Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Cóipís
ainm-fhocal: baininscneach
tuiseal gein. uathaidh — cóipíse.
gailimaisidheacht; floscaí; leigean-amach; mion-ghaisce; cainnt nó nathuidheacht nach mbeithí a iarraidh; "gnaithí" "an iomarca a bheith le deanamh" ag duine (gnaithí gan iarraidh).
+
Tá'n iomarca cóipís' ar fad agad.
Do dhá dhíol cóipís' atá aghad
TUILLEADH (30) ▼
Marach a bhfuil de chóipís aige, dheamhan locht a' bith a bheadh air, ach mhearóchadh sé thú amanntaí. Cé'n bhrigh ach dheamhan acmhúinn aige fhéin tada a rádh leis — níl sin.
Tá Seán sin chomh bastalach a's an oiread cóipís' aige, a's go gcuirfeadh sé fonn múisc' ort a bheith ag éisteacht leis.
Tá an iomarca cóipíse aghad ar fad. Thiocfá le cuid is lugha ná sin go mór.
Is gránna an rud duine 'mbíonn an iomarca cóipíse aige.
Tá an oiread cóipíse a's floscaí aige, a's go mbeitheá tuirseach ag éisteacht leis in aon-leath-uair amháin. Sháruigh sé muid aréir, ag innseacht (dh)uinn, céard a rinne sé le seachtmhain.
Má thugann tú áird ar a chuid cóipíse sin, is gearr go mbeidh tú chomh-dona leis fhéin. Cluais (cluas) bhodhar a bhí aghad a thabhairt dó.
Leig de do chuid cóipís' anois, arae níl aonduine a' tabhairt áirde ort.
Ar a' gcóipís sin anois a chaith sé an oidhche aréir. Is mór dhá fhonn a bhí orm, scriostaí buailte a thabhairt dó as a dheire.
Fhobair gur phléasc mé ag éisteacht le na chuid cóipíse = is beag nar tháinic taghd orm, a's nar ionnsuigh mé é, de bharr go mb'éigean dom éisteacht le na chuid gaisce, a's gailimaisidheachta.
Cá bhfuair sé an chóipís ar fad?
Maidir le cóipís is aige atá a tabhairt amach. Dheamhan a leithide a chonnaic mise ariamh in mo shaoghal.
B'fhéidir go mb'fhearr duit gan a leath oiread cóipís' a bheith agad. Má chloiseann t'athair thú, beidh sé leat.
Dheamhan aithne air, nach ndeanfa an chóipís sin maith dhó, a's gurab éard atá 'chuile dhuine a' magadh faoi fúithe.
Ba chóra dhuit go mór do bhéal a choinneál ar a chéile, a's gan leath an oiread cóipíse a bheith agad a's atá aghad.
Nach ámhuilleach a' peata thú! Tá do dhá dhíol cóipíse aghad ar fad.
Is fada mé ann ag éisteacht le cóipís uait, ach tá m'fhoighid caithte leat faoi dheire.
Marach an éisteacht a gheall Dia dhom, is fadó an lá a mharbhóchainn thú. B'fhéidir go n-eireochthá as do chuid cóipís' annsin!
Is diabhaltaidhe an éisteacht atá aige le na cuid cóipíse. Dhá mbadh fear eile é, déarfad sé léithe a béal a dhúnadh.
Chuirfeadh Seán céadna cosa beaga faoi na glasógaí, le teann cóipíse a's floscaí. Go bhfoire Dia ar aon-duine a chaithfeas éisteacht leis ar a' gceird siúd!
Bheadh a' teach ceart marach a bhfuil de chóipís agadsa. Dheamhan cor a bheadh in aon-dhuine eile de na gasúir.
Cé'n samhaoine dhuit a bheith ar chóipís de'n tsórt sin. Ní thiubharfa aon-duine lá áird' ort.
Dheamhan grásta a' bith ar fhéin ná ar a chuid cóipíse annseo. Dá bhfanadh sé amuigh le na ló, ní chuirfí aon-fhios air, ná cuid de chur.
Thú fhéin ba'(s) cionntaighe má fuair tú faoi na for(b)aí é. Breagh nar éist tú le do chuid cóipís'. Dhá laghad dhá ndéana tú ná dhá n-abruighe tú annseo, is amhla is fhearr dhuit fhéin é, a mhic ó.
Ní thaithneochadh a chuid cóipíse sin chor a' bith liom. Tá'n iomarca le rádh a's le déanamh ar fad ag a' gceann céadna.
Nar nuacha Dia dhó le cóipís a bheith air! Fhobair gur chuir sé an teach thrídh na chéile orainn.
Cóipís uileag é T. Mh. sin. Is mór thar a phaidreachaí atá a' cur imnidhe air.
Níor mhaith dhuit a bheith in a thimcheall chor a' bith. Tá'n oiread cóipís' aige, a's go dtarraingeochadh sé in achrann thú, gan moill a' bith.
Dar príosta muise, chuaidh sé 'fhoisceacht 'mbeannuighe Dia dhó é 'fhaghail garbh aréir faoi na chuid cóipís'.
Tarraingeocha do chuid cóipíse, an míádh ort, ó fhada go dtí é. Breagh nach ndéanfá forus, a's scíth eicínt a thabhairt do do theanga, 'nós 'chuile dhuine eile.
Tiubharfa mise luach a chuid cóipíse dhó, go goirid, feicfe tú fhéin air. Tá mé thar bharr mo chéile ag a' diabhlánach.

Cóipís in iontrálacha eile (1)

 
díol 2
Tá a dhá dhíol talmhana ar fad faoi. Níor thaithnigh a chuid cóipís ariamh liom.