Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
aire

strócántacht (16)

 
Deir siad gurb é S. Bh. ba chiontach léithe sin. Fuair sé caidéis di gan aon bhail ó Dhia a chur uirthi. Ba é ráite chuile dhuine go raibh drochshúil aige. Pé acu sin é, dheamhan deoir bhainne sláinte a d'ól sí ón lá a bhfuair sé caidéis di. Bhí a máthair agus a muintir ag strócántacht lena fear, ag iarraidh air a dhul go dtí S. B. agus é a thabhairt chun láithreach go gcuireadh sé bail ó Dhia fliuch uirthi.
 
An bhfuil a fhios agat cé a bhí strócántacht liom ag cur chomaoine orm inniu i nGaillimh — M. Sh. Dh. Dheamhan mo chos a ligfeadh sé uaidh go n-ólainn pionta.
 
B'éigean cosúlacht an mhalraigh sin a chur go dtí N. go Meiriceá. Bhí sí ag strócántacht dá iarraidh.
 
baile
Is beag le fágtha sa mbaile a bhí an seanfhear nuair a bhí an chlann in árachaigh a chéile, agus chuile dhuine ag strócántacht ag iarraidh a chuid fhéin.
 
bannaí 1
Fuair sé fear an tí seo, mar a bhí sé ina phleota, ar sheol na braiche le dhul i mbannaí air faoi dheich bpunt sa mbainc, trí bliana sa taca seo. Meas tú ar íoc sé leithphínn rua ariamh dhe gur thosaigh an bainc ag cur litreachaí chuig an gceann seo, agus ag strócántacht leis faoin íoc? Ní mórán dá fhonn a bhí air a íoc an uair sin fhéin.
 
Bhí sé ag strócántacht ag iarraidh imeacht ó mhaidin agus thug mé cead an bhealaigh dhó ar báillín. Nach raibh sé chomh maith dhom: d'íosfadh sé beo beithíoch istigh sa teach mé mura dtugainn cead dó imeacht.
 
beo 1
Bhí mo chuid éadaí agus mo chraiceann beo le sceartáin de bharr a bheith in mo luí sna raithneachaí. Tharraing mé ceann mór as mo cheathrú le strócántacht mhór.
 
bior
Cén sórt útamáil atá ar an gceann ar bior sin aríst. Dheamhan a féidir gur ag iarraidh an cliabhán a fhágáil atá sé, théis gur gearr ó bhí sé ag strócántacht go gcuirfí a chodladh é.
 
buail
Má airíonn tú do do bhualadh é (.i. an slaghdán srl.) níl le déanamh agat ach luí ar an toirt. Níl baol ar bith ort é a chur dhíot le strócántacht.
 
buil
Thálta (tharla) nach buil leis é a dhéanamh as a údarás fhéin, níl aon mhaith a bheith ag strócántacht leis.
 
aire
Dhá mbeadh aon duine agam a thabharfadh aire don chairt dom ar an bhFaiche Mhóir inniu, b'ait an lá óil a bheadh agam mar bhí Máirtín Rúnú ag strócántacht liom go dtugadh sé isteach mé (fc. strócántacht)
 
Tá sé ag strócántacht ag iarraidh ardú páí, rud nach bhfaighidh sé.
 
ith
Bhí sé ag strócántacht liom ag iarraidh orm a dhul ag ithe, ach dheamhan mo chos a d'ith aon ghreim ina dhiaidh sin — bhí sé ag cur iallach nó ag cur faoi deara dhom a dhul ag ithe, ach níor ith mé aon ghreim ainneoin sin
 
Tá caint mhór ag Sasana ar na dliteanais atá amuigh aici ar an tír seo, ach níl caint ar bith aici gur bhain sí amach ár gcuid talúna le créatúlacht, agus go bhfuil sí anois ag iarraidh orainn a íoc ar ais léithe. Déirce dhá chuid féin don amadán. Sea i nDomhnach. Is fir gan fuil iad muintir na hÉireann má thugann siad na hannuities di. Ach tá cuid acu ag strócántacht ag iarraidh a dtabhairt di. Muid féin a dhíol a chéile ariamh — ariamh sa saol
 
'Sé a bhí doiligh drochmhúinte nuair nár inis mé dhó go raibh mé ag teacht go ceann an bhóithrín. Thosaigh sé ag strócántacht liom ag iarraidh trí pínne eile a bhaint díom. 'Téirigh chun diabhail thú fhéin agus a bhfuil de bhusannaí déanta,' adeirimse, 'mura maith a gheofá go ngabhfainnse ag íoc airgid aríst leat'
 
Shílfeá nach mbeadh breith aige ó inniu go dtí amárach go dtéadh sé ann. Ag strócántacht chuile lá ag iarraidh imeacht nuair a chonaic sé na gearrbhodaigh eile ar fad ag dealú leo. Sin é a raibh ag cur síos leis — Sasana. D'imigh sé faoi dheireadh ar na drochóirí dhó féin. Ní raibh sé leathbhliain imithe — an duine bocht — nuair a maraíodh é … i gCoventry an t-am a raibh na haeroplanes ag caitheamh anuas. Níor frítheadh a dhubh ná a dhath ná a thuairisc ariamh. Buaileadh an shelter. Ní raibh mac an aoin bheo istigh ann nár cniogadh. Níor frítheadh a gcnámha féin.