—
galamaisíocht; floscaí; ligean amach; mionghaisce; caint nó nathaíocht nach mbeifí a iarraidh; gnaithí, a iomarca a bheith le déanamh ag duine (gnaithí gan iarraidh).
+–
Tá an iomarca cóipíse ar fad agat.
Do dhá dhíol cóipíse atá agat
TUILLEADH (30) ▼
Murach a bhfuil de chóipís aige, dheamhan locht ar bith a bheadh air, ach mhearódh sé thú amantaí. Cén bhrí ach dheamhan acmhainn aige fhéin tada a rá leis — níl sin.
Tá Seán sin chomh bastallach agus an oiread cóipíse aige, agus go gcuirfeadh sé fonn múisce ort a bheith ag éisteacht leis.
Tá an iomarca cóipíse agat ar fad. Thiocfá le cuid is lú ná sin go mór.
Is gránna an rud duine a mbíonn an iomarca cóipíse aige.
Tá an oiread cóipíse agus floscaí aige, agus go mbeifeá tuirseach ag éisteacht leis in aon leathuair amháin. Sháraigh sé muid aréir, ag inseacht dhúinn céard a rinne sé le seachtain.
Má thugann tú aird ar a chuid cóipíse sin, is gearr go mbeidh tú chomh dona leis fhéin. Cluais (cluas) bhodhar a bhí agat a thabhairt dó.
Lig de do chuid cóipíse anois, arae níl aon duine ag tabhairt airde ort.
Ar an gcóipís sin anois a chaith sé an oíche aréir. Is mór dhá fhonn a bhí orm scriostaí buailte a thabhairt dó as a dheireadh.
Fhóbair gur phléasc mé ag éisteacht lena chuid cóipíse — is beag nár tháinig taghd orm, agus nár ionsaigh mé é, de bharr go mb'éigean dom éisteacht lena chuid gaisce agus galamaisíochta.
Cá bhfuair sé an chóipís ar fad?
Maidir le cóipís, is aige atá a tabhairt amach. Dheamhan a leithide a chonaic mise ariamh in mo shaol.
B'fhéidir go mb'fhearr duit gan a leath oiread cóipíse a bheith agat. Má chloiseann t'athair thú, beidh sé leat.
Dheamhan aithne air nach ndéanfaidh an chóipís sin maith dhó, agus gurb éard atá chuile dhuine ag magadh faoi fúithi.
Ba chóra dhuit go mór do bhéal a choinneáil ar a chéile, agus gan leath an oiread cóipíse a bheith agat agus atá agat.
Nach ábhailleach an peata thú! Tá do dhá dhíol cóipíse agat ar fad.
Is fada mé ann ag éisteacht le cóipís uait ach tá m'fhoighid caite leat faoi dheireadh.
Murach an éisteacht a gheall Dia dhom, is fadó an lá a mharóinn thú. B'fhéidir go n-éireofá as do chuid cóipíse ansin!
Is diabhaltaí an éisteacht atá aige lena cuid cóipíse. Dhá mba fear eile é, déarfadh sé léithe a béal a dhúnadh.
Chuirfeadh Seán céanna cosa beaga faoi na glasógaí le teann cóipíse agus floscaí. Go bhfóire Dia ar aon duine a chaithfeas éisteacht leis ar an gceird siúd!
Bheadh an teach ceart murach a bhfuil de chóipís agatsa. Dheamhan cor a bheadh in aon dhuine eile de na gasúir.
Cén somhaoine dhuit a bheith ar chóipís den tsórt sin. Ní thabharfaidh aon duine lá aird' ort.
Dheamhan grásta ar bith ar fhéin ná ar a chuid cóipíse anseo. Dá bhfanadh sé amuigh lena ló, ní chuirfí aon fhios air, ná cuid de chur.
Thú fhéin ba(s) ciontaí má fuair tú faoi na foraí é. Breá nár éist tú le do chuid cóipíse. Dhá laghad dhá ndéana tú ná dhá n-abraí tú anseo, is amhlaidh is fhearr dhuit fhéin é a mhic ó.
Ní thaitneodh a chuid cóipíse sin chor ar bith liom. Tá an iomarca le rá agus le déanamh ar fad ag an gceann céanna.
Nár nuacha Dia dhó le cóipís a bheith air! Fhóbair gur chuir sé an teach thrí na chéile orainn.
Cóipís uileag é T. Mh. sin. Is mór thar a phaidreachaí atá ag cur imní air.
Níor mhaith dhuit a bheith ina thimpeall chor ar bith. Tá an oiread cóipíse aige, agus go dtarraingeodh sé in achrann thú gan moill ar bith.
Dar príosta muise, chuaigh sé fhoisceacht mbeannaí Dia dhó é a fháil garbh aréir faoina chuid cóipíse.
Tarraingeoidh do chuid cóipíse an mí-ádh ort, ó fhada go dtí é. Breá nach ndéanfá foras agus scíth eicínt a thabhairt do do theanga ar nós chuile dhuine eile.
Tabharfaidh mise luach a chuid cóipíse dhó go gairid, feicfidh tú fhéin air. Tá mé thar bharr mo chéile ag an diabhlánach.