Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Bromóg (bramóg)
breac carraige idir a bheith ina bhláthan a's in a bhallach; leath-bhallach.
a.
+
Bhuail bromóg mé, ar a' gcéad urchar in Éirinn a chaith mé.
Mharbhuigh mé cupla bromóg, a's leath-bhláthainín (bhalláinín)
TUILLEADH (6) ▼
Ní raibh aon-mharbhú ar bhromógaí ná ar bhallachaí imbliadhna.
Sé'r eirigh liom de'n rath, an leath-bhromóig sin.
Mharbhuigh mé cupla bromóg ar charraig Bhéal Trágha, ach dheamhan de théagar ionnta(b).
Níl aon-chall casaoide dhuit, ó mharbhuigh tú na cupla bromóg sin fhéin, ach feacha mise 'bhfuil mo lá caithte agam, a's nar eirigh 'shúil liom, ach a theacht abhaile aríst a's mo dhá láimh chomh fada le chéile.
Bhí an lá ro-gheal, a's ní raibh bualadh 'bith ar bhromógaí ná ar bhláthain.
Leigfe an cut isteach mé, ó thárla gur eirigh an bhromóg sin fhéin liom; tá cuid a' chuit sa mbromóig sin féin (deir iascairí nach leigfe an cut isteach abhaile iad, mara mbí breac eicínt aca).
b.
tugtar bromóg ar chailín reamhar téagarthach amanntaí.
·
Nach hí an bhromóg (an bromóigín) mná í.
Is deas, cuimseardha an bhromóg í (féach bromaire).

Bromóg in iontrálacha eile (3)

 
buail
D'airigh mé mar bheadh bromóg nó ballach ann, a' sciolpadh leis a' mbaoite, a's chinn orm í a bhualadh in a dheidh sin.
 
Bhí mé 'marbhú bromóg chomh tréan in Éirinn a's bhí mé indon baoití a choinneál leo(b) i gcaitheamh uair a' chluig, ach níor fhan bualadh a' bith ar a' gcarraig uaidh sin amach.
 
dóigh 1
An-dóigh ballach í Carraig Mh. ar an taoille seo. Nach bhfuil sé ag tuileadh isteach i mbéal na cuisle. Gabh síos agus caith cupla urchar uirre, agus fan ann nó go ndíbrighidh an taoille tuile thú. Cuirfidh mé mo shean-hata leat go n-eireochaidh ballach nó bromóg leat