Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Nualitriú Bunlitriú
ceadh
fc. ceal

ceadh in iontrálacha eile (14)

+
ceal 2
Ceadh nár chuala tú an méid sin!
TUILLEADH (2) ▼
Ceadh nár tháinig sé fós, an righneadóir bradach!
Ceadh nach dtéann sé ag an aifreann beag ná mór!
 
Ceadh nach bhfuil tú in ann an bicycle a chinnireacht fós. Shílfeá go bhfuil sé in am agat a bheith in ann ceart a bhaint dhe feasta.
 
Fainic do mhéir ar an sceanadóir de phortán sin. Ceadh nach bhfuil a fhios agat gurb in é an rud is coilgní beo. Má bhaineann sé ailp asat, comhairleoidh sin thú b'fhéidir.
 
Ceadh nach bhfuil aon chosúlacht air ach mar sin? Shíl mé go raibh sé ag dul ag pósadh bog te an lá faoi dheireadh.
 
Ceadh nach bhfuil eolas an bhealaigh agat fós?
 
cuntas
Ceadh nach bhfuil aon rath leat le cuntas? — tuige nach bhfuil féith an áirimh ionat ("cuntas" a thugas go leor de ghasúir Chonamara ar "Arithmetic")
 
bunús
Ceadh nach bhfuil de bhunús ann ach mar sin?
 
ith
Ceadh nár ith tú aon cheo fós — an amhlaidh nár ith tú tada fós
 
An bhfuil an lot atá ar do chois fuaraithe fós? … Ceadh nach bhfuil? — gafa ar gcúl; an t-othras a bheith imithe as, agus é a bheith i mbéal bisigh nó cneasaithe
 
Daidhce a bhí uirthi anocht faoi gur fhága C. ansin aréir í … Ceadh nár chuala tú é sin. I nDomhnach rinne sé malrait mná aréir … í seo thiar. Spéir na gréine Sh. Ch. Tá faitíos orm muise gurb olc an mhalrait aige í: a dhul ó ghiolla na sliogán go dtí giolla na mbairneach mar adeir fear Ch. Ach mo choinsias, is deacair í seo istigh a bhearradh anocht
 
Tá bád deisithe aige seo thíos anois faoina cuid seolta bocóideacha bacóideacha … Ceadh nach bhfaca tú í ó chuir sé an seol uirthi? Is breá an ball i mbéal dorais anois í. Tá sé ag brath ar a dhul ag déanamh aeir go hÁrainn agus go Contae an Chláir i mbliana léithe
 
Nach tú an dilleoirín i gcónaí. Ceadh nach mbeifeá mar a bhíos chuile ghasúr, go lách múinte agus gan a bheith ag tógáil an chloiginn orm mar sin. Nach bhfuil a fhios agat go maith go bhfaightheá é dá mbeadh sé ann, agus ó tharla nach bhfuil, go gcaithfidh tú déanamh dhá uireaspa a bheith agat. Nó an bhfuil maith ar bith a bheith leat. Má fheiceann t'athair in do dhilleoirín mar sin thú leagfaidh sé ort, creid mé dhuit ann. Agus ní chosnóidh mise aríst choíchin thú mar a rinne mé an oíche cheana