuaidh sí dhá báthadh, nó rugthas igclochar nó i bpoll uirthe; chuaidh sí idtreascairt (Cois-Fhairrge).
TUILLEADH (18) ▼
Casadh in ascar mé ar a' tula(igh), agus fuair mé mo dhóthain le déanamh agus a theacht as.
Bhí a chapall in ascar indé, agus i bhfad uainn an anachain, briseadh a cois.
Is maith a chrúthóchas siad nó's in ascar a bheidheas siad annsin, má thaobhuigheann siad an tonn-fhrochóg (nó tonn-fhriochóg)
Thiocfá féin in ascar ann, ní áirmhighim bó.
Ó chuaidh sí in ascar go deireannach, níor fhan tapa 'r bith innte.
Chuaidh mé in ascar thoir ar lom a' chriathraigh, agus shíl mé go sluig(f)idhe ann mé.
Is achrannach a' cnocán le bó a dhul in ascar ann.
Bhí raibh de chongn[amh a]r a' mbaile ann, agus b'ar iodhain, 'sar éigin a thug siad a[s] eascar í in a dhiaidh sin.
Dhá dtriomu(ighth)í an lag soir, ní móide go mbeadh chuile shórt in ascar abhfus mar bhío(nn)s.
Ní uaithi fhéin a chuaidh sí in ascar mar sin. Fuair sí congnamh!
Ní raibh baoghal uirre a dhul in ascar uaithi féin. Cuireadh in ascar í.
Shul ar deárnadh a' bóthar nuadh, theigheadh chuile shórt in ascar sa sean-bhóthar.
Ba mhór a chruthuigh sé agus é fhéin a thabhairt as ascar chor a' bith.
Tá na ballaí 'gul in ascar, tá'n áit faoi chomh bog sin.
Níl sé ionrásta ag tada é shiubhal, maran leis a dhul in ascar.
Maran leat a dhul in ascar annsin, is mór nach maith dhuit a bheith 'san áirdeall ort fhéin.
Is furasta leis a' rud dona a dhul in ascar i gcomhnuidhe.
Tá sí craithte go mór ó chuaidh sí in ascar annsin thoir ar shrath na h-abhann.
·
Rinneadh ciseannaí ann cupla bliadhain ó shoin le na h-asail a choinneál ó ascar.
2.
Ascar na diallaide (Conamara, Cois-Fhairrge) = suidheachán na diallaide; a bheith gróigthe sa diallaide.
a.
+–
Ba ghearr nuair a bhog a' capall amach, gur cuireadh as ascar na diallaide é = gur chaith sí é, gur tugadh talamh dhó.
Thug sí aon-amhóg amháin a chuir as ascar na diallaide, d'aon-iarraidh é.
TUILLEADH (7) ▼
Is furasta aineoluidhe a chuir as ascar diallaide.
Ba ghearr in ascar na diallaide é, a mhic ó, gur sínte ar a' mbóthar a bhí sé: ar ndóigh, námhaid í an cheird gan í 'fhoghluim.
Ghlac sí scéin eicínt ag droichead na gCnoc; thug sí léim leath-taoibhe gan aireachtáil, agus chuir sí 'nuas glan as ascar na diallaide mé.
Cuireadh é fhéin as ascar na diallaide, ach tháinic a' bhean óg a bhí ar cúlóig, ar a cosa ar a' talamh.
Is maith 'chuaidh sé as, nuair a cuireadh as ascar na diallaide é, nar marbhuigheadh é.
Cuireadh glan as ascar na diallaide é, agus amach ar a bhéal 's ar fhiacla faoi'n talamh
Shíl mé, dheamhan deor a bhí ann, agus a' crochadh a baineadh as anuas as ascar na diallaide
b.
+–
Baineadh ascar as = leagadh é mar leagfaidhe é de chapall, de rothar etc.
Is gearr gur baineadh ascar as, agus gur buaileadh faoi'n talamh é
TUILLEADH (1) ▼
Ba diabhluidhe an t-ascar a baineadh as.
Féach freisin
→
téigh i
Ascar in iontrálacha eile (16)
→
faitíos
B'fhearr do dhuine eicínt cuairt a thabhairt ar na beithigh siúd ag an gcladach faitíos na timpiste. Bhí tuile mhór san gclaise siúd aréir, agus is rí-fhánach a ghabhfadh ceann aca in ascar inti
→
béalóg
Dheamhan feannc a baineadh as Pádraig a bhí ar cúlóig, ach cuireadh an té a bhí ar béalóg, glan-eascartha anuas as ascar na diallaide. Níl aon-rath in a mharcach leis.
→
crinn
B'fhiú dhuit an churrach thiar a's currach a' bhaile seo a fheiceál a' crinneadh a chéile 'sna geallta. Dheamhan ionga ná ordlach a bhí ag ceachtar aca(b)ar a chéile, nó go raibh siad fhoisceacht dhá bhuille iomramha de cheann cúrsa. Sin é an uair a chuaidh na maidí in ascar ar a' dream thiar, a's chailleadar an geall.
+
→
oscar
Tá ascar mór ann = duine mór, ard, leigthe (ní bhaineann sé le lúth — Cois-Fhairrge).
TUILLEADH (8) ▼
Is áidhbhéil a' t-ascar atá ann (faoi).
Beithidheach é 'bhfuil ascar ann.
Ní bheadh aon-mhisneach agam tabhairt faoi — tá iomarca ascar ann.
Má mhaireann dó, beidh an oiread ascair ann le'n athair.
Níl na chúig bhliadhna déag sáruighthe fós aige, agus feacha (féach) a' t-ascar atá cheana faoi.
Ní raibh aon-ghnaithe aige do chapall a' mbeadh an oiread sin ascair ínnte — níl siad feilteach do'n áit seo.
Capall Achréidh í, agus an-ascar go h-éag innte.
Ba ghearr le dhul a chuid ascair ar a' gceann a bhí in aghaidh.