Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fealladóir
ainmfhocal
deir corrdhuine feálladóir
'sé gníomhaire an fhaltanais é, nó an té a bhfuil an faltanas, an t-olc, an aicis, nó an rún díoltais ann; duine a dhéanfadh feall, a chlisfeadh ort srl.
+
Is fealladóir ceart é. D'fhága sé ansin muid nuair a tháinig an gábh orainn
Sin fealladóir a mhic ó. Má tá olc ná aicis aige sin duit, ní maith an cúnamh duit é. Íocfaidh tú ann
TUILLEADH (2) ▼
Is fealladóir de sclamhaire bhradach é S. sin. Ní clú ar bith dhó an cleas a rinne sé an oíche faoi dheireadh
Duine ar bith nach dtiocfadh ag cosaint a chomharsan, agus é i ngéarchall mar sin, agus dhá bhualadh, níl ann ach fealladóir