Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
cipiléireacht
ainmfhocal
1.
cabaireacht; nathaíocht; caint ar sraith.
+
Ná bí ag cipiléireacht chainte mar sin.
Lig de do chuid cipiléireacht chainte anois. Tá rud eicínt eile ar m'aire.
TUILLEADH (6) ▼
Tá an oiread cipiléireacht aige, agus go dtógfadh sé do cheann agus gan substaint ar bith lena leath. Ní chuireann sé duine ar bith le gaoith na gcnoc ach M. T. Mh.
Fanadh sé sa mbaile. Níl guth ar bith sa teach seo ar fhéin ná ar a chuid cipiléireachta — níl fáilte ar bith againn roimh an gcineál cainte a bhíos aige.
Tá caint aige — cipiléireacht agus caint ar sraith. Dhéanfeadh sé ball séire d'aon duine beo a bheith ag éisteacht leis.
Is beag an néal atá air sin ina bhealach fhéin léis (thar éis) a bhfuil de chipiléireacht aige. Do dhúshlán faigh aon bhrabach air ina dhiaidh sin.
Chaith sé an oíche ag cipiléireacht chainte ansin ar an teallach nó gur dhúirt mé fhéin faoi dheireadh agus faoi dhó (dheoidh) go raibh sé in am codlata. D'imigh sé ansin ar éigean.
Ar éigean na gcor agus na gcnámh a fhéadanns muid é a chur abhaile oíche ar bith ach ag cipiléireacht chainte ansin go mbíonn an dó dhéag bainte aige. Dar mo chúis, rachaidh mise a chodladh feasta agus fanadh sé go maidin más breá leis é.
2.
obair réchúiseach; a bheith ag obair, agus gan aon dúthracht a chaitheamh léithe; mionobair, mionghiotamáil.
+
An é siod ru! Dheamhan pioc a dhéaneann sé siúd ó mhaidin go faoithin ach ag cipiléireacht leis mar sin. Maidir le obair, dheamhan lá oibre faoi shlacht a facthas ina dhiaidh ariamh.
Ní ag obair atá sé ach ag cipiléireacht léithe. Ach dheamhan éitir sa duine bocht le aon tsaothar crua a dhéanamh.
TUILLEADH (7) ▼
Tá sé ag cipiléireacht siar ansin, hé brí céard atá sé a dhéanamh, ach dheamhan mórán den rath a dhéanfas sé ar aon nós.
Dar m'fhírinn duit anois a mhic, ní ag obair a bhí mé inniu, ach ag cipiléireacht léithe. Bhí an oiread póite orm de bharr na hoíche aréir agus nár fhéad mé aon smeach a dhéanamh ó mhaidin, ach ag ól bláthaí.
Cén mhaith dhomsa do chuid cipiléireachta. Mura bhfuil aon déantús maitheasa ionat, éirigh as an obair ar fad.
Dhiomalódh sé sin ráithe an tsamhraidh ar an gcipiléireacht sin, agus sháródh sé siar in do bhéal ina dhiaidh sin nach bhfuil aon oibrí ar an mbaile is fhearr ná é.
Gnaitheach maith é. Dhá mbeadh giotamáil ná cipiléireacht ar bith le déanamh timpeall an tí, dhéanfadh sé é, ach maidir le obair amuigh is mó a bheadh sé in do bhealach.
Tá sé ag déanamh cipiléireacht eicínt le móin le gabháil chun seachtaine, ach dheamhan mórán cosúlacht ar an bportach go raibh sé ann.
Cáide eile a bheas tú ar an gcipiléireacht seo. Cuir crú ina thosach, agus bíodh sé críochnaithe tráthnóna amárach ar a fhad. Shílfeá go mba chóra dhuit náire a bheith ort, agus an t-achar atá tú in ainm is a bheith ina éadan, agus gan déanamh ná leathdhéanamh fós air.

cipiléireacht in iontrálacha eile (6)

 
Is deacair dhó féar ná fothair a bheith aige lá is gur fhága sé an garraí sin thuas gan baint nó gur lobh sé ar a chois. Sin é a chleas chuile bhliain: Ag imeacht ag cipiléireacht agus ag biorú claíochaí nuair a bhí aige a ghnaithe a dhéanamh
 
Ní iarrfadh sé go deo ach ag deismínteacht timpeall tí mar sin. Tá sé an-stuama ceart go leor, ach caitheann sé a shaol ag cipiléireacht agus ag déanamh rudaí nach mbíonn call ar bith leo. Rinne sé teach nua cupla bliain ó shin agus chuir sé an oiread freigisí istigh ann agus nach raibh an oiread áite fágtha aige ann sa deireadh agus go suífeadh sé síos! B'éigean dó tosaí dhá mbriseadh agus dhá gcaitheamh amach aríst ar ais
 
fonn
Tá fonn a chroí air a bheith ag cipiléireacht leis mar sin
 
fonsa
Tá an C. sin thuas in ann fonsa a chur ar bhairille. Fear an-stuama é sin. Níl ceird ar bith nach mbíonn sé ag cipiléireacht léithe
 
díth
Mura mbeidh obair déanta aige, ní de dhíth éirí moch é. Bíonn sé amuigh le giolcadh na fuiseoige chuile mhaidin. Ach b'fhearr cearc i ngarraí ná é. Ag imeacht ag cipiléireacht a chaitheas sé an lá
 
Is diabhaltaí an dúchan a rinne mé féin agus D. lá. Chuir muid an cúl thiar agus an cúl ó dheas de Bh. Bh. agus go deimhin bhí sé chomh maith dhom a rá nach raibh freastal ar bith againn scáth a ndearna J. Sh. G. Deirimse leatsa gur buan an cúl é cúl thiar Bh. Bh. Feicim anois go bhféachann sé é féin trí lá, ach ar ndóigh níl déantús maitheasa ar bith sa scairíneach siúd. Ní ag cur a bhíos sé ach ag cipiléireacht!