feitheamh
—
fanacht; fuireacht.
+–
'Sé feitheamh an tsionnaigh ar mhagarlaí an tairbh é; 'sé feitheamh an tsionnaigh ar rioball an asail é (níor chuala mé féitheamh = fanacht, ach mar seo) — fanacht fada fánach; fanacht gan tada dhá bharr; a bheith ag forcamhás i bhfad ar rud agus gan ceo a bheith de bhrabach agat air sa deireadh. Deirtear go raibh sionnach ann lá brothallach agus go bhfaca sé tarbh i bpáirc in ucht an lae. Bhí an-ghrian ann, agus bhí magarlaí an tairbh an-bhealaithe agus an-tsínte ag an teas. D'fhan an sionnach mar a bhí sé ag tnúthán go dtitfidís anuas as pointe ar bith. D'fhan mar sin go dtí ardtráthnóna gur mhaolaigh an ghrian agus an teas. Chrap troscán an tairbh suas. Sin é an uair a d'imigh an sionnach go diomúch dó féin ar thóir fáitill eicínt eile. Is cosúil nach bhfuil sa dara leagan — feitheamh … ar rioball an asail — ach athrú cuibhiúil ar an gcéad leagan
Sin é anois, i gcead an chomhluadar, feitheamh an tsionnaigh ar mhagarlaí an tairbh aige sin a bheith ag súil le talamh an uncail. Dheamhan fód dó a shaothrós sé lena ló. Séard a dhéanfas an t-uncail ar ball é a dhíol ar fad
TUILLEADH (4) ▼
M'anam gurbh é feitheamh an tsionnaigh ar mhagarlaí an tairbh dhuit a bheith ag fanacht le ól uaidh sin. Níor thug sé sin deoir do Dhia shúlach ariamh. Ba bheag an baol air. Is mó ná sin an chion atá aige ar a chuid airgid
Má bhíonn tú ag fanacht go bhfaighe tú faill anoir anseo air sin, sé feitheamh an tsionnaigh ar mhagarlaí an tairbh agat é. Dheamhan a chos sin a chuirfeas a chloigeann anoir thar bhéal an bhóthair sin an dá lá agus a bheas sé beo
Ba é feitheamh an tsionnaigh ar mhagarlaí an tairbh aige é. Tá mé ceapadh gur sách bréan dó féin a d'imigh sé faoi dheireadh thiar. Chonaic sé nach raibh aon mhaith dhó ann
Má fhanann sé go ndéantar bóthar ansin muis, tá faitíos orm go mbeidh sé ina fheitheamh an tsionnaigh ar mhagarlaí an tairbh aige. Nonsense!
feitheamh in iontrálacha eile (2)
→
foragás
Bhí sé ina shuí thoir ar fhoragás na fuinneoige tigh J. Sh. Dh. ar feadh an lae ag tnúthán go n-iarrfadh duine eicínt isteach ag ól é. Ach ba é feitheamh an tsionnaigh ar mhagarlaí an tairbh aige é, dar liom féin
Más ag forcamhás ar thalamh an uncail atá sé muis, tá faitíos orm gurb é feitheamh an tsionnaigh ar mhagarlaí an tairbh aige é, mar adeir an ceann eile. Tá sé chomh dóigh go bpósfaidh an t-uncail siúd aríst. Fear luath láidir é