Féithiú (féitheamh?)
—
fanacht; fuireacht.
+–
Sé féithiú an tsionnaigh ar mhagarlaigh an tairbh é; sé féithiú an tsionnaigh ar rioball an asail é (níor chuala mé féitheamh, féithiú = fanacht, ach mar seo) = fanacht fada fánach; fanacht gan tada dhá bharr; a bheith ag forcamhás i bhfad ar rud, agus gan ceo a bheith de bhrabach agad air san deireadh. Deirtear go raibh sionnach ann lá brothallach, agus go bhfaca sé tarbh i bpáirc in ucht an lae. Bhí an-ghrian ann, agus bhí magarlaigh an tairbh an-bhealuithe agus an-tsínte ag an teas. D'fhan an sionnach mar bhí sé ag tnuthán go dtuitfidís anuas as puinnte ar bith. D'fhan mar sin go dtí árdtrathnóna, gur mhaoluigh an ghrian agus an teas. Chrap troscán an tairbh suas. Sin é an uair a d'imigh an sionnach go diomúch dó féin ar thóir fáitill eicínt eile. Is cosúil nach bhfuil san dara leagan — "féithiú … ar rioball an asail" — ach athrú cuibhiúil ar an gcéad-leagan
Sin é anois i gcead an chomhlódar féithiú an tsionnaigh ar mhagarlaigh an tairbh aige sin a bheith ag súil le talamh an uncail. Dheamhan fód dó a shaothrós sé len a ló. Séard a dhéanfas an t-uncail ar ball é a dhíol ar fad
TUILLEADH (4) ▼
M'anam gurbh é féithiú an tsionnaigh ar mhagarlaigh an tairbh dhuit a bheith ag fanacht lé ól uaidh sin. Níor thug sé sin deoir do dhiaúlach ariamh. Ba bheag an baol air. Is mó ná sin an chion atá aige ar a chuid airgid
Má bhíonn tú ag fanacht go bhfagha tú fáill anoir annseo air sin, sé féithiú an tsionnaigh ar mhagarlaigh an tairbh agad é. Dheamhan a chos sin a chuirfeas a chloigeann anoir thar bhéal an bhóthair sin an dá lá agus a bhéas sé beó
Ba é féithiú an tsionnaigh ar mhagarlaigh an tairbh aige é. Tá mé ceapadh gur sách bréan dó féin a d'imigh sé faoi dheireadh thiar. Chonnaic sé nach raibh aon-mhaith dhó ann
Má fhanann sé go ndéantar bóthar annsin muis, tá faitíos orm go mbeidh sé in a fhéithiú an tsionnaigh ar mhagarlaigh an tairbh aige. Nonsense!
Féithiú in iontrálacha eile (30)
→
foilsigh
Ba deacair dóibh an t-ádh a bheith orra, go mba leó fhéin uainne é. Shíl siad go raibh siad in a rith seóil ceart críochnuithe anois. Bhí a dhá láimh timpeall ar an saol. Ach is ag Dia is fhearr a fhios. Foillsíonn Dia an chneamhaireacht agus an mí-scruball i gcomhnaí. Is fada ar an saol mé agus níl aon-lá ó tháinig cuimhne dhom nach h-amhla a fheicim é. Chuala tú an scéal faoin bhfear a chonnaic fear eile ag marú duine agus dhá chur ingan fhios. Mhionnuigh sé agus mhóidigh sé mara bhfoillsíodh Dia é, nach mbeadh aon-áird aige fhéin ar Dhia níos mó. D'fhan mar sin. Chonnaic sé go raibh an saol ag féithiú leis an té a rinne an marú … Sin é an chaoi a raibh sé. Bhí fear eile marbh cheana ag an té a maruíodh. Nach maith gur fhoillsigh Dia an choir sin!
→
freagair
Bíonn siad — na J.annaí — ag iarratas i gcomhnaí! Ba shin é a gceird ariamh fhéin. Nuair a bhí mise ar an mbaile sin, bhíodh muid sáraithe aca: gráinnín salainn, braon bláthaí, ioscaidín tae, uibhín chirce … M'anam gurb é atá ag féithiú leo muis. Den sonas a achainí, adeir siad, ach den donas a bheith dhá freagairt.
Dhá choitchiannta dhá mbíonn sé idteach an ósta muis, tá'n saoghal a' féithiú leis. Daighean mise go bhfuil an oiread bruighshléacht ar a theach a's bhí ariamh.
+
→
anachain
Is iomdha a leithide ariamh, nuair nach mbeadh an saoghal ag eirghe leis, a dhíolfadh amach a mbeadh aige, agus a ghreadfadh go 'Meiriocá. Ach ina leaba sin a' cruadhchan in aghaidh na h-anachain a bhíodh sé. Tá a shliocht air anois: tá'n saoghal a' féithiú leis dhá fhada go dtí é!
TUILLEADH (1) ▼
Níl a' saoghal a' féithiú linn, ní a' comhaireamh na h-anachain é = níl an saoghal ag eirghe linn, ní ceasacht ar Dhia é.
→
antlás
Dhá laghad an-tláis é, tá'n saoghal a' féithiú leis = níl sé ampludhach ná sanntach ná uathbhásach ag obair, agus aindeoin sin, tá'n oiread aige le duine a bheadh.
