bromóg
—
breac carraige idir a bheith ina bhláthán agus ina bhallach; leathbhallach.
a.
+–
Bhuail bromóg mé ar an gcéad urchar in Éirinn a chaith mé
Mharaigh mé cupla bromóg agus leathbhlátháinín (bhalláinín)
TUILLEADH (6) ▼
Ní raibh aon mharú ar bhromógaí ná ar bhallachaí i mbliana.
'Sé ar éirigh liom den rath, an leathbhromóig sin.
Mharaigh mé cupla bromóg ar charraig Bhéal Trá, ach dheamhan de théagar iontub.
Níl aon chall casaoide dhuit ó mharaigh tú na cupla bromóg sin fhéin, ach féacha mise a bhfuil mo lá caite agam agus nár éirigh a shúil liom ach a theacht abhaile aríst agus mo dhá láimh chomh fada le chéile.
Bhí an lá rógheal agus ní raibh bualadh ar bith ar bhromógaí ná ar bhlátháin
Ligfidh an cat isteach mé ó tharla gur éirigh an bhromóg sin fhéin liom; tá cuid an chait sa mbromóig sin féin (deir iascairí nach ligfidh an cat isteach abhaile iad mura mbí breac eicínt acu)
b.
tugtar bromóg ar chailín ramhar téagarthach amantaí.
bromóg in iontrálacha eile (3)
→
buail
D'airigh mé mar a bheadh bromóg nó ballach ann ag scealpadh leis an mbaoite, agus chinn orm í a bhualadh ina dhiaidh sin.
→
bualadh
Bhí mé ag marú bromóg chomh tréan in Éirinn agus a bhí mé in ann baoití a choinneáil leob i gcaitheamh uair an chloig, ach níor fhan bualadh ar bith ar an gcarraig uaidh sin amach.
→
dóigh 1
An-dóigh ballach í Carraig Mh. ar an taoille seo. Nach bhfuil sé ag tuile isteach i mbéal na cuisle. Gabh síos agus caith cupla urchar uirthi, agus fan ann nó go ndíbrí an taoille tuile thú. Cuirfidh mé mo sheanhata leat go n-éireoidh ballach nó bromóg leat