Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
cúileann
·
Tá sé ag dul ag pósadh adeir tú. Cé hí an chúileann? — an bhean; an phlandóg
'Sé an chaoi a mbíonn sé, níl bean sheasta ar bith aige ach a speal a bhaint as chuile chúileann

cúileann in iontrálacha eile (2)

 
B'fhéidir go mbuailfeá fhéin faoi chúileann fáinneach eicínt a mbeadh a cuid gruaige ina fháinní aice
 
Is maith gasta a dheasódh sé isteach le pionta pórtair dá leagtaí ina mhínis (fhianais) é, agus ní gasta ná a dheasódh sé suas le cúileann mná