1.
craiceann nó rúsc crainn.
·
De chairt crainn a déantar bróga mar sin adeir siad = rúsc, craiceann (annamh).
Tá'n cairt a' sceitheadh de'n chrann sin as éadan.
2.
ramallae nó brat salachair; mar bheadh glaeidh; scráib bhealthuighthe; moirt shleamhain shalachair; grúdarlach; claimhe.
a.
+–
Tá cairt ar a' tubán sin. Níor mór daoib é a sciúradh le uisce te.
Buail scráib ar a' mbairille sin. D'fhan cairt air ó'n 'spray'.
TUILLEADH (14) ▼
Dhá leagtá méisín sháile faoi'n teas, d'imtheochadh a' t-uisce in a ghail a's d'fhanfadh cairt shalainn ar thóin na méise.
Aimsir spalptha sa samhradh, d'fheicfeá cairt shalainn ar sheolta báid.
Tá cairt shneáidh in do chloigeann.
Tá an salra chnis ionntu(b) mar bheadh cairt ann. = salachar ar chraiceann beithidheach.
A bhobarúin, hebrí cá'r shuidh tú, tá cairt dhearg agad ar do bhríste nuadh.
Fanann cairt in a dhiaidh sin, a's ní féidir í 'bhaint as éadach.
Dheamhan stól dhá bhfuil sa teach nach bhfuil cairt shalachair air.
Tá cairt shalachuir ar chuile mhíle ball dhá bhfuil istigh faoi chaolachaí an tighe. Caithfe tú a dhul a' sciúradh a Ph.
Tá cairt eicínt ar a thóin seo. Shílfeá gur céir í, a's ní h-eadh, 'na dheidh sin.
Tá a mhullach foiricighthe le gearbógaí, agus iad 'na gcairt thirm fré chéile.
Níor mhór dhuit an 'cetil' (kettle) sin a scalladh amach le airgead luachra mar tá a thóin uileag faoi chairt.
Tá'n inchinn shléibhe caithte in a cairt ar a' sliabh. D'fheicfeá suas annsin is 'chuile áit í = ní fhásann sí mar phlanndaí eile, ach mar bheadh cairt.
Tá'n ruille bhuidhe in a cairt ar thaobhannaí an tobair. Is géar a theastóchadh é a chartadh.
Tagann a' cairt sin ar na locháin sa samhradh, in áiteachaí nach mbíonn cead reatha ag an uisce. Uisce 'bith mbeidh cairt de'n tsórt sin air, cuireann na beithidhigh suas de, mara mbeadh an-spalpadh tairt orra(b).
+–
Tá cairt ar do theanga.
Cuir amach do theanga 'bhfeice mé 'bhfuil aon-chairt uirre.
TUILLEADH (5) ▼
Tá aoirde cairte ar do theanga.
Is furasta 'aithinte go bhfuil tú tinn, a's a bhfuil de chairt ar do theanga.
Dhá mbeadh siaróib a' bith agham a ghearrfadh an chairt.
Tá mo mhuineál calcuighthe le réama, a's mo theanga faoi chairt fré chéile.
Níl tú ar biseach fós muis, a's a bhfuil de chairt ar do theanga.
b.
+–
Tá cairt ar m'anam le peacaidhe.
Níor mhór dhom a dhul ar faoistean, lá 'bith feasta, a's an chairt atá ar m'anam ó bhí mé cheana ann.
TUILLEADH (1) ▼
Mara raibh sé ar faoistean muise ó'n lá fadó, tá ceart ag anam cairt mhaith a bheith anois air, ní dhá roinnt leis é.
Cairt in iontrálacha eile (13)
+
→
cairt
Cuir an capall faoi'n gcairt.
TUILLEADH (2) ▼
'Bhfuil aon-chairt aige anois.
Tá cairt agam fhéin dá mbeadh capall agham.
+
→
cora
Tá caonach liath a's cairt roille-bhuidhe ar chlocha na carra, agus is maith a bheitheá ar t'áirdeall fhéin, nó sciorrfá orra(b).
TUILLEADH (1) ▼
Tá carra gearbóg in a cheann; tá a cheann ithte le gearbógaí; tá ceann clamhach air; tá cairt nó carcair gearbóg in a chloigeann.
→
cóineas
Is mór an cham-srón-birín air nar deunadh (dearnadh) an droichead siod anuraídh, arae ba coimhneas mhór dó é, leis a' gcairt a's leis a' gcapall.
→
bualadh
Is mór a' chontabhairt a dhul le cairt ann, arae tá sé chomh sleamhain le gloine, a's is air atá bualadh na 'motarss' ar fad anois.
→
aire
Dhá mbeadh aon-duine agam a thiubhradh aire do'n chairt dom ar a' bhFaithche Mhóir indiu, b'ait a' lá óil a bheadh agam, mar bhí Máirtín Rúnú a' strócántacht liom go dtugadh sé isteach mé (féach strócántacht)
→
fill
Níl aon-mhaith sna ceascannaí sin a rinne sib ann. Beannacht Dé dhuit. Cairt ar bith a mbeadh ualach uirre, ghabhfadh sí go filleadh dúda annsin
→
droim
Níl aon-fhear in do thír a d'iomchróchadh an t-ualach sin faoin a dhruim, hébrí céard a dhéanfadh sé len a sháthadh roimhe i mbarra nó a tharraint in a dhiaidh i gcairt
→
déan 1
Ar an dá luath agus ar ól mé é, rinne mo theanga cairt. Chaithfeadh sé nach raibh sé ar foghnamh dhá réir sin