ciseadóireacht
—
+–
An bhfuil aon rath ort ag ciseadóireacht? Má tá, dhéanfá grá Dia agus ciseog a dhéanamh. Dheamhan fad méire de chiseoig ag gabháil liom a gcuirfinn cupla fata uirthi.
B'fhearr dhuit a theacht lá liom ag ciseadóireacht ó tharla nach bhfuil aon chruóg ort thairis sin.
TUILLEADH (2) ▼
Is deacair dom ciseadóireacht a dhéanamh nuair nach bhfaighim aon fhreastal. Nach bhféadfadh sibh na slata sin a bhruith agus a dhlaoithiú ó tharla nach bhfuil tada eile ar a n-aire!
Ní ghnídís sin buille maitheasa ar bith eile fadó ach ag caoladóireacht agus ag ciseadóireacht, agus ag díol chléibh agus ciseáin i nGaillimh.
ciseadóireacht in iontrálacha eile (2)
→
buinne 1
Ní gan úidh gan óidh buinne a chur ar chiseán. Tá caoladóireacht mhór air. Más leat do théarma a chur isteach le ciseadóireacht téirigh Maigh Cuilinn. Sin iad atá in ann na ciseáin a dhéanamh.
→
dlaoinín
Dlaoiníní slat iad seo! Cé a bhí ag ciseadóireacht? … T. Mh. Huga leat! Ciseadóir maith é mh'anam, agus caoladóir maith freisin