ciseadóireacht
—
+–
'Bhfuil aon-rath ort a' ciseadóireacht? Má tá dhéanfá grádh-Dia a's ciseog a dhéanamh. Dheamhan fad méire de chiseoig a' gabhail liom, a gcuirfinn cupla fata uirre.
B'fhearr dhuit a theacht lá liom a' ciseadóireacht, ó thárla nach bhfuil aon-chruadhóg ort fhairis sin.
TUILLEADH (2) ▼
Is deacair dom ciseadóireacht a dheanamh, nuair nach bhfaghaim aon-fhreastal. Nach bhféadfadh sib na slata sin a bhruith a's a dhlaoithiú, 'thárla nach bhfuil tada eile ar a n-aire!
Ní ghnídís sin buille maitheasa a' bith eile fadó, ach a' caoladóireacht a's a' ciseadóireacht, a's díol chléibh a's ciseáin inGaillimh.
ciseadóireacht in iontrálacha eile (2)
→
buinne 1
Ní gan ú(idh) gan ó(idh) buinne a chuir ar chiseán. Tá caoladóireacht mhór air. Má's leat do théarma a chuir isteach le ciseadóireacht teirigh Muigh Cuilinn. Sin iad atá indon na ciseáin a dhéanamh.
→
dlaoinín
Dlaoiníní slat iad seo! Cé a bhí ag ciseadóireacht? … T. Mh. Huga leat! Ciseadóir maith é mh'anam agus caoladóir maith freisin