+
→
féithigh
Tá an ghaoth ag féithiú ó thuaidh = ag casadh ó thuaidh, ag iompú ó thuaidh; veering, slanting
TUILLEADH (11) ▼
Bhí an chú in a dhiaidh nó gur bhailigh siad an cnocán, agus chonnaic mé ag féithiú soir ar thalamh T. annsin iad. Tá mé ag ceapadh gur thug sé an eang leis
Caithfidh sí féithiú ó dheas nó go dtuga sí an leathbhord sin léithe. Cuirfidh sí an Ceann Fúithe den scríb seo
Tá an fhairrge ag féithiú ó thuaidh ag Rosamhíl. Tá ruibhéar mór fairrge annsin
Chuaigh bád aeir thart aréir muise, taca an dó dhéag. Ag féithiú soir adtuaidh a bhí sí. Bhí sí faoi throisleáin ar fad
Más lóchrann mótar é sin, is aisteach gur ag féithiú ó dheas atá sé. Sílimse gur léasán eicínt eile é
Ag dul siar díreach a bhí sí ar ball, ach tá sí ag féithiú isteach go hÁrainn anois. (bád).
Níl an saol ag féithiú linn faraor = tá an saol ag dul in ar n-aghaidh; tá an saol ag gabhailt dhá mhaidí orainn; níl ádh ná amhantar orainn
Dar fiadh ní ceart dó a bheith ag gearán chor ar bith. Tá an saol ag féithiú leis go maith. Nach maith an chiall ag daoine é a bhfuil díleághadh ar a gcuid, ní dhá roinnt leo é. Déarfá go mbeadh údar clamhsáin aca sin, agus gan aon-mhaith dóibh ann
Dar príosta dhá mbeadh a chuid ag féithiú cho maith le chuile dhuine agus atá sé leis sin, ní bheadh mórán ag casaoid. Dhá mba lachain a cheannódh sé, rithfidís leis. Is gránna an rud do dhuine mar sin a bheith ag ceasacht. Agróidh Dia air é, tús na Breithe Aige Féin!
An té nach mbíonn an saol ag féithiú leis, b'fhearr dó gan a láimh a chur idtada, mar nuair a theagas sé (an léan, an míádh) chor ar bith teagann sé in a dhíle. Feacha an duine bocht sin thíos
Bhí sruth agus gaoth leis go dtí an lá sin, ach ón lá sin anuas, níl an saol ag féithiú leis. Is olc an rud a dhul in aghaidh deá-chomhairle.
→
feadán
Ní mór dhaoib féithiú soir go maith thar ghob na locha. Tá cíocraí agus scrath ghlugair in aice na locha, agus fiodáin mhóra soir ann. Bíonn siad snámhta an t-am seo 'bhliain
→
foragás
Bhí sé in a shuí thoir ar fhoragás na fuinneóige tigh J. Sh. Dh. ar feadh an lae ag tnuthán, go n-iarrfadh duine eicínt isteach ag ól é. Ach ba é féithiú an tsionnaigh [ar mhagarlaí] an tairbh aige é, dar liom féin
Más ag forcamhás ar thalamh an uncail atá sé muis, tá faitíos orm gurb é féithiú an tsionnaigh ar mhagarlaí an tairbh aige é, mar adeir an ceann eile. Tá sé cho dóigh go bpósfaidh an t-uncail siúd aríst. Fear luath láidir é
→
fód
Lonnaíodh sé annsin, agus ná cuireadh rud ar bith as é. Sin é fód an tsáith dhó. Tá an saol ag féithiú leis ó a chuaigh sé ann
→
danra
Tá an saoghal dan(d)ra a mhic ó, an uair a thosuigheas sé ag gabhailt dá mhaidí ar dhuine. Daoine. Agus daoine eile a mbíonn sé ag féithiú leo mar adéarfaidís é. Sin é an chaoi
→
deachma
'Bhfeiceann tú an péire breagh muc a cailleadh ormsa, dhá bhliain indiaidh a chéile, ní ag comhaireamh na h-anachain é, ach sin é an chaoi a mbíonn sé. Go dtí sin, míle buidheachas le Dia bhí siad ag eirghe linn go maith, ach gheobhaidh an deachma a chuid féin uair eicínt … Ní fhéadfaidh an saoghal a bheith ag féithiú le duine ar a mhian féin i gcomhnuí
→
diaidh
Fuair tú amach an té a mbeadh gnaoidheamhlacht ann. Mo chreach mhaidne, is fadó a d'fhága sé in a dhiaidh a raibh de ghnaoidheamhlacht ag siubhal leis. Diabhal a raibh de chailleadh air shul a phós sé, ach bhí sé bocht an uair sin. Cho luath agus a thosuigh an saoghal ag féithiú leis, chaith sé an bhoigshíneadh in aer
+
→
droim
Céard atá orra má airigheann siad aon-phóilí ag teacht ach féithiú amach druim an chnuic, agus níl aon-ghoir breith orra, mara ndéanadh fear eolais é go díreach
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an saoghal ag féithiú leis thar cíonn, ach chuir bás a mhná de dhruim seoil é. Uaidh sin amach leig sé siléig is 'chuile shórt, agus dhíol sé an áit ar fad ins an deireadh. Is dóigh gurb é Sasana a thug sé air féin.