Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
buailteach
tugtha do bhualadh; fonn buailte (amantaí bíonn ciall gháirsiúil leis).
+
Ná bí buailteach, pé ar bith cén chaoi a mbeidh tú
Fainic a mbeifeá buailteach ar chaoi ar bith!; Seachain an mbeifeá buailteach.
TUILLEADH (10) ▼
Ní éadáil mhór do dhuine ar bith a bheith buailteach.
'Sé an rud is luath (luar) liom a chonaic mé ariamh, duine buailteach.
Duine buailteach é má baintear as é.
Tá ceart le baint de chuile dhuine ach den duine buailteach.
Más buailteach nó gan buailteach é, ceansófar ansiúd é, deirimse leat.
'Sé is buailtí beo má bhíonn aon bhraon sa gcoiricín aige.
Mura mbí duine buailteach ansiúd, ní éireoidh ceart ar bith leis. Mar adúirt an fear fadó, 'sé an té is fhearr dorna is fhearr corna den fheoil ann.
Is iomaí rud atá le fáil as bagairt ná a bhfaighthí as bualadh.
Chuile bhall anseo, muise, ach fear buailteach — beidh fáilte roimh chuile dhuine nach bhfuil buailteach, ach ní luar linn an sioc abuil sinn ná fear buailteach
Má bhíonn tú buailteach, b'fhéidir gurb é an ceann salach den bhualadh a bheadh agat as a dheireadh.
+
Mura mbí tú buailteach, bí bagarthach.
Is fearr a bheith bagarthach ná buailteach.
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé bagarthach go leor, ach nuair a théann sé ar an scian is géire ina dhiaidh sin, níl sé buailteach. Is measa a ghlam ná a fhiacail
Tá Seán bagarthach buailteach stodamach.
·
Tá sé an-bhuailteach — imreoir cártaí
Ná bí buailteach an babhta seo tharas ariamh — ná buail mo chárta

buailteach in iontrálacha eile (6)

 
B'fhearr dhuit gan a bheith buailteach nó gheobhaidh tú an té a thabharfas comaoin do láimhe dhuit as a dheireadh. Níl buille ar bith chomh maith leis an mbuille réidh.
 
Thug an dream sin na hiarrantaí abhaile leo — ba dual athar nó sinsire dóibh a bheith buailteach builleach
 
banrach, nó pionna nó gabhann a bhíodh sna buailtí. Cúinne nó limistéar é a sháinnítí le claí a dhéanamh. Chuirtí na laontaí isteach ann lena gcoisceadh ón máthair a dhiúl. Is ann a thugtaí an bainne dóibh thar éis an bhleáin. D'fheicfeá claíochaí na bhfáiméad fós ar thamhnachaí nó in áiteachaí a mbíodh buailtí ar sliabh roimhe seo. Tá an focal fáiméad sa gciall seo ag seargadh sa gcaint. Ach in áiteachaí a bhfuil cuimhne fós ar na buailtí baintear leas as i gcomhair pionna nó banraí ar bith a dhéanfaí le haghaidh uain a locadh, nó gamhna, nó a leithide
 
Sin é ceird gasúir i gcónaí: daidhce orthu faoina dhul chuig an scoil. Shílfeá i nDomhnach, gur mó an luí atá ag gasúir anois léithe ná fadó. Ar ndóigh, ba mhó a bhuailtí orthu fadó
 
dreas 1
Bhuailtí dreasannaí móra air ansin soir fadó, ach ní bhíonn a aghaidh ann chor ar bith anois. Buaileadh an oiread air oíche amháin agus a bhuailfí ar dhual lín, agus diabhal mé go ndeachaigh sé ann aríst ina dhiaidh sin
 
Mhaithfeá do Dhia nach (ach) gan é a fheiceáil ag dúrúch thart ar fud an tí, agus é ag búiriúch mar a bheadh bullán ann. Shíl mé go gcuirfeadh sé an teach dhá lúdrachaí. Ní raibh sé buailteach chor ar bith, ach bhí sé sách bagarthach deirimse leat. D'ardaigh duine eicínt amach ar an tsráid é faoi dheireadh agus bhí teach na bainse suaimhneach uaidh sin amach