Cliar (clí-eire?)
—ainm-fhocal.
—Ní thagann aon-chlaochmú tuisil air.
—
fead, piachán nó srannán a bhíos i gcliabh a's i muinéal duine le slaghdán nó donacht; sórt fead ghoile.
+–
Tá cliar ann le seachtmhain.
Tá cliar aníos imbéal mo chléibh.
TUILLEADH (14) ▼
Cá'id 'ó tháinic an chliar sin ionnad?
Tá sé tinn criotánach a's cliar ann i gcomhnuidhe. 'Sé mo mheas, go bhfuil a chuid maitheasa ar iarraidh, an duine bocht.
Bhuail cliar é annsin — cliar a' bháis.
Is fada atá an chliar bhradach seo a bhaint asam. Ní mé a bhfuighinn buidéal a' bith le caitheamh, uirre? Ba mhór a' leas dhom, dhá mbeadh sí dhíom. = is fada an t-achar atá an piachán nó'n srannán seo ionnam, a's níl fhios agham, a bhfuighinn buidéal a' bith ó'n dochtúr, a chuirfeadh ar gcúl í.
Dheamhan tionnabhar a leig mé as mo cheann aréir, ag a' gcliar seo. Tá mé de'n tsaoghal aice, tá mé sin.
Tá casacht a's cliar air anois, le coigthidhis, a's dheamhan a' beag de'n duine bocht a' méid sin, a's gan tuille dhá bhualadh.
Dheamhan leigheas ar a' gcasacht sin, ach tugadh sí a seal. Bíonn cliar ar dhuine go minic leis a' gcasacht.
Airighim mar bheadh ualach i mbéal mo chléibh i gcomhnuidhe, a's dheamhan a' bhfuil a' chliar a' scaradh liom chor a' bith.
Dheamhan crochaillí ná réama atá mé a chur aníos, ach tá cliar orm go h-acht a's go h-áithrid.
Thiocfainn ó'n gcasacht, marach a' chliar a' bhío(nn)s ionnam. Scannróchadh sí duine amanntaí, bíonn sí chomh gártha sin.
Ní fiú biorán a' chliar sin, má tá tú taobh léithe. Ach is olc í an chasacht.
Tá'n 'fliú' sin in a lionnán (leannán) agam ar fad, le goirid. Dheamhan a leithide de chasacht a's de chliar a's tá orm! Ach grásta Dé, ní chuirfe mé as mo chrioslaigh chor a' bith é. Tá sé do mo chothú, as béal a chéile le dhá mhí.
D'airigh mé clochar a' teacht aníos imbéal mo chléibh aréir, a's bhuail cliar mé, a's dheamhan bréag nar shaothruigh mise an oidhche. Bhí sé 'na hóró lae, shul ó thuit mo dhá shúil ar a chéile.
Tá cliar aníos in mo mhuineál a's níl m'anáil a' teacht liom chor a' bith, aice.
Cliar in iontrálacha eile (3)
Bím plúchtaí ar fad, amanntaí, nuair a bhuailea(nn)s an racht mé, a's tagann an oiread crochaillí aníos as mo mhuineál, a's bíonn cliar in mo phíobán, ach dheamhan cailleadh a' bith a bhío(nn)s aríst orm, nuair a fhaghaim réidh an achair.
Ní thaithnigheann liom í a bheith ar an drántaireacht sin, mar bheadh sórt cliar innte. Shíl mé go raibh sí as indé, ach m'anam nach bhfuil sé as a crioslaigh fós aice