Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Cipiléaracht (cibiléaracht)
ainmfhocal
1.
cabaireacht; nathuidheacht; cainnt ar sraith.
+
Ná bí a' cibiléaracht chainnte mar sin.
Leig de do chuid cibiléaracht chainnte anois. Tá rud eicínt eile ar m'aire.
TUILLEADH (6) ▼
Tá'n oiread cipiléaracht aige, a's go dtóigfeadh sé do cheann, a's gan substaint a' bith le na leath. Ní chuireann sé duine 'bith le gaoith na gcnoc ach M. T. Mh.
Fanadh sé sa mbaile. Níl guth 'bith sa teach seo ar fhéin ná ar a chuid cipiléarachta = níl fáilte ar bith againn roimh an gcineál cainnte 'bhíos aige.
Tá cainnt aige — cipiléaracht a's cainnt ar sraith. Dheinfead sé ballséire d'aonduine beo a bheith ag éisteacht leis.
Is beag a' néal atá air sin, in a bhealach fhéin léis (thar éis) a bhfuil de chipiléaracht aige. Do dhubhshlán fagh aon-bhrabach air 'na dheidh sin.
Chaith sé an oidhche a' cipiléaracht chainnte annsin ar a' teallach, nó gur dhubhairt mé fhéin faoi dheire a's faoi dhó (dheoidh?) go raibh sé in am codlata. D'imthigh sé annsin ar éigin.
Ar éigin na gcor a's na gcnámh 'fhéadanns muid é 'chur abhaile oidhche bith ach a' cipiléaracht chainnte annsin, go mbíonn an dó dhéag bainte aige. Dar mo chúis (chubhais?), racha mise chodladh feasta a's fanadh sé go maidin má's breagh leis é.
2.
obair réidhchúiseach; a bheith ag obair, a's gan aon-dúthracht a chaitheamh léithe; mion-obair, mion-ghiotamáil.
+
An é siud ru! Dheamhan pioc a dheineann sé siúd ó mhaidin go faoithin ach a' cipiléaracht leis mar sin. Maidir le obair, dheamhan lá oibre faoi shlacht a facthas 'na dhiaidh ariamh.
Ní ag obair atá sé ach a' cipiléaracht léithe. Ach dheamhan éitir sa duine bocht le aon-tsaothar cruadh a dhéanamh.
TUILLEADH (7) ▼
Tá sé a' cipiléaracht siar annsin, hébrí céard tá sé a dhéanamh, ach dheamhan mórán de'n rath a dhéanfas sé ar aon-nós.
Dar m'fhírinn duit anois a mhic, ní ag obair a bhí mé indiu, ach a' cipiléaracht léithe. Bhí an oiread póite orm de bharr na h-oidhche aréir, a's nar fhéad mé aon-smeach a dhéanamh, ó mhaidin, ach ag ól bláthaighe.
Cé'n mhaith dhomsa do chuid cipiléarachta. Mara bhfuil aon-déantús maitheasa ionnad, eirigh as an obair ar fad.
Dhiombalóchadh sé sin ráithe an tsamhraidh ar a' gcipiléaracht sin, a's sháróchad sé siar in do bhéal 'na dheidh sin, nach bhfuil aon-oibridhe ar a' mbaile is fhearr ná é.
Gnaitheach maith é. Dhá mbeadh giotamáil ná cipiléaracht a' bith le déanamh timcheall a' tighe, dhéanfadh sé é, ach maidir le obair amuigh is mó a bheadh sé in do bhealach.
Tá sé a' déanamh cipiléaracht eicínt le móin, le gabhail 'un seachtmhaine, ach dheamhan mórán cosamhlacht ar a' bportach go raibh sé ann.
Cá'ide eile a bheidheas tú ar a' gcipiléaracht seo. Cuir crudh 'na thosach, a's bíodh sé críochnuighthe trathnóna ambáireach ar 'fhad. Shílfeá go mbadh chóra dhuit náire 'bheith ort, a's an t-achar atá tú in ainm's a bheith in' éadan, a's gan déanamh ná leath-dhéanamh fós air.

Cipiléaracht in iontrálacha eile (6)

 
Is deacair dhó féar ná fóthair a bheith aige lá agus gur fhága sé an garraí sin thuas gan baint, nó gur lobh sé ar a chois. Sin é a chleas chuile bhliain: Ag imeacht ag cipiléaracht, agus ag biorú claidheachaí nuair a bhí aige a ghnatha a dhéanamh
 
Ní iarrfadh sé go deó ach ag deismínteacht timpeall tí mar sin. Tá sé an-stuama ceart go leór, ach caitheann sé a shaol ag cipiléaracht agus ag déanamh rudaí nach mbíonn call ar bith leó. Rinne sé teach nua cupla bliain ó shoin, agus chuir sé an oiread freigisí istigh ann, agus nach raibh an oiread áite fágha aige ann san deireadh agus go suíofadh sé síos! B'éigin dó tosaí dhá mbriseadh agus dhá gcaitheamh amach aríst ar ais!
 
fonn
Tá fonn a chroí air a bheith ag cipiléaracht leis mar sin
 
fonsa
Tá an C. sin thuas indon fonnsa a chur ar bhairille. Fear an-stuama é sin. Níl ceird ar bith nach mbíonn sé ag cipiléaracht léithe
 
díth
Mara mbeidh obair déanta aige, ní de dhíth eirghe moch é. Bíonn sé amuigh le giolcadh na fuiseoige 'chuile mhaidin. Ach b'fhearr cearc i ngarrdha ná é. Ag imeacht ag cipiléaracht a chaitheas sé an lá
 
Is diabhaltaí an dubhachan a rinne mé féin agus D. lá. Chuir muid an cúl thiar agus an cúl ó dheas de Bh. Bh. agus go deimhin bhí sé cho maith dhom a rádh nach raibh freastal ar bith againn scáth a ndeárna J. Sh. G. Deirimse leatsa gur búan an cúl é cúl thiar Bh. Bh. Feicim anois go bhféachann sé é féin trí lá, ach 'ar ndú' níl déantús maitheasa ar bith ins an scairíneach siúd. Ní ag cur a bhíos sé ach ag cipiléaracht!