brúisciúlacht
—cáilíocht brúisce
—
dodaíl, daoithiúlacht, cheal chuntanóis le aon duine; cheal suilt is suáilce.
+–
Tá an bhrúisciúlacht sin inti sin ariamh, agus shílfeá amantaí nach leáfadh an t-im ina béal le láíocht.
Tuilleadh diabhail aige anois. A chuid brúisciúlachta fhéin a tharraing an méid sin air.
TUILLEADH (2) ▼
Ba dual dó a bheith brúisciúil.
Níor dhúirt sé sin focal sibhialta le aon duine ariamh, le teann brúisciúlachta agus drochmhúineadh
brúisciúlacht in iontrálacha eile (1)
→
deachma
Tá an scéal sin Mac Rí na nDeachman ag S. Ó B. Bhí sé dhá inseacht an oíche cheana thíos tigh na S. ach thosaigh P. ag sáraíocht air sula raibh mórán bail aige air, agus i ndar liom féin, gur mó an rún a bhí acu as a dheireadh a dhul ag bualadh cnigíní ar a chéile. Níl cuibhiúlacht ar bith in P. má bhíonn duine ar bith ann a mbeith a fhios aige dadaí, bíonn sé ar an mbrúisciúlacht sin. Measann sé gurb aige féin atá gach údar. Más leat an scéal a chloisteáil buail soir ag an teach ag S. féin, agus inseoidh sé duit é