Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
feighil
foghar: foghar Chonamara sa mbriathar beidh ar bhfeighil
ar bhfeighil: ionann is; i ndáil; i ngeall le; ar na pointí; fhoisceacht mbeannaí Dia dhá bheith.
a.
+
Tá sé ar bhfeighil a bheith réidh — tá sé ionann is réidh anois
Tá an garraí coirce ar bhfeighil a bheith bainte aige anois. Tabharfaidh an lá inniu cúnamh maith air má sheasann sé tirim.
TUILLEADH (6) ▼
Tá an mhóin ar bhfeighil a bheith cruachta aige. Is ait a chruthaigh sé agus é leis fhéin, gan duine ná deoraí a chúnamh dhó i gcaitheamh na bliana.
Tá muid ar bhfeighil a bheith anois (an t-earrach a bheith curtha). Dhá bhfaigheadh muid cupla lá eile, bheadh iarracht maith againn air.
Tá an lucht fheamainne ar bhfeighil a bheith ídithe. Ní mórán leis an gcúilín thiar a thabharfas sí léithe. Is beag an drabhlás í feamainn Chonamara sin ina dhiaidh sin (lucht feamainne a ceannaíodh as Conamara, agus bhí sí ionann is ídithe)
Tá na seanfhataí ar bhfeighil a bheith caite againn faoi dheireadh. Ach shíl mé nach mbainfeadh muid leath chomh fada astub.
Tá sé ar bhfeighil a bheith ina dhochtúr anois ach níl a chuid dintiúirí amach is amach fós aige. Más leis aon rath a dhéanamh go deo, tá sé in am aige feasta.
Tá an fómhar ar bhfeighil a bheith craptha anois agam. Dhá mbeadh na cupla luascáinín féir atá i mbarr an bhaile tarlaithe isteach, d'fhéadfainn a dhul ag baint na bhfataí.
b.
+
Tá sé ar bhfeighil a ghnaithí — tá sé os cionn a chuid oibre; tá iarracht maith aige ar an gceann oibre atá sé a dhéanamh nó tá sé i ndáil le réidh aige.
Nach é a bhíonns ar bhfeighil a ghnaithí i gcónaí, ach is dhó is fusa ó fhéadann sé fir fánaí a íoc.
TUILLEADH (3) ▼
Má tá tú ionann is réidh leis an gcoirce, tá tú ar bhfeighil do ghnaithí.
Bheinn ar bhfeighil mo ghnaithí anois dhá mbeadh na cupla boirdín ithreach atá sa ngarraí sin thiar spréite agam.
Is mór is fiú do dhuine bheith ar bhfeighil a ghnaithe.

feighil in iontrálacha eile (2)

 
Tá an madadh sin drithleach ar fad ó thosaigh an cuthach sin — na fits — ag teacht air. Is gearr uaidh ruaig eile dhíobh muise. Aithneoidh tú air é, nuair a bheas siad ar bhfeighil a theacht air. Bíonn sé ag imeacht drithleach ar fud na sráide gan cónaí a dhéanamh in áit ar bith. Bíonn na súile an-ghlórach aige freisin
 
druid 2
Doirt amach ón gclaí sin. Tá sé ar bhfeighil titim