Nualitriú
Bunlitriú
fairsingeacht
—fc. fairsinge
Féach freisin
fairsingeacht in iontrálacha eile (18)
→
foláir
Níorbh fholáir do dhuine fairsingeacht réasúnta talúna a bheith aige do chaoirigh. Sliabh a d'fheilfeadh ceart iad
→
catóg
Ainneoin go bhfuil fairsingeacht aige, dheamhan de rath le cuid mhaith den talamh. Garráin agus catógaí é fré chéile.
+
→
fónamh
"Is fhearr an fhairsinge ná ar fónamh"; "is fearr fairsingeacht ná ar fónamh" — is fhearr go leor de dhrochrud ná beagán de rud maith; quantity is better than, or preferable to, quality
TUILLEADH (1) ▼
Níl iontu sin ach fataí muc. Tá méid iontu ceart go leor, ach cén mhaith méid nuair nach bhfuil siad le n-ithe. Ach is fhearr libhse fairsingeacht ná ar fónamh
+
Níl gair ar bith aige ar mo chrósa le fairsingeacht
TUILLEADH (10) ▼
Tá fairsingeacht mhór faoi chrainnte aige ansiúd
Is gearr nach mór fairsingeacht a ligean (a chur ar) leis an reilig siúd
Tá fairsingeacht trí gharraí ansin thuas acu (beithígh) agus ní beo iad ina dhiaidh sin go dté siad i mbradaíl — the extent of …
Tá fairsingeacht an tí seo faoi — tá sé chomh mór leis an teach seo
Tá fairsingeacht sléibhe acu (cimín, cladaigh srl.) — tá go leor sléibhe srl. acu
Tá fairsingeacht an tsaoil mhóir de thalamh muirbhigh in Árainn
Tá fairsingeacht an bhaile seo ar fad in aon pháirc amháin dhá bhfuil ann
Tá mo sheaicéad ag dul chun fairsingeacht — ag méadú
Go mbuanaí Dia fairsingeacht bídh agaibh! — buíochas as ucht bídh i dteach strainséara; go méadaí Dia chuile shórt ar fheabhas agaibh
M'anam gur theastaigh an béilí sin uaimse, go mbuanaí Dia fairsingeacht bídh agaibhse!
→
dlúsúil
Hé brí céard a dhéanfas tada, níl rud ar bith chomh dlúsúil leis an tae. Dhá dteagadh fairsingeacht ar an tae, diabhal mé go mba mhór an leas do na daoine. Tá an tae an-spreagúil
→
droim
Ar an dá luath is a mbeidh an cogadh thart a mhic ó, cuirfear an mhóin de dhroim seoil aríst. Meas tusa an mbeidh lucht bailte móra sásta móin a cheannacht aríst ach a dteaga fairsingeacht ar an ngual. Diabhal baol ina gcraiceann orthu. Níl ann ach a (an mhóin) tapú anois chomhuain is atá pínneachaí beaga dhá barr
→
díon 1
Cuireann siad díon ar an móin in áiteacha eile, ach ní anseo é. Is dóigh gur áiteacha iad sin atá gann faoi mhóin. In áiteacha a bhfuil fairsingeacht di, ní bhíonn aon chion uirthi