Nualitriú
Bunlitriú
cosnochtaithe
—fc. cosnocht
cosnochtaithe in iontrálacha eile (25)
+
D'imíodh chuile dhuine cosnochtaithe fadó.
TUILLEADH (23) ▼
Bhíodh chuile ghasúr fadó cosnochtaithe go mbídís suas ina bhfir, agus thairis. Ach tá siad chomh goilliúnach anois agus nach bhfuil siad in ann imeacht cosnoctaithe sa samhradh fhéin.
Tá sé luath agat imeacht cosnochtaithe agus nach dtáinig Máirtín na nGág chor ar bith fós.
Is beag an dochar dhó oighreachaí fhéin a bheith air — duine ar bith atá cosnochtaithe ar an aimsir seo.
Is minic le lucht na dtamhnach sin a bheith cosnochtaithe. Dheamhan bróg a bhíonns orthub sin leath na gcuarta. Cén ghnaithe a bheadh de bhróga acub ag spágáil thrí phuiteachaí.
Ní bhfuair mé ann ach cupáinín tae cosnochtaithe — cupán tae ar a aghaidh fhéin; cupán tae tur; cupán tae gan tada leis. Deireann lucht an bhéarla sa mbreacGhaeltacht — "a bare-footed cup of tea."
Níor shú salúin i mbéal bulláin domsa an cupán tae cosnochtaithe sin agus an gearradh ocrais a bhí orm an tráth céanna.
I nDomhnach nuair a thairg sí dhom an cupáinín tae cosnochtaithe, shantaigh mé é a bhualadh faoin smut uirthi. Is minic nach a taobh leis an gcomaoin sin a ligeadh amach as seo í fhéin. Ach ní bhíonn cuimhne ar an arán a hitear, adeir siad.
Nach í atá gortach murar thug sí dhuit ach cupáinín tae cosnochtaithe agus a fhusacht di cupla ubh nó greim feola a chaitheamh síos duit, agus fios aici go raibh aistear fada ort.
Ní ligfeadh an chruas di ariamh thar chupáinín tae cosnochtaithe a thabhairt d'aon duine dhá mbeadh ag obair aici, agus ba mhór an carghas léithe an méid sin fhéin.
Tuilleadh diabhail aige anois mura bhfuil S. dhá bhaint siar as — é ag cur a sceadamáin amach ansiúd thuas ag obair dó ar scilling sa ló agus cupáinín tae cosnochtaithe.
Nach í a chuimil sop na geire dhaoibh má bhain sí hocht bpínn déag amach ar chupáinín tae cosnochtaithe, agus é sin fhéin chomh lag leis an uisce is dóigh!"
Diabhal an féidir gur fataí cosnochtaithe a fuair sibh! Ar ndóigh thug sí braon bainne nó bealaíocht eicínt dhaoibh leob.
Sin é a bhfuil agat anois muise le do shuipéar fataí cosnochtaithe, agus cuir tú fhéin an fata beag leis an bhfata mór. Bhí muid chomh cruógach ó mhaidin inniu agus nár fhéad aon duine sroicheachtáil chuig an siopa i gcoinne cupla scadán.
Dheamhan ar mhiste dhuit dhá leagtaí na fataí sin cosnochtaithe fhéin chugat, tá siad chomh gáireach sin.
Muise ba fataí cosnochtaithe iad, scáth a raibh ina n-aice — scadán caoch!
Is olc an bheatha ag sclábhaí fataí cosnochtaithe, agus iad sin fhéin faoi dhó sa ló.
Cén chaoi a dtaitneodh sé leat fataí cosnochtaithe a fháil dhá cheann de ló mar a bhí ann nuair a bhí mise ag éirí suas? Agus chaithfeá dhá uair oibre a bheith déanta agat ar maidin sula bhfaightheá na fataí fhéin!
Is beag an mheas a bheas aige siúd ar bhéile fataí cosnochtaithe, agus an chleachtadh atá aige ar bheadaíocht agus bealtaíocht a fháil sa mbaile.
B'éigean dom béilí cosnochtaithe a ithe. Is deas an chaoi ar thalmhaí é sin théis a lá oibre.
M'anam gurb é atá dhá bhaint as a chleachtadh, fear nach raibh aige sa mbaile ach cupla fata a ithe cosnochtaithe!
Is fhearr an bainne géar fhéin ná dhul dhá bplacadh suas cosnochtaithe.
Dhá laghad anlann dá mbeadh ag duine le na fataí, b'fhearr é ná iad a bheith cosnochtaithe amach is amach. Is beag den bhealaíocht is fhearr ná an turaíocht, adeir siad.
Níl aige, an duine bocht, ach béilí cosnochtaithe.
→
díogha
D'fhéadfá sin a rá. 'Siad an díogha dháiríre iad. An té atá i gcleithiúnas na gclogs sin, b'fhearr dó imeacht cosnochtaithe. Dá n-imíodh duine sna boinn, is gearr go mbeadh sé taithithe air. An bhfeiceann tú na daoine a bhí anseo fadó. Fear sé nó seachráin a mbíodh bróig ar bith air agus nach acu a bhíodh an tsláinte. Is beag na scoilteachaí a bhíodh dhá gcraplú, ní hé fearacht an dream atá anois ann é