Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Broimseáil
a' gabhail le bruím; a' gabhail ingeallta; a' gabhail (ch)un meargántachta nó le cuthach.
+
Thosuigh an capall a' broimseáil, a's ag iarraidh rith.
Dhá gcaithteá an fhad eile a' broimseáil anois, sé'n mhaith amháin duit é. Níl aon-airgead le faghail aghad.
TUILLEADH (3) ▼
Bhuail muid dual na druinne uirre, a's bhí sí 'bruimseáil in a dheidh sin.
Cé'n t-ughdar broimseála 'tá 'nois aige.
Má bhuaileann fonn broimseála é, ní bhainfe tú cóir ná ceart dhe.

Broimseáil in iontrálacha eile (1)

 
díol 2
Ní díon trócaire go dtí an té a chaithfeas a dhul amach imbéal na ngunnaí sin agus iad ag loscadh; agus ag broimseáil. A Dhia láidir nach suarach an éadáil eirghe as do chodladh ar maidin agus na liagáin (na "shells") sin ag dul faoi'n smut agad. B'fhearr liom aon-lá amháin a dhéanamh dhíom in éindigh!