1.
craiceann nó rúsc crainn.
·
De choirt crainn a déantar bróga mar sin adeir siad — rúsc, craiceann (annamh)
Tá an coirt ag sceitheadh den chrann sin as éadan.
2.
ramallae nó brat salachair; mar a bheadh glae; scráib bhealaithe; moirt shleamhain shalachair; grúdarlach; claimhe.
a.
+–
Tá coirt ar an tobán sin. Níor mór daoibh é a sciúradh le uisce te.
Buail scráib ar an mbairille sin. D'fhan coirt air ón spray.
TUILLEADH (14) ▼
Dhá leagtá méisín sháile faoin teas, d'imeodh an t-uisce ina ghail agus d'fhanfadh coirt shalainn ar thóin na méise.
Aimsir spalptha sa samhradh, d'fheicfeá coirt shalainn ar sheolta báid.
Tá coirt shneá in do chloigeann.
Tá an salrach chnis iontub mar a bheadh coirt ann — salachar ar chraiceann beithíoch.
A bhobarúin, hé brí cár shuigh tú, tá coirt dhearg agat ar do bhríste nua.
Fanann coirt ina dhiaidh sin agus ní féidir í a bhaint as éadach.
Dheamhan stól dhá bhfuil sa teach nach bhfuil coirt shalachair air.
Tá coirt shalachair ar chuile mhíle ball dhá bhfuil istigh faoi chaolachaí an tí. Caithfidh tú a dhul ag sciúradh a Ph.
Tá coirt eicínt ar a thóin seo. Shílfeá gur céir í, agus ní hea ina dhiaidh sin.
Tá a mhullach foirgthe le gearbógaí, agus iad ina gcoirt thirim fré chéile.
Níor mhór dhuit an citil sin a scaladh amach le airgead luachra mar tá a thóin uileag faoi choirt.
Tá an inchinn shléibhe caite ina coirt ar an sliabh. D'fheicfeá suas ansin i chuile áit í — ní fhásann sí mar phlandaí eile, ach mar a bheadh coirt.
Tá an roille bhuí ina coirt ar thaobhannaí an tobair. Is géar a theastódh é a chartadh.
Tagann an coirt sin ar na locháin sa samhradh in áiteachaí nach mbíonn cead reatha ag an uisce. Uisce ar bith a mbeidh coirt den tsórt sin air, cuireann na beithígh suas de mura mbeadh an-spalpadh tairt orthub.
+–
Tá coirt ar do theanga.
Cuir amach do theanga go bhfeice mé an bhfuil aon choirt uirthi.
TUILLEADH (5) ▼
Tá airde coirte ar do theanga.
Is furasta a aithinte go bhfuil tú tinn, agus a bhfuil de choirt ar do theanga.
Dhá mbeadh siaróib ar bith agam a ghearrfadh an choirt.
Tá mo mhuineál calcaithe le réama agus mo theanga faoi choirt fré chéile.
Níl tú ar biseach fós muis, agus a bhfuil de choirt ar do theanga.
b.
+–
Tá coirt ar m'anam le peacaí.
Níor mhór dhom a dhul ar faoistin lá ar bith feasta, agus an choirt atá ar m'anam ó bhí mé cheana ann.
TUILLEADH (1) ▼
Mura raibh sé ar faoistin muise ón lá fadó, tá ceart ag a anam coirt mhaith a bheith anois air, ní dhá roinnt leis é.
coirt in iontrálacha eile (5)
+
→
cora
Tá caonach liath agus coirt roille-bhuí ar chlocha na cora agus is maith a bheifeá ar t'airdeall fhéin nó sciorrfá orthub.
TUILLEADH (1) ▼
Tá cora gearbóg ina cheann; tá a cheann ite le gearbógaí; tá ceann clamhach air; tá coirt nó carcair gearbóg ina chloigeann.
→
déan 1
Ar an dá luath is ar ól mé é, rinne mo theanga coirt. Chaithfeadh sé nach raibh sé ar fónamh dhá réir sin