cliar
—ainmfhocal
—ní thagann aon chlaochmú tuisil air
—
fead, piachán nó srannán a bhíos i gcliabh agus i muinéal duine le slaghdán nó donacht; sórt fead ghoile.
+–
Tá cliar ann le seachtain.
Tá cliar aníos i mbéal mo chléibh.
TUILLEADH (14) ▼
Cáide ó tháinig an chliar sin ionat?
Tá sé tinn creatánach agus cliar ann i gcónaí. 'Sé mo mheas go bhfuil a chuid maitheasa ar iarraidh, an duine bocht.
Bhuail cliar é ansin — cliar an bháis.
Is fada atá an chliar bhradach seo a bhaint asam. Ní mé an bhfaighinn buidéal ar bith le caitheamh uirthi? Ba mhór an leas dhom dhá mbeadh sí dhíom — is fada an t-achar atá an piachán nó an srannán seo ionam, agus níl a fhios agam an bhfaighinn buidéal ar bith ón dochtúr a chuirfeadh ar gcúl í.
Dheamhan tionúr a lig mé as mo cheann aréir ag an gcliar seo. Tá mé den tsaol aici, tá mé sin.
Tá casacht agus cliar air anois le coicís, agus dheamhan an beag den duine bocht an méid sin agus gan tuilleadh dhá bhualadh.
Dheamhan leigheas ar an gcasacht sin, ach tugadh sí a seal. Bíonn cliar ar dhuine go minic leis an gcasacht.
Airím mar a bheadh ualach i mbéal mo chléibh i gcónaí, agus dheamhan a bhfuil an chliar ag scaradh liom chor ar bith.
Dheamhan crochaillí ná réama atá mé a chur aníos, ach tá cliar orm go hacht is go háirid.
Thiocfainn ón gcasacht, murach an chliar a bhíonns ionam. Scanródh sí duine amantaí, bíonn sí chomh gártha sin.
Ní fiú biorán an chliar sin má tá tú taobh léithe. Ach is olc í an chasacht.
Tá an 'fliú' sin ina leannán agam ar fad le gairid. Dheamhan a leithide de chasacht agus de chliar agus tá orm! Ach grásta Dé, ní chuirfidh mé as mo chrioslaigh chor ar bith é. Tá sé do mo chothú as béal a chéile le dhá mhí.
D'airigh mé clochar ag teacht aníos i mbéal mo chléibh aréir agus bhuail cliar mé, agus dheamhan bréag nár shaothraigh mise an oíche. Bhí sé ina hóró lae shul ó thit mo dhá shúil ar a chéile.
Tá cliar aníos in mo mhuineál agus níl m'anáil ag teacht liom chor ar bith aici.
cliar in iontrálacha eile (3)
Bím plúchtaithe ar fad amantaí, nuair a bhuaileanns an racht mé, agus tagann an oiread crochaillí aníos as mo mhuineál, agus bíonn cliar in mo phíobán, ach dheamhan cailleadh ar bith a bhíonns aríst orm nuair a fhaighim réidh an achair.
Ní thaitníonn liom í a bheith ar an dranntaireacht sin, mar a bheadh sórt cliar inti. Shíl mé go raibh sí as inné, ach m'anam nach bhfuil sé as a crioslaigh fós aici