—
a.
éadach; gléas, culaith.
+–
Is deas an feisteas atá uirthi — culaith éadaigh; costume
Is mór an spóirt an feisteas a chonaic mé ar inín Mh. inné
TUILLEADH (9) ▼
Nach air atá an feisteas farraige — éadach farraige
M'anam gur feisteas sagairt atá air siúd, bíodh sé amhlaidh nó ná bíodh
Ní raibh sé ina bhocaileá ariamh ag breathnú nó gur chuir sé an feisteas siúd air féin
Dhá mbeadh aon fheisteas ceart ar na cruacha sin agam, ghabhfainn ag baint scoilb cupla lá — díon agus súgáin agus iad sceacháilte suas srl.
An bhfuil an capall sin i bhfeisteas agat? — feistithe; úmaithe
Tá feisteas sa mbaile seo thoir — gléas, éadaigh breá; faisiún
Ar ndóigh ní chuig an aifreann a ghabhfá sa bhfeisteas sin. Dheamhan náire ar bith fanta ionat más ea
Tá sé ag imeacht gan feisteas ar bith anois — drochéadach air
Thiocfadh sí le feisteas nach mbeadh leath chomh scanraithe
b.
cóiriú, ullmhúchan, fostú, ceangal srl.
+–
Is teach é a bhfuil feisteas air — gléasta amach, deisithe
Diabhal feisteas ceart orm fós le dhul ag baint (mhóna). Tá glaicín fheamainn tirim le cocadh agam agus … — níl mé faoi réir
TUILLEADH (1) ▼
Nach é a chur an feisteas achrainn air fhéin! — stiúir, cosúlacht
feisteas in iontrálacha eile (4)
→
beart
'Deirtear culaith éadaigh agus feisteas éadaigh, agus beart a bhíodh ar rud ar bith a chaithfeadh duine' (Béal Beo lch 168). Níl beart sa gcaint anois ar éadaigh
+
→
diogáil
Ar chuala tú ariamh faoin gcailín Domhnaigh. Sin í an cailín Domhnaigh ar chaoi ar bith: dhá diogáil agus dhá déanamh féin suas ó mhaidin go faoithin. Ní hé an feisteas a fheiceas tú ar maidin uirthi a bhíos uirthi tráthnóna. Ba chóra di go mór a mhaisce, luaith bhuí na seachtaine a chur den teallach ná bacadh lena cuid cóirí catha agus coatyarms(coat of arms). Dhá fheabhas dá saothraíonn sí é, tá sé ag cinnt uirthi aon fhear a fháil ina dhiaidh sin
TUILLEADH (1) ▼
An bhfuil a fhios agat an áit deiridh a bhfaca mé é féin agus a chuid cóitíní: thuas i mullach carr féir agus é dhá ghiogáil thoir ar an bhFaiche Mhóir. Bhí mo choinsias, agus 'sé a bhí cruógach. D'fheicfeá a ioscadaí agus a mhásaí leathmhíle uait, an áit a raibh stolladh maith ann. Bail an diabhail air nach gcaithfeadh na streachláin siúd dó (de) agus feisteas gnaíúil eicínt a chur air féin
Is furasta aithinte uirthi gur Poncán í. An bhfeiceann tú a bhfuil de dhéanamh suas uirthi. Nach mbainfeadh an feisteas sin an t-amharc as do shúil