Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
broimseáil
ag gabháil le broim; ag gabháil i ngeallta; ag gabháil chun meargántachta nó le cuthach.
+
Thosaigh an capall ag broimseáil agus ag iarraidh rith.
Dhá gcaiteá an fhad eile ag broimseáil anois, is aon mhaith amháin duit é. Níl aon airgead le fáil agat.
TUILLEADH (3) ▼
Bhuail muid dual na droinne uirthi agus bhí sí ag broimseáil ina dhiaidh sin.
Cén t-údar broimseála atá anois aige.
Má bhuaileann fonn broimseála é, ní bhainfidh tú cóir ná ceart dhe.

broimseáil in iontrálacha eile (1)

 
díol 2
Ní díon trócaire go dtí an té a chaithfeas a dhul amach i mbéal na ngunnaí sin agus iad ag loscadh, agus ag broimseáil. A Dhia láidir nach suarach an éadáil éirí as do chodladh ar maidin agus na liagáin (na shells) sin ag dul faoin smut agat. B'fhearr liom aon lá amháin a dhéanamh dhíom in éindí!