—
a.
éadach; gléas, culaith.
+–
Is deas an feisteas atá uirre = culaith éadaigh; costume
Is mór an spóirt an feisteas a chonnaic mé ar inín Mh. inné
TUILLEADH (9) ▼
Nach air atá an feisteas farraige = éadach farraige
M'anam gur feisteas sagairt atá air siúd, bíodh sé amhlaidh nó ná bíodh
Ní raibh sé in a bhocaileá ariamh ag breathnú, nó gur chuir sé an feisteas siúd air féin
Dhá mbeadh aon-fheisteas ceart ar na cruacha sin agam, ghabhfainn ag baint scoilb cupla lá = díon agus súgáin, agus iad sceacháilte suas agus rl.
An bhfuil an capall sin i bhfeisteas agad? = feistithe; úmuithe
Tá feisteas san mbaile seo thoir = gléas, éadaigh breá; faisiún
'Ar ndú ní chuig an Aifreann a ghabhfá san bhfeisteas sin. Dheamhan náire ar bith fanta ionad má sea
Tá sé ag imeacht gan feisteas ar bith anois = droch-éadach air
Thiocfadh sí le feisteas nach mbeadh leath cho scanruithe
b.
cóiriú, ollmhachan, fastú, ceangal agus rl.
+–
Is teach é a bhfuil feisteas air = gléasta amach, deisithe
Diabhal feisteas ceart orm fós le dhul ag baint (mhóna). Tá glaicín fheamainn tirm le cocadh agam, agus … níl mé faoi réir.
TUILLEADH (1) ▼
Nach hé a chur an feisteas achrainn air fhéin! = stiúir, cosúlacht
Feisteas in iontrálacha eile (4)
→
beart
'Deirtear culaith éadaigh a's feisteas éadaigh, a's beart a bhíodh ar rud a' bith a chaithfeadh duine (Béal Beo l. 168). (níl beart sa gcainnt anois, ar éadaigh)
+
→
diogáil
Ar chuala tú ariamh faoi'n gcailín Domhnaigh. Sin í an cailín Domhnaigh ar chaoi ar bith: dhá díogáil agus dhá déanamh féin suas ó mhaidin go faoithin. Ní hé an feisteas a fheiceas tú ar maidin uirre a bhíos uirre trathnóna. Ba chóra di go mór a mhaisce, luath bhuidhe na seachtaine a chur de'n teallach ná bacadh len a cuid cóirí catha agus "coatyárms" (coat of arms). Dhá fheabhas dá saothruigheann sí é, tá sé ag cínnt uirthe aon-fhear a fháil in a dheidh sin
TUILLEADH (1) ▼
An bhfuil a fhios agad an áit deire a bhfaca mé é féin agus a chuid cóitíní: thuas i mullach carr féir agus é dhá ghíogáil thoir ar an bhFaithche Mhóir. Bhí mo choinsias, agus 'sé a bhí cruadhógach. D'fheicfeá a ioscadaí agus a mhásaí leath-mhíle uait, in áit a raibh stolladh maith ann. Bail an diabhail air nach gcaithfeadh na striochláin (streachláin) siúd dó (de) agus feisteas gnaoidheamhail eicínt a chur air féin
Is furasta aithinte uirre gur Punncán í. 'Bhfeiceann tú a bhfuil de dhéanamh suas uirre. Nach mbainfeadh an feisteas sin an t-amharc as do shúil