Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
athnuachan
1.
deisiú; cóiriú as an nua; athrú a dhéanamh de ghrá feabhais a chur ar theach, ar bhall uirnise srl.
+
Tá sé ag cur athnuachain ar an teach faoi chomhair an tsagairt
Ní mór don tsráid athnuachan nó is gearr go mbí sí ar an gcóir chéanna a raibh sí cheana — ní mór dhi gaineamh nó deasú
TUILLEADH (2) ▼
Is géar a theastaíonns athnuachan ó bhóthar an rí aríst. Tá sé faoi sclaigeannaí agus faoi phoill as éadan
Thug sé isteach an chulaith éadaigh lena hathnuachan — í a ghlanadh agus caoi a chur as an nua uirthi
2.
tosaigh in athuair.
+
Caithfidh mé léas an tí a athnuachan (athnuachaint) — léas nua a fháil
Gheobhaidh tú athnuachan ar an recate (receipt) má thugann tú isteach sa mbainc é
TUILLEADH (1) ▼
Nuair a bheas leabhar an phinsean caite agat, féadfaidh tú í a athnuachan — ceann nua a fháil ina leaba

athnuachan in iontrálacha eile (1)

 
léas 1
Caithfidh mé léas an tí a athnuachan.