Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Buailteach
tugtha do bhualadh; fonn buailte (amanntaí bíonn ciall gháirseamhail leis).
+
Ná bí buailteach, pé'r bí cé'n chaoi a mbeidh tú.
Fainic a mbeitheá buailteach, ar chaoi ar bith!; Seachain a' mbeitheá buailteach.
TUILLEADH (10) ▼
Ní éadáil mhór do dhuine ar bith a bheith buailteach.
Sé'n rud is luath (lughar) liom a chonnaic mé ariamh duine buailteach.
Duine buailteach é, má baintear as é.
Tá ceart le baint de 'chuile dhuine, ach de'n duine buailteach.
Má's buailteach nó gan buailteach é, ceannsóchthar annsiúd é, deirimse leat.
'Sé is buailtighe beo, má bhíonn aon-bhraon sa gcoirricín aige.
Mara mbí duine buailteach annsiúd, ní eireocha ceart a' bith leis. Mar dubhairt an fear fadó, 'sé'n té is fhearr dorna is fhearr corna de'n fheoil' ann.
Is iomdha rud atá le faghail as bagairt ná 'bhfuighthidhe as bualadh.
'Chuile bhall annseo, muise, ach fear buailteach = beidh fáilte roimh 'chuile dhuine nach bhfuil buailteach, ach ní lughar linn a' sioc ab uil sinn, ná fear buailteach.
Má bhíonn tú buailteach, b'fhéidir gurb é an ceann salach de'n bhualadh a bheadh agad as a dheire.
+
Mara mbí tú buailteach, bí bagarthach.
Is fearr a bheith bagarthach ná buailteach.
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé bagarthach go leor, ach nuair a theigheann sé ar an scian is géire ina dhiaidh sin, níl sé buailteach. Is measa a ghlam ná a fhiacail.
Tá Seán bagarthach, buailteach, stodamach.
·
Tá sé an-bhuailteach = imreoir cártaí
Ná bí buailteach a' babhta seo fharras ariamh = ná buail mo chárta

Buailteach in iontrálacha eile (5)

 
B'fhearr dhuit gan a bheith buailteach, nó gheobha tú an té a thiubhras cumaoin do láimhe dhuit as a dheire. Níl buille ar bith chomh maith leis a' mbuille réidh.
 
Thug an dream sin na h-iarrantaí abhaile leo — ba dual athar nó sinnsire dóibh a bheith buailteach builleach.
 
Sin é ceird gasúir i gcomhnuí: daighce orra faoi'n a dhul chuig an scoil. Shílfeá inDomhnach, gur mó an luighe atá ag gasúir anois léithe, ná fadó. 'Ar ndú (ndóigh) ba mhó a bhuailtí orra fadó
 
dreas 1
Bhuailtí dreasannaí móra air annsin soir fadó, ach ní bhíonn a aghaidh ann chor ar bith anois. Buaileadh an oiread air oíche amháin agus a bhuailfí ar dhual lín, agus diabhal mé go ndeachaidh sé ann aríst in a dheidh sin
 
Mhaithfeá do Dhia nach (ach) gan é a fheiceál ag dúthrúach thart ar fud an tighe, agus é ag búirtheadhach mar bheadh bulán ann. Shíl mé go gcuirfeadh sé an teach dhá lúdrachaí. Ní raibh sé buailteach chor ar bith ach bhí sé sáthach bagarthach deirimse leat. D'árduigh duine eicínt amach ar an tsráid é faoi dheire agus bhí teach na bainse suaimhneach uaidh sin amach